Géarchéim na déantúsaíochta – oibrithe ó thuaidh scanraithe faoina bhfuil i ndán dóibh

Má bhí dea-scéal fostaíochta ó dheas an tseachtain seo agus 1,000 post le cruthú in Apple, a mhalairt de scéal a bhí ann i dtionscal na déantúsaíochta ó thuaidh

michelin-1-2048x1152-20151103-173524-402

Buille millteanach ab ea é nuair a d’fhógair Michelin i gContae Aontroma go ndúnfar a monarcha taobh istigh de dhá bhliain. Caillfear 900 post agus beidh caillteanas mór go hindíreach mar thoradh air.

Sa mullach air sin, fógraíodh ó shin go raibh 100 post le scor ag Caterpillar, breis is dhá scór ag Schrader agus iomarcaíocht dheonach suas le leathchéad á hiarraidh ag Invista i nDoire. Munar leor de thubaiste an méid sin in aon tseachtain amháin, bhain Bombardier stangadh as a fhoireann nuair a d’iarr sé reo pá go dtí 2018 agus uair an chloig oibre sa bhreis gach Aoine.

Comhlachtaí déantúsaíochta is ea iad ar fad agus ní háibhéil é a rá go bhfuil oibrithe scanraithe faoina bhfuil i ndán dóibh. Éagóir a bheadh ann a rá nach bhfuil an aicme pholaitiúil i Stormont buartha faoin ngéarchéim ach níor éirigh leo a chur i gcion ar oibrithe go raibh siad in ann, nó toilteanach aon cheo a dhéanamh faoi. Dúshlán ollmhór é do na hAirí sa bhFeidhmeannas ní hamháin mar gheall ar chruachás na n-oibrithe ach mar gur thugadar tosaíocht d’fhorbairt na hearnála príobháidí i ngach plean eacnamaíochta.

Nuair a chuirtear san áireamh na mílte post a bheith ag imeacht as an Státsheirbhís – ar iomarcaíocht dheonach, na ciorruithe sna hollscoileanna agus sa chóras oideachais fré chéile – gan ach dornán sampla a lua, ba cheart gur ghairm chun gnímh do na polaiteoirí é an cúlú déantúsaíochta. Postanna maithe, dea-íoctha iad na cinn atá á gcailliúint; ní dea-mhalairt orthu fostaíocht in ionaid glaonna den tsórt is coitinne a soláthraíodh le tamall.

Nuair a fiafraíodh den Aire Fiontair, Jonathan Bell ón DUP, céard a dhéanfadh sé faoin slad ar obair, ní raibh aon fhreagra nua aige, ní nach ionadh. Rinne sé comhbhrón leis na daoine a bhí ag cailliúint a bpostanna ach ní raibh aon phlean aige chun a dhul i ngleic leis an tsáinn.

michelin

Gan dabht níl smacht ag Airí logánta ar chúinsí idirnáisiúnta ar nós titim ar an éileamh ar bhoinn Michelin. Ní féidir leo a chur as an áireamh, áfach go bhfuil Michelin ag fágáil an réigiúin seo ach ag déanamh mórfhorbairt i Sasana agus in Albain.

Breithiúnas ar Thuaisceart Éireann is ea é sin d’ainneoin ardmholadh ar chaighdeán na n-oibrithe. Fearacht gach cuideachta ilnáisiúnta, is cinnte go raibh cúiseanna dá gcuid féin ag Michelin nár nochtadh d’oibrithe iad. Is é praghas na haibhléise do lucht tionscail an t-údar oifigiúil a thugadar.

Bhí an comhlacht ag casaoid le Stormont le trí bliana faoi chostas an leictreachais ach níor déanadh tada faoi. Murab ionann agus beagán tionsclóir eile a bhunaigh córas cumhachta ailtéarnach dóibh féin, ní dhearna Michelin tada. Ní dhearna an Roinn Fiontair i Stormont tada ach an oiread.

Admhaíonn gach éinne go bhfuil costas an leictreachais do lucht tionscail an-ard – íocann mórdhéantúsóirí i dTuaisceart Éireann 8.8 an cileavatuair (per kilowatt hour) i gcomparáid le 7.2 sa Phoblacht agus 6.1 ar an meán san Eoraip.

Dúirt Invest NI, an áisíneacht infheistíochta, nach ndéanann siad iarracht lucht déantúis a mhealladh go Tuaisceart Éireann mar go mbeidís faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht le gnólachtaí in áiteanna eile.

Suanchodladh a thug roinnt ceardchumannach ar chur chuige na Roinne. Bíodh sin fíor nó bréagach, níl an dara rogha ag na polaiteoirí anois, i bhfianaise na drochnuachta le seachtain anuas. Caithfear a dhul i ngleic leis an míbhuntáiste i dtaca le leictreachas. Más fiú leis na páirtithe iarracht a dhéanamh chun Stormont a choinneáil beo, ní foláir nó go bhfuil a fhios acu nach leor feasta iad a bheith ann.

Tuigim go maith nach bhfuil siad in ann fostaíocht a chruthú ach caithfidh siad dícheall a dhéanamh chun coinníollacha fabhracha a chur ar fáil agus deis ar chaighdeán maireachtála sibhialta a thabhairt do shaoránaigh.

Fág freagra ar 'Géarchéim na déantúsaíochta – oibrithe ó thuaidh scanraithe faoina bhfuil i ndán dóibh'