‘Frustrachas’ ar theangeolaí aitheanta a chuir ‘réiteach’ ar chás na Gaeilge ar fáil don Roinn Oideachais 30 bliain ó shin

Deir an teangeolaí David Little go bhfuil sé in am éirí as a bheith ag maíomh go bhfuil Gaeilge líofa ag gach múinteoir agus tosú ar mhúinteoir speisialta an-líofa a oiliúint agus a earcú do gach scoil

‘Frustrachas’ ar theangeolaí aitheanta a chuir ‘réiteach’ ar chás na Gaeilge ar fáil don Roinn Oideachais 30 bliain ó shin

Deir teangeolaí aitheanta a chuir ‘réiteach’ ar chás theagasc na Gaeilge ar fáil don Roinn Oideachais os cionn 30 bliain ó shin gur údar mór aiféala dó nach ndearnadh aon rud faoi.

Agus é faoi agallamh ag Tuairisc, dúirt David Little, ollamh emeritus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, gur theip ar an gcóras an Ghaeilge a theagasc agus níos measa fós nár ghá gurbh amhlaidh a tharlódh.

Labhair Little, ar dhlúthchuid dá thaighde faoi fhoghlaim teangacha an plé ar pholasaí na Gaeilge le dhá scór bliain anuas, le Tuairisc faoin ngéarchéim a deir sé atá i dteagasc na Gaeilge.

Labhair sé chomh maith faoin gconspóid a bhaineann le ganntanas múinteoirí le Gaeilge líofa agus faoin ngá, dar leis, le cúrsa nua Gaeilge don chainteoir dúchais nó líofa.

“Drochtheist cheart é ar ár gcóras oideachais, ar lucht polasaí, ar lucht oiliúna na múinteoirí agus ar na múinteoirí, go bhfuil cúrsaí mar atá,” a deir David Little.

“Tá frustrachas ag baint leis mar ní gá go mbeadh sé mar seo. Éireoidh leat aon áit a mbíonn múinteoir Gaeilge líofa ag múineadh trí Ghaeilge, mar ansin bíonn an Ghaeilge mar chuid de ghnáthchumarsáid an lae.

“Tá an teanga ag dul i ndísc go mall mar nár tharla sin riamh ar bhonn forleathan, mar nach ndearnadh iarracht é a dhéanamh ar bhonn stuama agus mar nár caitheadh aon dua le cur chuige dá leithéid a thabhairt isteach.”

David Little

Deir Little go raibh an réiteach céanna “ann in 2023 is a bhí in 2003 agus i 1983”.

“Tá sé an-simplí. I bhformhór na scoileanna ní mhúintear an Ghaeilge mar theanga chumarsáide, ní mhúintear í do na daltaí mar chuid de ghnáthchumarsáid an lae. Is cinnte go bhfuil roinnt cúiseanna leis sin.

“Ceann acu is ea easpa líofachta na múinteoirí Gaeilge. Gan dabht tá múinteoirí Gaeilge i scoileanna Béarla a bhfuil scoth na Gaeilge acu agus a bhaineann leas as an líofacht sin chun í a mhúineadh, ach is mionlach atá sna múinteoirí sin.”

Deir sé go bhfuil an cur chuige ó thaobh theagasc na Gaeilge “uafásach” agus go bhfuil rudaí imithe chomh holc sin go gcaithfear dearmad a dhéanamh ar a bheith ag maíomh go bhfuil Gaeilge líofa ag gach múinteoir.

Ina áit sin, ba chóir, a deir sé, múinteoir speisialta an-líofa a oiliúint agus a earcú i ngach scoil sa tír.

“Tá an tslí a múintear, mar dhea, an Ghaeilge uafásach. Leabhar oibre agus líon isteach na bearnaí – ní shin an tslí le cur le líofacht an dalta. Cuireann tú le líofacht an dalta le cur chuige atá dírithe ón tús ar úsáid na Gaeilge don chumarsáid phearsanta.

“Seafóid amach is amach atá ann, agus ní gá go mbeadh sé mar sin. Ní hé nach bhfuil airgead caite ag na Stát ar chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Ach níor deineadh é sin riamh ar bhealach stuama a bhainfeadh torthaí fiúntacha amach.

“Tá sé ródhéanach anois a bheith ag caint amhail is go bhfuil gach múinteoir oilte chun Gaeilge a mhúineadh, tá an lá sin thart. Más linn teacht aniar a dhéanamh anois caithfear é sin a dhéanamh trí mhúinteoirí speisialta atá an-líofa sa Ghaeilge a cheapadh i mbunscoileanna an stáit lena chinntiú go mbíonn an teanga mar chuid de ghnáthchumarsáid na ndaltaí gach aon lá. Ní féidir é sin a bhaint amach má bhíonn eagla ar gach duine focal Gaeilge a labhairt.”

