Gearán déanta gur thug an BBC níos mó ama don Dream Dearg ná mar a tugadh don Ord Oráisteach

Dúirt Tom Elliott, iarcheannaire an UUP, gur chóir don BBC míniú a thabhairt faoi cén fáth gur cuireadh níos mó ama ar leataobh don Lá Dearg ná mar a rinneadh do mhórshiúl an Oird Oráistigh

Gearán déanta gur thug an BBC níos mó ama don Dream Dearg ná mar a tugadh don Ord Oráisteach

Tá ráite ag iarcheannaire an UUP gur cheart don BBC briseadh síos a thabhairt ar an gclúdach a rinneadh ar dhá mhórshiúl a reáchtáladh i mBéal Feirste le gairid, ceann a d’eagraigh an tOrd Oráisteach agus ceann eile a d’eagraigh an Dream Dearg ar son cearta teanga.

Tá cáineadh déanta ag Aontachtaithe ar an easpa clúdaigh, dar leo, a rinne an BBC ar mhórshiúl na nOráisteach Dé Sathairn seo caite. Maítear gur tugadh níos mó ama ar an nuacht don mhórshiúl a reáchtáil an Dream Dearg an tseachtain roimhe sin, in ainneoin go raibh slua “i bhfad níos lú” ag an gceann Gaeilge.

Is ag ceiliúradh céad bliain bhunú Thuaisceart Éireann a bhí an mórshiúl a d’eagraigh an tOrd Oráisteach ag an deireadh seachtaine. Dúradh gur ghlac 25,000 duine páirt sa pharáid agus go raibh slua thart ar 100,000 eile i láthair ag féachaint ar na himeachtaí.

Thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste don Lá Dearg a reáchtáladh ar son cearta teanga ar an 21 Bealtaine. Dúirt lucht eagraithe na hócáide gur 17,000 a bhí ann.

Dúirt Tom Elliott, ar éirigh leis i dtoghchán an Tionóil an mhí seo caite, gur theastaigh míniú uaidh ón BBC maidir leis an gclúdach a thug siad do mhórshiúl an Oird Oráistigh, Dúirt sé go raibh gearáin faighte aige faoin “easpa ama” a thug an craoltóir don ócáid.

Tugadh le fios dó, a dúirt Elliott leis an News Letter, gur thug an BBC “droch-chlúdach” don imeacht ar chláir an stáisiúin tráthnóna agus oíche Dé Sathairn.

“Chonaic [na daoine a rinne gearáin] roinnt míreanna ar BBC TV a léirigh nár fhreastail an líon céanna daoine [ar an Lá Dearg] is a bhí ag ócáid na nOráisteach Dé Sathairn, ná baol air – ach cinneadh clúdach i bhfad níos mó a thabhairt dó sna meáin ná mar a tugadh don imeacht ag na hOráistigh,” a dúirt Elliott.

“Tá súil agam go ndéanfaidh an BBC machnamh air sin.”

Dúirt Elliott go raibh gearán déanta aige cheana leis an BBC maidir le deiseanna cainte a fuair sé in agallaimh ar an raidió agus go rabhthas ábalta teacht ar ais chuige leis na figiúirí a bhí i gceist.

Scríobh Deborah Erskine ón DUP freisin chuig an BBC maidir leis an gclúdach a rinneadh ar an mórshiúl. Dúirt Erskine gur thug RTÉ an oiread céanna clúdaigh, nó níos mó, don ócáid.

Fág freagra ar 'Gearán déanta gur thug an BBC níos mó ama don Dream Dearg ná mar a tugadh don Ord Oráisteach'