Cúntóir Pearsanta de Dhíth
Is fear i gcathaoir rothaí mé atá 26 bliain d’aois atá ag lorg cúntóir pearsanta chun cabhrú liom a bheith in ann maireachtáil go neamhspléach ar champas Mhaigh Nuad. Is duine réchúiseach cairdiúil mé a bhfuil féith an ghrinn agus an spraoi ionam. Is maith a d’oirfeadh an post seo do mhic léinn nó dóibh siúd atá ag lorg obair pháirtaimseartha. Dáta tosaigh: Deireadh Lúnasa/Luath Meán Fómhair.
Dualgais
- Ag cabhrú le tascanna a bhaineann le cúram pearsanta (gléasadh, cith a thógáil, bearradh gruaige)
- Ag cabhrú le cócaireacht
- Ag cabhrú le cúraimí tí
Uaireanta atá de dhíth
Luan go Céadaoin: 7-9am agus 7-10pm
Déardaoin go Domhnach- 7-9am agus 7-10pm
Roinnfear an ról idir beirt iarrthóirí. Is féidir laethanta oibre a phlé. Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh le haghaidh meascán de na laethanta agus na huaireanta oibre thuas.
Riachtanais
- Taithí ar bith de dhíth. Cuirfidh mé fhéin agus an IWA oiliúint ort.
- Scileanna cumarsáide/idirphearsanta maith
- Féith an Ghrinn
- A bheith in ann treoracha a leanúint
- Meon oscailte
- Ní mór a bheith poncúil
- Caithfear rúndacht a choinneáil i gcónaí.
Téarmaí agus Coinníollacha
- €23- ráta pá bunúsach (x 1.5. Dé Domhnach x2 ar laethanta saoire poiblí)
- Teidlíocht laethanta saoire agus breoiteachta tar éis bliain amháin
- Deiseanna oiliúna agus forbartha
- Scéimeanna VHI agus pinsin
- Beidh ort dul faoi ghrinnfhiosrúcháin agus oiliúint ar láimhsiú
Iarratais chuig: rosspa1997@gmail.com