Fáilte curtha ag Bánú roimh chinneadh gan tithe saoire a dhíol sula bhfiosróidh an Roinn Tithíochta an scéal

Tuairiscítear gur iarr an Roinn Tithíochta orthu treoir a thabhairt do Thearmann Éanna na tithe atá le díol acu a bhaint den mhargadh le deis a thabhairt don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal

Fáilte curtha ag Bánú roimh chinneadh gan tithe saoire a dhíol sula bhfiosróidh an Roinn Tithíochta an scéal

Tá fáilte curtha ag an mbrúghrúpa tithíochta Bánú roimh chinneadh nach ndíolfar dhá scéim tithe saoire i gConamara gan deis a thabhairt do na húdaráis an scéal a fhiosrú.

Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe le Nuacht TG4 gur iarr an Roinn Tithíochta orthu treoir a thabhairt do Thearmann Éanna na tithe atá le díol acu a bhaint den mhargadh le deis a thabhairt don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal.

Dúirt urlabhraí de chuid Bhánú go gcuireann an eagraíocht “fáilte” roimh an gcinneadh fanacht go mbeidh tuairisc faighte “faoi na féidearthachtaí a bhainfeadh leis an dá scéim tithíochta”. Tá Bánú ag iarraidh ar an gcomhairle contae na tithe saoire a cheannach ó Thearmann Éanna agus iad a athchóiriú “ar mhaithe le freastal ar riachtanais tithíochta an dá phobal”.

Beidh cruinniú a bhí beartaithe ag an eagraíocht feachtais faoi thithe saoire atá le cur ar díol in Eanach Mheáin agus i Ros an Mhíl fós ag dul ar aghaidh.

Dúradh go mbeadh an cruinniú, atá á eagrú ag Bánú agus Coiste Ionad Pobail Leitir Móir ar siúl Dé hAoine beag seo le deis a thabhairt don phobal “tuairimí a léiriú” faoin mbealach a bhféadfadh an t-údarás áitiúil na tithe a chur ar fáil do dhaoine as an áit a dteastaíonn “tithíocht bhuanchónaithe” uathu.

Deirtear go dtabharfar deis don phobal níos mó eolais a fháil faoin gcúis ar cuireadh na tithe ar an margadh ar an gcéad dul síos.

Tá cuireadh tugtha ag an mbrúghrúpa do chomhairleoirí contae Chonamara Theas a bheith i láthair ag an gcruinniú.

Beidh an cruinniú poiblí ar siúl ag a hocht a chlog Dé hAoine i Halla Pobail Leitir Móir agus an léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Nortia Ní Chartúir a bheidh ina cathaoirelach.

Bhí cruinniú ag Bánú i mí Lúnasa agus socraíodh go n-iarrfaí ar phríomhfheidhmeannach na comhairle contae, Liam Conneally, agus ar an stiúrthóir tithíochta, Michael Owens “breathnú ar na féidearthachtaí éagsúla a bhainfeadh leis na tithe”.

Mhaígh an eagraíocht go bhféadfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe airgead a fháil ón Roinn Tithíochta leis na tithe atá á ndíol a cheannach, a réiteach, agus a chur ar fáil do dhaoine atá ag fanacht ar thithe i gCeantar na nOileán agus i gCois Fharraige. Mhol Bánú freisin go gcuirfí na tithe athchóirithe ar fáil faoi bhun luach an mhargaidh mar thithe inacmhainne do mhuintir na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Bánú roimh chinneadh gan tithe saoire a dhíol sula bhfiosróidh an Roinn Tithíochta an scéal'