Gearán déanta leis an Cheann Comhairle faoi fhreagraí ar cheisteanna Dála ó Aire na Gaeltachta 

I litir ghearáin ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin maítear gur ‘cosúil’ go mbíonn Roinn na Gaeltachta ag iarraidh ar an Teachta Dála na freagraí a ‘aimsiú’ é féin

Gearán déanta leis an Cheann Comhairle faoi fhreagraí ar cheisteanna Dála ó Aire na Gaeltachta 

Tá gearán oifigiúil déanta leis an Cheann Comhairle faoi chaighdeán na bhfreagraí ar cheisteanna Dála a chuir Aire na Gaeltachta ar fáil.

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a rinne an gearán mar gheall ar fhreagraí a fuair sé ar cheisteanna Dála faoi Údarás na Gaeltachta ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán, Catherine Martin.

I bhfreagra amháin, dúradh go raibh an t-eolas a bhí á lorg ag Ó Snodaigh “san áireamh” in achtanna éagsúla agus cuireadh na nascanna chuig na hachtanna ar fáil dó.

Sa litir ghearáin a cuireadh chuig oifig an Cheann Comhairle, agus atá feicthe ag Tuairisc, maítear gur “cosúil” go mbíonn Roinn na Gaeltachta ag iarraidh ar an Teachta Dála na freagraí a “aimsiú” é féin.

“In áit faisnéis a thabhairt de réir mar atá iarrtha sa cheist, tá an Roinn ag iarraidh ar an Teachta freagra a aimsiú é féin,” a deirtear.

Maítear sa litir go bhfuil sárú déanta ag Roinn na Gaeltachta ar Bhuan-Ordú 54, reachtaíocht a bhaineann le ceisteanna agus freagraí Dála.

Faoin reachtaíocht sin, deirtear: “Le linn freagra a thabhairt ar Cheist a chuirfear tar éis fógra a thabhairt (bíodh sí i gcomhair freagra scríofa nó ó bhéal) nó ar shaincheist thráthúil, díreoidh comhalta den Rialtas ar gach uile iarraidh ar fhaisnéis a bheidh sa Cheist sin.”

I bhfreagra eile ar cheist inar lorg an Teachta Dála briseadh síos ar an mhaoiniú caipitil agus reatha a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta idir 1979 agus 2023, dúradh go raibh an t-eolas ar fáil “sna cuntais ábhartha leithreasa agus meastacháin” a leagtar faoi Thithe an Oireachtais gach bliain.

Mar chuid dá ghearán, chuir Ó Snodaigh ar fáil freagra a fuair sé ón Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ar cheist den chineál céanna. Sa cheist sin lorg sé briseadh síos ar mhaoiniú caipitil agus reatha Fhiontraíocht Éireann ó 1979 go dtí an lá inniu.

Dúirt Ó Snodaigh gur léiriú an freagra a fuair sé – briseadh síos i bhfoirm tábla ar an maoiniú gach bliain – ar “dhea-shampla” den eolas a chuireann ranna eile ar fáil.

Deirtear sa litir go bhfuil Ó Snodaigh ag súil le “réiteach” a fháil ar an fhadhb seo, agus go meabhródh an Ceann Comhairle “do Ranna Rialtais gur gá dóibh freagra a thabhairt seachas treoir a thabhairt cén áit ina bhféadfar dul sa tóir ar fhreagra”.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal.

Fág freagra ar 'Gearán déanta leis an Cheann Comhairle faoi fhreagraí ar cheisteanna Dála ó Aire na Gaeltachta '