Gaeilge phidsin na hArdteiste: buille maraithe na litríochta agus anam na teanga

Tá an cur chuige maidir le Gaeilge na hArdteiste diúltach agus tá an bonn atá faoi bréagach, a deir ár gcolúnaí, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar pháipéir Bhéarla agus Ghaeilge na bliana seo

Leaving-Cert-Dublin-11-90344053-2-1024x690
Pictiúr: Photocall Ireland

(An Roinn Oideachais: Is í aidhm ghinearálta an oideachais oibriú ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar gach gné den duine aonair, forbairt a chuimsíonn forás aeistéitiúil, cruthaitheach, léirmheastach, cultúrtha, mothúchánach, tromchiallach, intleachtúil, morálta, fisiceach, polaitiúil, spioradálta agus sóisialta, le haghaidh a shaoil phearsanta agus baile, le haghaidh an tsaoil oibre agus le haghaidh maireachtála i measc an phobail agus le haghaidh caitheamh aimsire.)

Ag leathbhreathnú ar an Nuacht dom le gairid, chuala mé daltaí Ardteiste Béarla ag tuairimíocht faoin bhfile a bheadh ar an bpáipéar lá arna mhárach – Montague, Ní Chuilleanáin, Frost, srl. Mheabhraigh sé dom nach mbeadh na daltaí céanna ná a gcomhdhaltaí as an nGaeltacht ag caint go deo arís ar shaothar fhilí na Gaeilge mar chorpas arbh fhiú pléisiúr a bhaint as agus anailís a dhéanamh air. An sceanairt deiridh a rinneadh ar chúrsa na hArdteiste ar mhaithe le staitisticí torthaí scrúduithe agus mar fholach ar an náire i múineadh na Gaeilge a d’fhág an scéal amhlaidh. Chuir sin mé ag breathnú ar scrúduithe Ardleibhéil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge.

An chéad rud a ritheann leat gur thuig an dream a dhear an siollabas Béarla agus an scrúdú air gur daoine óga iad seo a bhfuil an teanga acu, a bhfuil spléachadh ar mhórlitríocht an Bhéarla tuillte acu agus a bhfuil ar a gcumas déileáil óna dtaithí féin le téamaí móra na litríochta sin agus idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla scríbhneoireachta.

Thuig an dream a dhear an siollabas Béarla an litríocht ar son an phléisiúir, an fhoráis phearsanta agus na fiosrachta. Léirigh iad bród as scoth na litríochta agus glacadh go bhfuil dua agus dúshlán ag baint le gach ábhar agus téama ag an leibhéal sin ach gur fiú an scáthán seo a sholáthar do dhaltaí atá ag tabhairt faoi shaol neamhspleách.

(Mura mbeadh aon rud eile ann, nach ndeirtear linn anois go bhfuil filíocht agus amhráin de ghlanmheabhair go hiontach do dhaoine amach sna blianta a dtagann scaipeadh beag ar a meabhair!)

Caitheann na daltaí Béarla sé huaire agus deich nóiméad ag scríobh agus na daltaí Gaeilge beagnach sé huaire (5.55) ag scríobh agus ag éisteacht (c.45n). Má theastaigh aon argóint eile faoin measúnú leanúnach, is leor an phurgadóir sin! Tá an meas a léirítear don litríocht agus do na húdair le brath ar an bpáipéar Béarla ar fad. Ní bhraitheann tú aon áit ar an bpáipéar Gaeilge go bhfuil scóip ag an dalta an litríocht a shealbhú agus ceisteanna maide aiseolais agus tuairisciú is coitianta.

Páipéar a hAon na Gaeilge (160) – Aiste, scéal, óráid, díospóireacht 500-600 focal ar ábhar amháin i.e. aois na nua-theicneolaíochta, alcól agus drugaí, fadhbanna móra in Éirinn, scéalta móra an lae inniu, buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an taisteal, agus an coup de grâce, staid na Gaeilge faoi láthair! Ar rith an rud céanna leatsa agus a rith liomsa – go mbeadh chuile cheann acu sin ullmhaithe roimh ré ag na ‘dea-mhúinteoirí’ agus go mba chick-lit a bheadh i Peig Sayers ina ndiaidh. Screen Shot 2015-06-11 at 00.54.04

Cuimhnigh ar na créatúir a bhfuil múinteoir idéalach éigin ag iarraidh iad a mhisniú chun na Gaeilge le spraoi agus pléaráca sa chlub Gaelach agus iad ansin sa rang Gaeilge ag breathnú ar Chonchúir Ó Giollagáin agus Joe McHugh ag troid faoi shocruithe na sochraide.

Ar an bpáipéar Béarla, tá ceangal idir ceapadóireacht an dalta agus na saothair atá ar an gcúrsa, rud a thugann adhmad don dalta lena chuid argóintí a thógáil go teann i suíomh mínormálta halla na scrúduithe, más sin a mhian. Ní luaitear líon focal mar adhastar ná mar bhagairt ar an bpáipéar Béarla.

