Géarchéim RTÉ – níor cheart an t-asal a dhíol leis an adhastar

Go bunúsach, sé réiteach na faidhbe ná RTÉ a mhaoiniú mar sheirbhís phoiblí atá beag beann ar riachtanais thráchtála

Géarchéim RTÉ – níor cheart an t-asal a dhíol leis an adhastar

Ceapann a lán daoine gur dráma den scoth é an scannal le RTÉ agus na mílte ag tiúnáil isteach chuig éisteachtaí na gcoistí Dála faoin scéal.

Tá an pobal i gcoitinne le ceangal mar gheall ar an scéal: na ceisteanna móra faoi cén fáth gur íocadh airgead go rúnda le Ryan Tubridy, go dtí an leibhéal déistineach scannalach pá a íoctar leis ‘an Tallann’ (mar a thugtar ar na láithreoirí is mó le rá, an deichniúr ceiliúrán a fhaigheann na tuarastail is mó), go dtí eolas faoi chuntais bhabhtála is an beagnach €5,000 a caitheadh ar fhlip-fleapanna.

Ag an am céanna, tá daoine ag baint pléisiúir áirithe as an scéal, as a bheith ag breathnú ar na boic mhóra nach féidir leo cuimhneamh ar an tuarastal a fhaigheann siad, nach raibh a fhios acu céard a bhí ar siúl, is eile.

Tá dream na hoifigiúlachta ag rá go gcaithfear an mhuinín a fháil ar ais in RTÉ.  Ach, fan nóiméad. Cén mhuinín í sin?

Ó thaobh na nuachta dhe, ní dóigh liom gur féidir a rá gur thug Nuacht RTÉ cothrom na Féinne do Shinn Féin, abair, i gcaitheamh mblianta. Ná go gcaitear mar a chéile le hanailís eacnamaíochta ó dhearcadh na heite clé is a chaitear le tuairimíocht na heite deise.

Maidir le cogadh na hÚcráine, mar shampla, ní raibh ach uair amháin – is ba thrí thimpiste sin, measaim – a raibh saineolaí a sheas leis an Rúis sa gcogadh le cloisteáil, eadhon an t-eacnamaí Meiriceánach, Jeffrey Sachs.

Taobh na hÚcráine a bhí ann i gcónaí, i nGaeilge agus i mBéarla. Cé go bhfuil daoine ann a thabharfadh dearcadh eile faoin scéal,  coinnítear den aer iad.

B’fhéidir nach gcasaimse leis na daoine cearta, ach níl aon mhuinín ag go leor daoine as RTÉ, is bíonn siad ag brath níos mó ar na meáin shóisialta le heolas agus anailís a fháil.

Ní ceist mhuiníne é, ná ceist chultúir, ach nósmhaireacht a eascraíonn as meon na tráchtála a bheith i gcroílár chur chuige RTÉ.

Cuirtear iachall ar RTÉ freastal ar dhá thrá: seirbhís phoiblí craoltóireachta a chur ar fáil agus ag an am céanna a bheith in oiriúint do shaol na tráchtála.

Cultas na gceiliúrán, cuntais bhabhtála, málaí féiríní, turais in aisce go dtí cluichí móra spóirt nó ceolchoirmeacha – is cuid de shaol lucht rachmais earnáil na tráchtála iad.

Agus tugann na bainisteoirí is airde na tuarastail arda sin do na ceiliúráin chun go mbeadh údar acu tuarastail arda a thabhairt dóibh féin. Níonn gach lámh an lámh eile.

Is mó suim ag na polaiteoirí, den chuid is mó, ceapaim, i ndea-phoiblíocht a fháil dóibh féin ná mar atá acu i moltaí a dhéanamh le rudaí a chur ina gceart.

Agus fágann fearg an phobail go bhfuil  baol mór ann gurb í an tseirbhís phoiblí is mó a bheas thíos leis.

Tá seanfhocal ann a deir nach cóir an t-asal a dhíol leis an adhastar.  Is fiú cuimhneamh air sin nuair a chloistear daoine ag caint faoi dheireadh a chur le RTÉ ar fad, nó deireadh a chur leis an gceadúnas teilifíse.

Go bunúsach, sé réiteach na faidhbe ná RTÉ a mhaoiniú mar sheirbhís phoiblí atá beag beann ar riachtanais thráchtála.  Ciallaíonn sé go mbeadh i bhfad níos mó d’airgead poiblí ar fáil do RTÉ agus iachall orthu dá réir an bhéim a leagan ar chláir a chothaíonn an cultúr dúchasach is a thugann an dá thaobh den scéal ar cheisteanna eacnamaíochta is polaitíochta.

Sin athrú ó bhun go barr ar RTÉ.

Is tá an ceart ag na ceardchumainn sa stáisiún nuair a deir siad go bhfuil níos mó airgid ag teastáil le cláracha a dhéanamh – cláracha, abair, den chineál a chuireann TG4 amach. Tá i bhfad fad níos lú airgid ag TG4 ná mar atá ag RTÉ, ach is fearr an raon cláracha fiúntacha ag TG4 i gcomparáid le RTÉ.

Agus ós ag caint faoi stáisiún Gaeilge muid, nach cóir mar chuid d’athchóiriú RTÉ go mbeadh cothromas pá ann, is go bhfaigheadh iriseoirí Gaeilge Raidió na Gaeltachta an pá céanna is a fhaigheann a gcomhghleacaithe Béarla in Radio One don obair chéanna.

Ach is ar chultas na gceiliúrán is cóir an aird a dhíriú ar dtús. Níl sé riachtanach €500,000 a thabairt do dhuine ar bith, go poiblí nó go rúnda.  Féach ar RnaG.  Craoltóirí den scoth iad Máirtín Tom Sheáinín is Rónán Mac Aodha Bhuí.  Ní bhfuair siad tuarastal ‘An Talent’. Fuair siad an gnáthráta is dhein siad éacht.

 

 

Fág freagra ar 'Géarchéim RTÉ – níor cheart an t-asal a dhíol leis an adhastar'