Gaeilge ag níos lú ná 20% de na Gardaí atá ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall

Gaeilgeoirí iad nach mór duine as gach beirt Ghardaí atá ar dualgas sa nGaeltacht, ach tá figiúirí i bhfad níos ísle i gceist i nDún na nGall agus Maigh Eo

Gaeilge ag níos lú ná 20% de na Gardaí atá ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá ardú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na nGardaí atá ar dualgas sa nGaeltacht a bhfuil Gaeilge acu, ach is ag dul in olcas atá an scéal i nDún na nGall.

De réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, cainteoirí líofa Gaeilge iad 47% de na Gardaí atá lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht, beagnach duine as gach beirt, ach tá an céatadán i bhfad níos ísle i nDún na nGall agus i Maigh Eo.

I nDún na nGall, níl ach cúigear Gaeilgeoirí i measc an 26 Garda atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta an chontae. Fágann sin gur cainteoirí Gaeilge iad 19% de na Gardaí atá ar dualgas sa nGaeltacht i nDún na nGall, laghdú ar an 27% a bhí i gceist in 2020.

Gardaí lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht
2025 2020
Contae Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán
Dún na nGall 26 5 19% 26 7 27%
Maigh Eo 26 5 19% 33 3 9%
Corcaigh 4 4 100% 3 3 100%
Ciarraí 12 9 75% 19 6 46%
Gaillimh 20 18 90% 20 16 80%
Port Láirge 1 1 100% 0 0
IOMLÁN 89 42 47% 101 35 35%

Faoi Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa nGaeltacht a oiread agus atá sin indéanta.

Bhí conspóid ann in 2011 nuair a rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair. Léirigh imscrúdú gur Gaeilgeoir amháin a bhí i measc an naonúir Gardaí a bhí lonnaithe sa stáisiún ag an am.

Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú mar nach Gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe ansin agus dúirt sé le húdaráis na nGardaí dul i ngleic leis an gcás i nGaoth Dobhair. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh na moltaí a bhí san imscrúdú a rinneadh in 2011.

Tá rudaí feabhsaithe de bheagán ar an mBun Beag le 14 bliain anuas agus cainteoirí Gaeilge iad triúr den naonúr atá lonnaithe sa stáisiún in 2025 de réir na bhfigiúirí nua.

Gardaí lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht
2025 2020
Contae/Stáisiún Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán
Dún na nGall 26 5 19% 26 7 27%
An Fál Carrach 9 1 11% 9 1 11%
An Bun Beag 9 3 33% 9 5 56%
An Clochán Liath 7 1 14% 7 1 14%
Carraig 1 0 0% 1 0 0%
Maigh Eo 26 5 19% 33 3 9%
Gob an Choire 5 3 60% 4 0 0%
Béal an Mhuirthead 20 1 5% 28 2 7%
Gleann na Muaidhe 1 1 100% 1 1 100%

Garda amháin le Gaeilge atá i measc an naonúir atá lonnaithe ar an bhFál Carrach agus Béarlóirí iad seisear den seachtar atá ar dualgas ar an gClochán Liath.

Caithfidh Gardaí caighdeán B2 sa nGaeilge a bhaint amach sa gcóras TEG chun a léiriú go bhfuil siad in ann oibriú trí Ghaeilge.

Is é Dún na nGall an t-aon chontae inar thit céatadán na nGardaí le Gaeilge atá lonnaithe i stáisiún Gaeltachta.

Sa Ghaeltacht trí chéile 47% de Ghardaí atá in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge, i gcomparáid le 35% in 2020.

Idir 2020-2025, tháinig laghdú breis is 10% ar líon iomlán na nGardaí sa Ghaeltacht. 101 Garda a bhí ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta in 2020 le hais 89 garda i mbliana. Dúnadh stáisiúin in Indreabhán agus i Leitir Móir i gConamara le cúig bliana anuas agus athosclaíodh an stáisiún sa Rinn i bPort Láirge sa tréimhse chéanna.

Gardaí lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht
2025 2020
Contae/Stáisiún Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán
Corcaigh 4 4 100% 3 3 100%
Baile Bhuirne 2 2 100% 1 1 100%
Béal Átha an Ghaorthaidh 2 2 100% 2 2 100%
Ciarraí 12 9 75% 13 6 46%
Daingean Uí Chúis 11 8 73% 12 5 42%
Baile an Fheirtéaraigh 1 1 100% 1 1 100%
Port Láirge 1 1 100% 0 0
An Rinn 1 1 100% 0 0

19% de Ghardaí Ghaeltacht Mhaigh Eo atá ina gcainteoirí Gaeilge, ardú ó 9% in 2020.

Ní raibh Garda le Gaeilge ar bith ar dualgas i stáisiún Ghob an Choire cúig bliana ó shin ach cainteoirí Gaeilge anois iad triúr den chúigear Gardaí atá ag obair ann.