Páipéar a hAon an Bhéarla (200 marc) – Trí phíosa ‘edited text’ ó bheirt údar próis aitheanta agus amhránaí agus trí cheist le freagairt ar phéire acu. Rinneadh go leor cainte sna meáin faoi phíosa Bono ach thaitin a chuid idéalachais go mór liom féin mar in áit cur síos ar fhadhb, cuireadh chun gnímh a bhí ann a d’fheilfeadh meanma daoine óga. Cur síos meanmnach ó Penelope Lively ar an tseanaois óna taobh féin de, agus an fhadhb le scéalta sí in aois seo an CTTV le Joanna Briscoe an péire eile.

NO FEE 6 November 2014; Bono, Musician, Elevation Partners, on the centre stage during Day 3 of the 2014 Web Summit in the RDS, Dublin, Ireland. Picture Flicker/ Photocall Ireland
Pictiúr:Flicker/ Photocall Ireland

Sna ceisteanna ar na sleachta seo is mó a bhuaileann an fhaillí ar litríocht na Gaeilge arís thú – mar ní aiseolas díreach ón téacs atá ag teastáil ach léiriú leathan ar litríocht agus cumhacht an phinn agus an fhocail chuí.

Tá ort alt comhairle a scríobh ansin do dhaoine óga faoin seánra scríbhneoireachta is rogha leat féin. Tá aiste ann faoin Saol in Éirinn in 2015 ach is taistealaí ama meabhrach ón ré atá thart nó atá le theacht an reacaire. Tábhacht an ghrá – cead agat a bheith spraíúil nó dáiríre – tús áite arís ag an gcruthaitheacht.

kazuo-ishiguro
Kazuo Ishiguro

Páipéar a 2 an Bhéarla (200 marc). The Great Gatsby, Never Let Me Go, All My Sons, Othello, Pride and Prejudice an rogha. Ceist: Tugann Ishiguro misneach dúinn agus cuireann sé as dúinn mar tá nádúr an duine chomh láidir sin i saol a chuid clón. Ansin ceist chuimsitheach dhúshlánach a éilíonn freagra pearsanta agus neart fianaise ar thrí théacs eile sa staidéar comparáideach nó ceist ar sheánraí éagsúla litríochta agus na teicnící éagsúla a mbaintear leas astu.

Tá dán nach raibh ar an gcúrsa ansin agat chomh maith le ceist ghinearálta ar shaothar file amháin as an gceathrar atá ar an bpáipéar. Ceist leathan dá leithéid seo: ‘Is éifeachtach mar a mheabhraíonn friotal an fhile dúinn an dáimh atá aici le daoine eile. Pléigh é sin maidir lena saothar filíochta agus sleachta as a cuid filíochta mar thaca le do fhreagraí’.

Páipéar a 2 sa Ghaeilge (200 marc). Dhá Thriail Tuisceana (‘bunaithe ar fhoinsí éagsúla’ ach gan údar luaite), ceann faoin One Young World agus ceann faoi Dhaoine Gan Dídean (a thosaíonn le Cyber Monday ar mhaithe le bheith ógchairdiúil!). Tá dhá cheann déag de cheisteanna tura aiseolais gan chruthaitheacht ar na píosaí i stíl thur pháipéir ghlasa Rialtais.

0007cab8-642
Maidhc Dainín Ó Sé

Thíos ag an mbun, bhuail gramadach le duine éigin agus buaileadh isteach ceist faoin mbriathar saor san aimsir chaite agus san aimsir fháistineach a aimsiú i bparagraif ar leith. Ná téigh á gcuardach – fuarthas agus ardófar atá i gceist – is dóigh gur cuireadh ansin iad le breith ar an gcainteoir dúchais líofa bocht gur frítheadh a chuala sé ag baile agus sa scoil! Focal firinscneach agus sampla den aimsir láithreach i gceist B! Tá carraig eile sa gceist deiridh, áit a bhfuil ceist faoi chineál scríbhneoireachta an ailt seo – ní mé an nglacfaí le spadánta, tur agus seasc mar fhreagra.

Is léir mímhuinín an chigire féin mar cuireann sé genre i mBéarla i lúibíní i ndiaidh cineál! Is trua nár úsáid sé an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ag www.focloir.ie chun an bhearna ina chuid Gaeilge a thógáil. Ansin a thagann buille maraithe mhuc na litríochta agus anam na teanga nuair a fhaighimid ceisteanna gearra seanchaite aiseolais ar shaothar cruthaitheach na Gaeilge. Tá codarsnacht idir dhá thuiscint ar an bpósadh sa dán ‘Colscaradh’? Cad é an mothúchán is mó a mhúsclaíonn an dán seo ionat féin? Cé a chum an dán seo? Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile. Is leor pointe amháin eolais as an dán mar thacaíocht le do fhreagra an chomhairle is minice ar an litríocht seo ar fhaitíos na timpiste go mbuailfeadh aon spleodar anailíse ná cruthaitheachta thú. Dán amháin, ar ndóigh, atá i gceist le saothar an fhile agus é scríofa go bródúil os do chomhair amach! Nach ait nach dteastaíonn frapa ar bith ón scoláire ceannann céanna sa Bhéarla?

