Tá Traolach Ó Buachalla roghnaithe do Ghradam Gael na Míosa Tuairisc.ie le haghaidh mhí Bhealtaine. Roghnaíodh Traolach mar gheall ar an obair a rinne sé chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh le linn an fheachtais maidir leis an reifreann pósta.
D’éirigh le Traolach, a bhí ina urlabhraí d’fheachtas ‘TÁ Comhionannas’, aird na meán Béarla agus Gaeilge a tharraingt ar an reifreann agus an plé a bhí ar bun faoi i measc Gaeilgeoirí.
Léirigh Alex Hijmans an tí seo an tionchar dearfach a bhí ag an bhfeachtas ar fheiceálacht na Gaeilge i measc mhuintir na hÉireann. Bhí meas ag lucht an taoibh ‘Níl’ agus ‘Tá’ araon ar Thraolach as a chur i láthair slachtmhar agus as an nGaeilge a chur i lár an aonaigh sna seachtainí roimh an reifreann.
Beidh Traolach Ó Buachalla agus gach duine eile a ainmneofar ina Ghael na Míosa as seo go deireadh na bliana san iomaíocht do Ghradam Gael na Bliana 2015 Tuairisc.ie
Gael Feabhra: Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Gael na Márta: Alan Titley
Gael Aibreáin: Ciarán Ó Móráin
Gael Bhealtaine: Traolach Ó Buachalla
Ruairi s. O'Donaill
CE ROGHNAIONN ‘GAEL NA MIOSA’ ? CAD IAD NA CUINSI ATA MAR BHUNUS DO?
Maitiú Ó Coimín
A Ruairí, a chara,
Tá gach eolas faoi Ghael na Míosa le fáil anseo:
https://tuairisc.ie/fisean-gradam-gael-na-bliana-tuairisc-ie-2015/
Seán Mac Risteird
Maith an fear, a Thraolaigh!!