Tá cinneadh déanta ag NPHET nár chóir an Ghaillimh ná aon chontae eile a bhogadh go dtí Leibhéal 3 de na srianta Covid-19 an tseachtain seo.
Tá moladh le déanamh ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go dtabharfaí srianta nua maidir le cuairteanna teaghlaigh isteach i ngach contae.
D’fhágfadh sin nach mbeadh cead chun an tí ach ag seisear cuairteoirí ó aon teaghlach amháin.
Tá an treoir sin i bhfeidhm cheana féin i nBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall, an t-aon dá chontae ina bhfuil Leibhéal 3 i réim.
Bhí an Ghaillimh i measc na gcontaetha a rabhthas san amhras fúthu mar gheall ar an ardú ar líon na gcásanna iontu le tamall.
Idir an dá linn, fógraíodh 259 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu, áit a bhfuiltear chun srianta nua a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngalar.
Tá na srianta nua le tabhairt isteach i nDoire agus an Srath Bán mar a bhfuil ráta an ghalair ag 333 in aghaidh gach 100,000 duine. I mBéal Feirste atá an dara ráta is airde, 133.
Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur chóir do pholaiteoirí a rá le hoifigigh sláinte phoiblí gan oiread céanna airde a thabhairt ar líon na gcásanna den ghalar sa phobal. Dúirt an Tánaiste nach raibh sé réalaíoch a bheith ag dúnadh an gheilleagair arís agus arís eile.
“An rud a fheicim á dhéanamh i dtíortha eile – an Bheilg an sampla is déanaí – nach mbíonn cinntí faoi shrianta ná polasaithe á ndéanamh acu bunaithe ar chásanna a thuilleadh.
“Tá siad ag breathnú ar líon na ndaoine san ospidéal, spásanna ICU agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis. Jab dúinne mar pholaiteoirí é a rá leis na daoine atá ag plé leis an tsláinte phoiblí go mb’fhéidir gur cheart dúinn díriú air sin,” arsa an Tánaiste Leo Varadkar agus é faoi agallamh ag The Currency.
Tuairiscíodh chomh maith inniu go bhfuil an Príomh-Oifigeach Leighis an Dr Tony Holohan le filleadh ar an obair an tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'Gaillimh agus contaetha eile le fanacht ag Leibhéal 2'