Níos measa atá an scéal i mBéal an Mhuirthead, áfach, áit a bhfuil an stáisiún Gardaí is mó sa nGaeltacht. Tá 20 Garda ag obair sa stáisiún ach níl ach cainteoir Gaeilge amháin ina measc, rud a fhágann nach bhfuil Gaeilge ach ag 5% de na Gardaí atá ag obair i mBéal an Mhuirthead.

Tá Gaeilge ag gach Garda atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara agus in Árainn. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbeirt a bhí lonnaithe ar an Mám in 2020 agus beirt Ghaeilgeoirí atá ar dualgas ann anois, athrú a fhágann go bhfuil céatadán na nGardaí Gaeltachta le Gaeilge i nGaillimh imithe suas ó 80% go dtí 90% le cúig bliana anuas. Is é stáisiún Leacht Seoirse in oirthear na Gaillimhe – ina bhfuil beirt ag obair agus gan Gaeilge ag aon duine acu – an t-aon stáisiún i nGaeltacht na Gaillimhe nach bhfuil na Gardaí ar fad ann líofa sa nGaeilge.

Gardaí lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht
2025 2020
Contae/Stáisiún Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán Iomlán Gardaí le Gaeilge Céatadán
Gaillimh 20 18 90% 20 16 80%
Leacht Seoirse 2 0 0% 2 0 0%
An Cheathrú Rua 6 6 100% 6 6 100%
Cill Rónáin 3 3 100% 3 3 100%
Indreabhán 0 0 1 1 100%
Maigh Cuilinn 2 2 100% 1 1 100%
Leitir Móir 0 0 1 1 100%
Ros Muc 1 1 100% 1 1 100%
An Spidéal 3 3 100% 2 2 100%
Carna 1 1 100% 1 1 100%
An Mám 2 2 100% 2 0 0%

D’ardaigh céatadán na nGardaí le Gaeilge i gCiarraí le cúig bliana anuas chomh maith. Garda amháin le Gaeilge atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh i gcónaí, ach d’ardaigh líon na gcainteoirí Gaeilge atá lonnaithe i stáisiún an Daingin ó chúigear go dtí ochtar idir 2020-2025. Fágann sin go bhfuil Gaeilge ag 75% de na Gardaí atá ar dualgas sa nGaeltacht sa gcontae, ardú ó 46% in 2020.

Cainteoirí Gaeilge uilig iad na Gardaí atá lonnaithe i stáisiúin Mhúscraí i gCorcaigh, mar a bhí i gceist cúig bliana ó shin. Beirt atá ag obair i mBaile Bhuirne agus beirt eile atá i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus Gaeilge líofa ag an gceathrar.

Ní raibh duine ar bith lonnaithe sa Rinn in 2020, an t-aon stáisiún Gardaí i nGaeltacht na nDéise, ach tá Garda amháin ar dualgas ann anois agus Gaeilge ag an duine sin.

Faoi Straitéis Gaeilge an Gharda Síochána, tá sé mar sprioc go mbeadh Gaeilge líofa ag os cionn 50% de na Gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta roimh dheireadh na bliana. Léiríonn na figiúirí nua go bhfuiltear gar don sprioc áirithe sin a bhaint amach.

Deir an Garda Siochána go bhfuil sé ina sprioc “leanúnach” acu go mbeadh an Ghaeilge ag 100% de na Gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta, mar a éilítear sa reachtaíocht.

Sa tuarascáil Ag Athrú An Gharda Síochána 2018-2024 a d’fhoilsigh an Garda Síochána mí an Mheithimh dúradh go raibh “méadú leanúnach tagtha ar líon na mball a labhraíonn Gaeilge i stáisiúin Ghaeltachta ar fud na tíre” ach nuair a d’iarr Tuairisc ar fhianaise chun an ráiteas a chruthú, níor cuireadh tada ar fáil. Chuaigh Tuairisc i dteagmháil le preasoifig na nGardaí faoi thrí ag lorg eolais agus cé gur dúradh go rabhthas ag obair ar an iarratas, níor tháinig aon fhreagra riamh.

Rinne Tuairisc iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ansin chun na figiúirí do Ghardaí le Gaeilge ar dualgas sa nGaeltacht a fháil.

Fág freagra ar 'Gaeilge ag níos lú ná 20% de na Gardaí atá ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An dtuigeann an pobal go bhfuil labhairt na Gaeilge ag an Gharda áitiúil gaeltachta? Agus an bhfuil siad sásta gaeilg a labhairt leis na Gardaí muna bhfuil canúint na háite acu?…nó an bhfuil siad níos compórdaí ag labhairt béarla leo – mar atá, is cosúil, ag stáisiún na nGardaí an Fháil Charraigh i dTír Chonaill.

    Bíodh is go bhfuil labhairt na Gaeilge ag na Gardaí seo, is é an bhéarla an teangaidh oibre a bhíonn acu. An bhfuil tacaíocht acu leis an Ghaeilg a úsáid? An úsáideann siad an Ghaeilg san oifig? an labhraíonn siad í san oifig? go háirithe agus béarlóir ina measc?

    An bhfuil plean teanga ag na stáisiúin Gardaí gaeltachta??