Níl foilsithe i nGaeilge go dtí seo ach 21% den 511 acht a ndúirt an Ard-Chúirt in 2019 go gcaithfí leaganacha Gaeilge díobh a chur ar fáil.
I mí Iúil 2019 a cuireadh tús le plean cúig bliana chun leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de na hachtanna a foilsíodh i mBéarla amháin idir 1992-2018.
An sprioc a bhí ann ná go mbeadh na leaganacha Gaeilge de na hachtanna go léir foilsithe faoin 31 Iúil 2024, sprioc a dhealraíonn sé nach bhfuil aon seans go rachfar fiú gar di.
Dúradh san Ard-Chúirt in 2019 gur ghá breis is 500 acht a aistriú go Gaeilge agus cé go bhfuil sin déanta anois níl foilsithe ach ceann as gach cúig cinn acu.
Bhí sprioc eile ann go ndéanfaí líon na n-aistritheoirí atá ag obair i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a dhúbailt, ach is amhlaidh go bhfuil níos lú daoine ag obair sa rannóg anois ná mar a bhí in 2018.
39 aistritheoir a measadh a bhí ag teastáil chun an obair a dhéanamh ach 19.6 aistritheoir a bhí sa rannóg ag deireadh na bliana seo caite i gcomparáid le 21.7 duine in 2018.
Seo in ainneoin gur reáchtáladh 15 feachtas earcaíochta d’aistritheoirí ó 2018 i leith.
Deirtear i dtuarascáil bhliantúil Thithe an Oireachtais go bhfuil dúshlán mór ag baint le hearcú foirne toisc go bhfuil an Rannóg Aistriúcháin “in iomaíocht dhíreach” le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh d’aistritheoirí Gaeilge.
Deirtear sa Tuarascáil go bhfuil an fhadhb níos measa ó 2020 nuair a chinn an tAE go mbeadh rogha ag aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.
Chruthaigh an phaindéim Covid-19 dúshlán eile ó thaobh cúrsaí earcaíochta, a deirtear.
Ó tharla go bhfuarthas a laghad sin iarratais ar na folúntais d’aistritheoirí a reáchtáladh le tamall, tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtais na chéad chomórtais eile a eagrú iad féin seachas iad a fhágáil faoi tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí.
De réir figiúirí nua ó Thithe an Oireachtais, tá 42% de na hachtanna atá aistrithe go Gaeilge ag céim na heagarthóireachta agus tá 37% díobh ag céim na profléitheoireachta.
Deir Tithe an Oireachtais gur tugadh tús áite le roinnt blianta anuas d’aistriú na n-achtanna a foilsíodh i mBéarla amháin idir 2014-2018. Tá leaganacha Gaeilge foilsithe de 44% de na hachtanna sin.
79% de na hachtanna a foilsíodh idir 2019-2022 atá aistrithe go Gaeilge agus tá na leaganacha Gaeilge foilsithe i gcás 48% díobh.
Deirtear i dtuarascáil Thithe an Oireachtais go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu maidir lena bplean go mbeadh parlaimint dhátheangach ann.
Earcaíodh 12 duine atá dátheangach in 2022 agus bunaíodh grád nua, Aistritheoir Grád III.
Ullmhaíodh dréachtstraitéis d’earcú daoine dátheangacha agus tugadh faoi thaighde ar pharlaimintí dátheangacha eile. Bunaíodh dhá ghrúpa stiúrtha chun scagadh a dhéanamh ar conas cur le líon na Gaeilge a labhraítear san Oireachtas, grúpa don Seanad agus grúpa don Dáil.
Cuireadh bailchríoch chomh maith ar pholasaí nua ó thaobh an dátheangachas a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta i dTithe an Oireachtais agus mar shampla, beidh an Ghaeilge le feiceáil ar an gcomharthaíocht dhigiteach nua atá le feistiú i dTeach Laighean.
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Ba dhóigh le duine gurbh é cuspóir an rialtais ná ceap magaidh a dhéanamh don Ghaeilge.