Deir sé gur chóir go mbeadh cáilíocht éigin sa Ghaeilge i gcónaí ag gach múinteoir bunscoile ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa ghnáthchumarsáid, ach go gcaithfidh “múinteoir speisialta a bheith á stiúradh, duine atá an-líofa go deo, cainteoir dúchais dá bhféadfaí é”.

Cur amú ama “áiféiseach” atá sa chóras mar atá, a deir David Little.

“Tá cúigear clainne agam atá fásta suas agus deirim i gcónaí gur chaith siad 75 bliain eatarthu agus é ag teip orthu líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge. Ní argóint é sin le héirí as teagasc na Gaeilge ach argóint ar mhaithe le rudaí a dhéanamh ar bhealach níos stuama.

“Bhí réiteach na faidhbe ar fáil ón tús don Roinn Oideachais, do lucht forbartha polasaithe, do scríbhneoirí na siollabas agus do gach duine eile. Má tá tú ag iarraidh teanga a fhoghlaim, labhair í. Faoi láthair tá go leor den teagasc teanga – agus tá seo fíor faoi na hollscoileanna chomh maith leis na scoileanna – bunaithe ar rud éigin a fhoghlaim anois ar an gcaolseans go mbeidh deis agat é a úsáid uair éigin amach anseo.”

Saineolaí é Little ar úsáid na cumarsáide i múineadh teangacha agus bhí sé ina chomhairleoir ar chúrsaí siollabais ag an stát sna hochtóidí. Údar mór aiféala dó freisin nár glacadh go fóill lena mholadh go dtabharfaí isteach siollabas nua Gaeilge don chainteoir dúchais agus líofa.

Agus conspóid ar siúl faoi láthair faoi phlean na Roinne Oideachais dhá chúrsa a thabhairt isteach faoi dheireadh – T1 agus T2 – deir iarstiúrthóir ar an Lárionad Léinn Teanga agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide nár cheart dearmad a dhéanamh ar an gcúis go bhfuil an cúrsa eile ag teastáil.

“Rinneamar an argóint thiar sna hochtóidí nach ndearna sé aon chiall ar chor ar bith go mbeadh scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag teagasc ar an mbealach céanna le scoileanna an mhóraimh, scoileanna Béarla, is é sin ag teagasc na Gaeilge amhail is gur teanga eachtrannach í. Ní fhéadfá feabhas a chur ar aon rud le cur chuige mar sin.

“Bhí an rud céanna á rá agam an uair sin agus fiche bliain ina dhiaidh agus anois. Ní athróidh aon rud nó go mbeidh curaclam Gaeilge iomlánaíoch comhtháite ann. Cur chuige a bheadh bunaithe ar an gcumarsáid a theastaigh uainn sna hochtóidí agus a theastaíonn go fóill.

“Is údar mór aiféala dom é mar d’fhéadfadh malairt scéil a bheith ann agus ba cheart go mbeadh. Faraor ní raibh cur chuige stuama teagaisc riamh againn ó thaobh na Gaeilge.”

Ní pleananna móra leigheas an scéil ach oiread, a deir sé.

“Bíonn lucht ceaptha na bpolasaithe den tuairim má bhíonn plean 10 mbliana acu agus má chaitear an áirithe seo airgid leis go n-athróidh cúrsaí. Ach is é an t-aon slí amháin chun rudaí a athrú ná rudaí a athrú sa seomra ranga féin. Tá sé chomh simplí leis sin.

“Is údar mór díomá, frustrachais agus bróin dom nár tharla sin.”

Fág freagra ar '‘Frustrachas’ ar theangeolaí aitheanta a chuir ‘réiteach’ ar chás na Gaeilge ar fáil don Roinn Oideachais 30 bliain ó shin'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Feictear dom go raibh athbheochain na Gaeilge ar an mbóthar ceart sa chéad seo caite le coláistí ullmhúcháin dos na h-ábhair múinteoirí i ngach ceantar den Ghaeltacht suas go dtí na 1940í nó na 1950í go dtí gur dúnadh iad mar nach raibh gá leo níos mó de réir Roinn na Gaeltachta ? An é go bhfuil státseirbhísigh an lae inniu ró-amaideach chun chomhairle An Uasail Little a thuiscint? Nó an bhfuil agenda eile fé rún acu, se sin an teanga labhartha a thachtadh le pleananna casta a choinníonn agus a thacaíonn an maorlachas go príomha, agus teagasc na Gaeilge sna scoileanna a h-ísliú ar chomh-chéim leis An Laidin agus An Seana-Gréigis?

  • Mac Billings/Bilie Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Obair athbhreithnithe a dhíth

    — SUIM sa Ghaeilge ar dtús agus GRÁ di—

    Idir Mhaoiniú ón Cháináisnéis, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasaithe) agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an Mhéar agus an Ciste Stáit ag iarraidh níos faide agus níos folaimhe leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sa cliabhán.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘An t-Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae mar is ceart.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí maoinithe agus obair athbhreithnithe ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí agus Fásfaidh sí.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach
    sa Ghaeltacht/Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise
    Port Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *****************************************************************************************