Foréigean i dtraenacha agus ‘gangaid nua’ na hÍsiltíre

Ar an meán, déantar dhá ionsaí ar chigirí traenach san Ísiltír gach lá. Anuraidh, tharla 774 eachtra thromchúiseach, ionsaithe sceana ina measc

VIRM6

Níl sé éasca ar chigirí ticéad le príomhchomhlacht thraenacha na hÍsiltíre, NS, aghaidh a thabhairt ar an obair na laethanta seo.

Ní amháin gur chaill an comhlacht stáit suas go €88 milliún d’airgead cánach ar thraenacha ardluais fabhtacha nár baineadh úsáid astu ach ar feadh daichead lá.

Ní amháin go bhfuil líomhaintí tromchúiseacha calaoise á ndéanamh i gcoinne lucht bainistíochta an chomhlachta.

Anuas orthu sin, déantar dhá ionsaí fhoréigneacah in aghaidh an lae, ar an meán, ar chigirí ticéad i dtraenacha na hÍsiltíre. Anuraidh, tharla 774 eachtra thromchúiseach, ionsaithe sceana ina measc.

Deir 94% de chigirí traenach an chomhlachta stáit NS gur fhulaingíodar ionsaí foréigneach, nó gur tugadh drochíde béil dóibh, anuraidh.

Paisinéirí nár íoc as a dticéad agus a raibh fíneáil á tabhairt dóibh ba cúis le formhór mór na n-eachtraí seo.

Agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb, bíonn na póilíní le feiceáil sna traenacha níos minicí na laethanta seo. D’éiligh na ceardchumainn go dtabharfaí bataí smachta agus sprae piobair do na cigirí ticéad mar chuid dá bhfeisteas oibre chun iad féin a chosaint, ach dúirt an tAire Sábháilteachta agus Cirt, Ard van der Steur, nach bhféadfaí sin a dhéanamh ar eagla go dtógfaí na hairm seo ó na cigirí ticéad in eachtra fhoréigneach agus go n-úsáidfí orthu féin, nó ar phaisinéirí eile, iad. Lena chois sin, d’fhéadfaí tús a chur le fáinne fí foréigin.

Léiriú é an foréigean i gcoinne na gcigirí ticéad ar an gcaoi a bhfuil sochaí na hÍsiltíre ag dul i ngairge le blianta beaga anuas; feiniméan atá chomh feiceálach sin go bhfuil téarma fileata cumtha ag muintir na tíre faoina choinne: ‘de nieuwe hufterigheid’ nó ‘an ghangaid nua’.

Ní leis na traenacha amháin a bhaineann an feiniméan seo ach an oiread. Coicís ó shin, bhásaigh fear gorm a bhí faoi choimeád ag na póilíní sa Hág tar éis dóibh greim scornaí a bhreith air chun é a smachtú. Bhí círéibeanna sa Hág, mar a bhfuil parlaimint na hÍsiltíre lonnaithe, ar feadh nach mór seachtain i ndiaidh na heachtra sin.

Fág freagra ar 'Foréigean i dtraenacha agus ‘gangaid nua’ na hÍsiltíre'

  • Eoin Ó Cróinín

    Is cosúil go bhfuil an inimirce ar scála ollmhór tar éis go leor fadhbanna sóisialta a chruthú san Ísiltír – círbéanna, teannas eitneach, geiteonna, eagla ar chailíní gan an Hijab a chaitheamh i gceantair áirithe. Theo Van Gough maraithe agus Ayaan Hirsi Ali díbeartha as an tír toisc gur sheas siad an fód i gcoinne lucht Shariah. An fíor go bhfuil na fadhbanna seo ar fad ag cúisíu teitheadh na mbundúchasach Ísiltíreach as an tír nó an bhfuil áibhéil á déanamh ar fhadhbanna sóisialta na hÍsiltíre sna meáin?