Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill le chéile arís, Maigh Cuilinn agus An Spidéal tríd i nGaillimh

I nDún na nGall agus i nGaillimh a bhí na cluichí móra ag cumainn Ghaeltachta an deireadh seachtaine seo

Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill le chéile arís, Maigh Cuilinn agus An Spidéal tríd i nGaillimh

Pic: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Tabharfaidh Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall den chúigiú huair riamh agus den cheathrú huair ó 2018 faoi cheann cúpla seachtain tar éis don dá fhoireann a gcluichí leathcheannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine.

Bua sé phointe, 1-16 in aghaidh 0-13, a bhí ag Gaoth Dobhair ar Naomh Micheál ach thóg sé go dtí an cheathrú uaire dheireanach den chluiche ar fhir na Gaeltachta an farasbarr sin a chruthú.

Naomh Micheál ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus chuir scóranna dhá phointe ó Michael Langan agus Colin McFadden ceithre phointe chun tosaigh iad théis sé nóiméad. Bhí an bhearna méadaithe go dtí cúig phointe théis 24 nóiméad, 0-8 in aghaidh 0-3, agus pointí uile Ghaoth Dobhair tagtha ó Stephen McFadden.

Chuir Gaoth Dobhair críoch láidir leis an gcéad leath, áfach, agus d’aimsigh an t-imreoir contae Domhnall Mac Giolla Bhríde cúl díreach roimh an mbriseadh chun na foirne a chur ar comhscór, 1-5 in aghaidh 0-8.


Chuaigh Naomh Micheál chun tosaigh arís luath sa dara leath ach d’aimsigh Eoin de Búrca agus Micheál Roarty scóranna dhá phointe chun an fhoireann Ghaeltachta a chur chun cinn arís agus mhéadaigh scóranna ó Ethan Harkin, Odhrán Mac Niallais agus Niall Friel, a bhí sa mbaile ó Dubai, an bhearna chun a n-áit sa gcluiche ceannais a chinntiú d’fhir Mhachaire Gathlán.

Theastaigh am breise ó Naomh Conaill chun an ceann is fearr a fháil ar na Ceithre Máistrí sa gcluiche leathcheannais eile a imríodh ar an Domhnach.

Bhí na Ceithre Máistrí trí phointe chun tosaigh théis deich nóiméad nó mar sin ach tháinig Naomh Conaill ar ais sa gcoimhlint de réir a chéile agus d’fhág cic saor dhá phointe ó Shea Malone go raibh fir na nGleanntach chun tosaigh ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-6.

Bhí farasbarr ceithre phointe ag Naomh Conaill tráth sa dara leath ach ar ais leis na Ceithre Máistrí. Nuair a chuir Malone Naomh Conaill chun tosaigh arís agus an 60 nóiméad díreach caite, bhreathnaigh sé gur leosan a bheadh an lá ach d’aimsigh Kevin Muldoon an comhscór cúig nóiméad isteach in am cúitimh.

Bhí rith an ráis leis na Ceithre Máistrí ag tús an ama breise agus iad imithe trí phointe chun tosaigh ach d’aimsigh Kevin McGettigan cúl cinniúnach chun Naomh Conaill a thabhairt ar ais agus chuireadar ceithre phointe leis chun ceannas a ghlacadh ar chúrsaí agus bua 1-19 in aghaidh 0-18 a bheith acu faoi dheireadh na himeartha.

Ar an taobh eile den scéal, drochdheireadh seachtaine a bhí ann do Naomh Náille agus iad díbeartha ón ngrád sinsir ag Aodh Ruadh. Bhí fir Bhéal Átha Seanaidh i bhfad róláidir dá gcéilí comhraic agus bua dhá phointe dhéag acu orthu, 2-17 in aghaidh 1-8. Beidh Naomh Náille anois ar ais sa ngrád idirmheánach den chéad uair ó 2019.

Gaillimh

Tá na babhtaí leathcheannais de Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe bainte amach ag Maigh Cuilinn don seachtú bliain as a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana, Uachtar Ard, i gcluiche ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine, 2-19 in aghaidh 2-12.

Chuir Maigh Cuilinn tús maith leis an gcluiche agus cúl ag Fiachra McDonagh agus gan ach dhá nóiméad imeartha ach bhí freagra ag James Webb agus cúl aimsithe aigesean d’Uachtar Ard. Maigh Cuilinn a bhí i gceannas den chuid is mó sa gcéad leath agus cúl eile aimsithe acu ó chic éirice a scóráil Niall Walsh ach fuair Uachtar Ard spreagadh díreach roimh leath ama nuair a d’aimsigh Matthew Tierney cúl agus ceithre phointe a bhí idir na foirne ag an mbriseadh.