An bhfuil sé de mhisneach agat an sceanairt a rinneadh ar an bprós a chloisteáil?

Sliocht thart ar 40 leathanach as ceann de shé shaothar – An Triail, A Thig ná Tit Orm, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Gafa agus Canary Wharf. Masla don údar agus míthuiscint iomlán ar an léamh agus an chruthaitheacht. Seo sampla de cheist bhreá litríochta do dhuine óg Gaeltachta – cainteoir dúchais ar chum a mhuintir amhráin is véarsaíocht agus a bhfuil amhráin mhóra na tíre ar bharr a ngoib acu – Ceol agus an chaid an dá chaitheamh aimsire ab fhearr le Maidhc Dainín. Cuntas réamhréitithe ar thús an leabhair spéisiúil spleodraigh sin gan úinéireacht ná anailís á éileamh ar litríocht ná ort féin.

Aidhm an tsiollabais seo dar leis an Roinn?

Meon dearfach i leith na teanga a chothú sna scoláirí, ag cur san áireamh gurbh fhéidir gurb í an Ghaeilge san Ardteistiméireacht an teagmháil fhoirmiúil dheiridh a dhéanfadh formhór na scoláirí leis an teanga’.

Céard faoin nGaeltacht agus a pobal? Ní haon iontas go n-iarrtar ar dhaltaí cárta poist ó chúrsa Gaeilge a scríobh! Is léir gur teip atá tuillte aige – tá an cur chuige diúltach agus tá an bonn atá faoi bréagach. Tá an bonn atá faoi bréagach mar go bhfuil sé dírithe go hiomlán ar fhoghlaimeoirí agus go gcaitear leis an nGaeilge mar dhara teanga, mar phidsean, agus thar aon rud eile, mar nach dtuigeann lucht a cheaptha go bhfuil litríocht i nGaeilge atá ar comhchaighdeán le litríocht an domhain agus go bhfuil daltaí cumasacha in ann déileáil léi ach é sin a éileamh orthu.

Ceiltear an saibhreas agus an pléisiúr sin ar dhaltaí na tíre, go háirithe ar chainteoirí dúchais, a bhfuil dearmad glan déanta orthu. Ceiltear na léitheoirí sin ar ár scríbhneoirí. Ní haon iontas nach mian lenár ndéagóirí óga sa Ghaeltacht an Ghaeilge a labhairt – a n-agóid fhochoinsiasach féin in aghaidh an chuir i gcéill?

Fág freagra ar 'Gaeilge phidsin na hArdteiste: buille maraithe na litríochta agus anam na teanga'

  • Seán

    Seo an fhadhb – níl an córas reatha ag freastal mar is ceart ar dhuine ar bith. Tá sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir foghlaimeoirí chéad teanga agus dara teanga i scrúdú amháin, ach ní féidir é sin a dhéanamh agus tá ag teip air mar thoradh.

    Ba cheart féachaint ar an gcóras atá acu sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais mar threoir. Caithfear idirdhealú a dhéanamh idir an siollabas agus na scrúduithe a dhéanann daltaí staidéar orthu don Ghaeilge i meánscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí agus i meánscoileanna Bhéarla.

    Ba cheart go mbeadh dhá cháilíocht dhifriúla ann ag an ardleibhéal: An Ghaeilge mar dara teanga [a bheadh dírithe ar mheánscoileanna Bhéarla is a dhíreodh isteach ar na bunscileanna don chuid is mó agus a dhéanfadh gach duine]. Ba cheart féachaint ar an mbealach a dhéantar measúnú ar na teangacha nua-aimseartha eile mar threoir.

    Agus ábhar breise: An Ghaeilge mar chéad teanga [a thabharfadh dúshlán níos fearr do dhaltaí i meánscoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí le níos mó béime ar chúrsaí litríochta] Ba cheart go mbeadh aitheantas agus pointí sa bhreis don ábhar breise seo ar nós Mata Fheidhmneach.

    Faoi láthair tá an scrúdú ródheacair d’fhoghlaimeoirí dara teanga. Níl siad in ann an teanga a shealbhú i gceart mar thoradh agus síleann siad go bhfuil an teanga deacair i gcomparáid le teangacha eile mar níl sé á teagasc ag leibhéal atá fóirsteanach dóibh. Ar an gcaoi chéanna níl sé dúshlánach go leor d’fhoghlaimeoirí chéad teanga agus tá siadsan thíos leis freisin mar thoradh.

    Ach tá réiteach simplí ar an gceist má tá an toil ann.

  • Stilla Mellis

    Bíonn an fhírinne searbh, mo léan.

  • Darragh Ó Chaoimh

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an alt seo. Bhí an pointe faoin léamhthuiscint “ógchairdiúil” an spéisiúil. Dar liom gur masla do dhaoine óga go gceapann na scrúdaitheoirí ná bímid in ann deileáil le ceist muna mbíonn Facebook/Twitter srl. luaite. Creid nó ná creid tá suim ag daoine óga i rudaí eile seachas an teicneolaíocht,popcheol agus na líonraí sósialta.

  • Fearn

    Tá na badhbha ar foluain os cionn créice na Gaeilge. Beidh piocarsach ann