An bhfuil an tAire Dlí is Cirt Jim O’Callaghan chun feachtas earcaíochta don Gharda Síochána a dhíriú ar phobal an Tuaiscirt? Bradaíl thar teorainn nuair atá sé ag cliseadh ar an PSNI dóthain earcach a fháil? Nó beart ciallmhar chun leas a bhaint as acmhainní daonna atá in aice láimhe? Deis le coinníollacha oibre níos tarraingtí do dhaoine as Tuaisceart Éireann, náisiúnaithe go háirithe?
Baineadh croitheadh as daoine abhus a thug faoi deara an freagra a thug an tAire O’Callaghan ar cheisteanna i nDáil Éireann an tseachtain seo caite. Ní léir gur scéal mór a bhí ann ó dheas ach bhí tábhacht leis i dTuaisceart Éireann.
Dúirt an tAire gurb í a aidhm 5,000 garda nua a earcú i saolré an rialtais reatha. Cé gur méadaíodh líon na nGardaí 10% le deich mbliana anuas d’admhaigh sé go raibh gá le breis gardaí chun freastal ar dhaonra atá méadaithe go mór san tréimhse sin agus ag fás go seasta.
Nuair a d’fhiafraigh Teachta Dála de conas a d’fhéadfadh baill den PSNI a bhfuil cónaí orthu ó dheas den teorainn post a fháil sna Gardaí, dúirt an tAire gurbh fhiú an scéal a fhiosrú mar gur bealach a bheadh ann chun daoine sa bhreis a earcú go sciobtha. Tá socruithe i bhfeidhm cheana féin a cheadaíonn d’oifigigh shinsearacha aistriú, ar iasacht ar feadh tréimhsí, idir an PSNI agus na Gardaí ach ní bhaineann siad le grád sáirsint nó níos ísle.
As a stuaim féin, dúirt Jim O’Callaghan nach raibh bac ar bith ar dhaoine sa Tuaisceart iarratais a dhéanamh ar thraenáil sa Gharda Síochána. “Tá fáilte roimh iarratais ó mhuintir an Tuaiscirt,” ar sé. Bhí sé den bharúil go mbeadh ‘na téarmaí agus coinníollacha’ níos fabhraí ná na cinn do dhaoine a théann san PSNI. “Ní mór dúinn aird a dhíriú air sin,” arsa an tAire O’Callaghan.
An mbeidh earcaíocht ón Tuaisceart i measc na mbeart a phléifidh an grúpa speisialta atá bunaithe chun cúrsaí earcaíochta agus oiliúna a scrúdú? Tá an tAire ag súil le tuairisc na meithle sin i lár na bliana seo. Tá sé ag súil le moltaí faoi choláiste oiliúna nua sa bhreis toisc nach mbeadh an Teampall Mór in acmhainn freastal ar an huimhreacha atá mar sprioc aige. An mbeidh an t-ionad oiliúna nua sin i Leath Choinn, gar don teorainn chun a bheith fóirsteanach d’earcaigh ón Tuaisceart?
Tá a fhios ag an saol nach bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha fabhrach do náisiúnaithe san PSNI. Dá mbeadh, ní bheadh teipthe ar fheachtais an PSNI dóthain earcach Caitliceach/náisiúnach a mhealladh chucu. Bhí an-díomá ar Jon Boutcher, Príomh-Chonstábla an PSNI, an mhí seo caite faoina laghad Caitliceach a d’fhreagair feachtas earcaíochta. Caitlicigh nó daoine de chúlra Caitliceach ab ea 900 iarrthóir as 3,500, tráth a raibh súil ag an tseirbhís le míle go leith.
Is iomaí cúis leis an teip, ach tá sábháilteacht agus sástacht ard ar an liosta. Ní hamháin gur mharaigh easaontóirí poblachtánacha comhaltaí Caitliceacha ach ghortaigh siad duine eile go dona agus go leor eile a d’ionsaigh siad ach a tháinig slán. Déanann siad imeaglú go seasta. Ní hiontas go mbíonn drogall ar Chaitlicigh a dhul sa seans. Ina theannta sin, bíonn eagla ar theaghlaigh go mbeadh duine den chlann i mbaol mar phóilín agus go mbeadh a muintir i mbaol freisin. Faoi rún a bhíonn Caitlicigh san PSNI; daoine ag ceilt cá bhfuil siad ag obair, ag seachaint seanchomrádaithe, caithimh aimsire agus spóirt.
Díspreagadh eile é easpa deiseanna dul chun cinn agus imeallú. Ní fheiceann earcaigh nua daoine cosúil leo féin sna postanna sinsearacha. Ina theannta sin airíonn go leor go bhfuiltear in amhras orthu. Is minic a chloistear gearáin faoin gcultúr san PSNI, iarsmaí den RUC ag baint leis, a deirtear.
Ar ndóigh ní Caitlicigh agus náisiúnaithe amháin a bheadh i dteideal a dhul sna Gardaí. Thuigfeadh an pobal aontachtach/Protastúnach nach mbeadh bac orthusan; iarLeas-Phríomh-Chonstábla san PSNI is ea Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris.
Deir an PSNI nach rud nua é iad a bheith in iomaíocht le seirbhísí póilíneachta eile. Is iomaí Tuaisceartach sna seirbhísí in Albain agus i Sasana. Mar sin féin chaithfeadh sé gur dúshlán a bheadh i bhfeachtas earcaíochta de chuid an Gharda Síochána dóibh. Níor mhiste sin dá gcuirfeadh sé iachall orthu an cultúr sa tseirbhís a fheabhsú agus fiú na geadáin de ghrúpaí easaontóirí poblachtánacha a cheansú. Bua don PSNI agus don Gharda, seans.
Fág freagra ar 'Gardaí a earcú sa Tuaisceart? Bua don PSNI agus don Gharda Síochána, seans'