Mac Donncha ceaptha mar Leascheannaire RnaG

Tagann Mac Donncha i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire a ceapadh mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ le déanaí.

000471ca-180

Is é Gearóid Mac Donncha, as Béal an Daingin i gConamara, Leascheannaire nua RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Gearóid Mac Donncha ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2006 agus tá sé mar Cheannasaí Nuachta an stáisiúin faoi láthair.

Tá aithne fhorleathan air chomh maith  mar thráchtaire spóirt agus bíonn sé le cloisteáil go minic ag tráchtaireacht ar chluichí rugbaí ar TG4.

Bhuaigh sé gradam Bord Gáis d’iriseoir Gaeilge na bliana i 2009.

Tagann Mac Donncha i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire a ceapadh mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ le déanaí.

Fág freagra ar 'Mac Donncha ceaptha mar Leascheannaire RnaG'