Dessie Conneely ag imirt do Mhaigh Cuilinn. Pic: Seán Ó Mainnín

Níor éirigh le hUachtar Ard an bhearna sin a laghdú a ndóthain sa dara leath, áfach agus chinntigh cruinneas Dessie Conneely go mbeadh an lá le Maigh Cuilinn. Casfaidh siad anois ar Réalta Thuama faoi cheann coicíse. Cora Finne agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a bheidh sa gcluiche eile agus an dá chluiche le himirt faoi shoilse i Staid an Phiarsaigh ar an 11 Deireadh Fómhair.

Sa gCraobh Idirmheánach, bhain An Spidéal áit amach sna babhtaí leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga an Chartúin i ngéarchoimhlint.

D’fhág cúl ó Chormac Ó Laoi go raibh fir Chois Fharraige chun tosaigh ag leath ama agus nuair a d’aimsigh Diarmuid Dunne (péire) agus Fionnán O’Connor cúil eile sa dara leath, bhí cuma na maitheasa ar an Spidéal. Laghdaigh na Seamróga an bhearna lena ndara cúl agus an t-am beagnach caite ach tháinig an Spidéal slán chun aghaidh a thabhairt ar Naomh Breandán sna babhtaí leathcheannais.

Ní bheidh Oileáin Árainn leo sna babhtaí sin agus cliste orthusan i gcoinne na Cealtraí. Séan Mulkerrins a d’aimsigh an chéad scór sa chluiche agus d’aimsigh Patrick O’Donnell, Colm Brennan agus Tyler Ó Flaithearta scóranna dhá phointe do na hoileánaigh, a raibh cóir na gaoithe acu sa gcéad leath.

Bhí Oileáin Árann ceithre phointe chun tosaigh agus an chéad leath beagnach thart ach buaileadh buille mór orthu nuair a d’aimsigh an Chealtrach 1-1 roimh an mbriseadh chun na scóranna a chothromú. Alan Naughton a d’aimsigh an cúl agus bhí an t-ádh leis ceann eile a fháil luath sa dara leath agus ceannas glactha ag an gCealtrach ar chúrsaí. Bhí an bhearna laghdaithe go dtí aon phointe amháin ag Oileáin Árann agus nóiméad fágtha ach chríochnaigh an Chealtrach go láidir chun an cluiche a bhaint ar scór 2-20 in aghaidh 0-21.

Sa gCraobh Shóisir, tá Carna-Caiseal tríd go dtí cluiche ceannais an Iarthair tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Fhairche le ciceanna éirice. Ní raibh an lá leis Na Piarsaigh i gcluiche ceannais na Craoibhe Sóisir A, áfach, agus an ceann is fearr faighte ag Cinn Mhara orthu.

Ciarraí

Tá áit bainte amach ag Ciarraí Theas sa gcéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Breandán ar an Domhnach. Theastaigh am breise chun buaiteoir a fháil ach fir Chiarraí Theas a tháinig amach chun cinn, 4-20 in aghaidh 1-26.

Casfaidh Ciarraí Theas ar an Spá sa gcéad bhabhta eile agus an tarraingt déanta. Cuireadh Ciarraí Thiar, a bhuaigh ar Chiarraí Theas sna réamhbhabhtaí, ar aghaidh go dtí cluiche ceathrú ceannais.

Port Láirge

Is ag bun Ghrúpa A a chríochnaigh An Rinn i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge tar éis dóibh a dtríú cluiche as a chéile a chailliúint. Farasbarr ocht bpointe a bhí ag an nGailltír ar fhir na Gaeltachta, 1-23 in aghaidh 2-12. Bhí an Rinn sé phointe chun tosaigh ag leath ama, 2-10 in aghaidh 1-7, ach tháinig an Ghailltír ar ais go láidir sa dara leath agus gan ach dhá phointe aimsithe ag an Rinn sna 30 nóiméad sin.

Casfaidh an Rinn anois ar Dhún na Mainistreach-Baile na Cúirte i réamhbhabhta ceathrú ceannais agus beidh bua ag teastáil uathu ansin chun cluichí dícháilithe a sheachaint.

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill le chéile arís, Maigh Cuilinn agus An Spidéal tríd i nGaillimh'