Fógra le déanamh go luath faoi fhorbairt tuilleadh cúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal

Meastar go mbeidh cúrsaí ardoideachais trí Ghaeilge thar a bheith tábhachtach chun daoine leis na scileanna cuí a chur ar fáil chun an t-éileamh a bheidh ar chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí a shásamh

Fógra le déanamh go luath faoi fhorbairt tuilleadh cúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal

Tá ráite ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil pleananna le fógairt go luath maidir le tuilleadh cúrsaí tríú leibhéal a fhorbairt trí Ghaeilge chun freastal ar an éileamh breise a bheidh ar chainteoirí líofa Gaeilge sa tseirbhís phoiblí amach anseo.

Is ceann de phríomhspriocanna an Achta Teanga, a ritheadh in 2021, go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí líofa Gaeilge faoi 2030.

Meastar go mbeidh cúrsaí ardoideachais thar a bheith tábhachtach chun daoine leis na scileanna cuí agus leis an gcumas teanga a sholáthar chun an t-éileamh a bheidh ann a shásamh.

Mar chuid den obair seo, tá ráite ag Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go bhfuil próiseas tairisceana le fógairt “sa tréimhse ghearr amach romhainn” maidir leis an athbhreithniú agus leathnú amach atá i gceist a dhéanamh ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge chun díriú níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn.

Bunaíodh an tionscnamh sin ar dtús chun a chinntiú go mbeadh dóthain daoine cáilithe le scileanna Gaeilge ann chun poist a raibh riachtanas Gaeilge leo a líonadh in Éirinn agus san AE. Cúrsaí aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí a bhí i gceist den chuid is mó ach is léir anois go gcuirfear le líon agus réimse na gcúrsaí a dtacaíonn an tionscnamh leo.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris an mhí seo caite go bpléifidh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

Ghlac an tAire Harris leis go bhfuil dualgas air i leith na sprice 20% agus dúirt go labhródh sé leis na hinstitiúidí ardoideachais maidir le soláthar cúrsaí Gaeilge i gcomhthéacs na reachtaíochta.

Cuireadh ina leith anuraidh go raibh sé “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal nuair a dúirt Harris gur faoi na hollscoileanna amháin a bhí sé cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí nua trí Ghaeilge a chur ar fáil agus go raibh dóthain cúrsaí ann cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheadh ar Ghaeilgeoirí faoin reachtaíocht nua.

D’aontaigh Simon Harris chomh maith gur fiú scagadh a dhéanamh ar mholadh a rinne an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill faoi cheist na hearcaíochta agus an oideachais.

Mhol Ó Domhnaill go ndéanfadh an HEA agus institiúidí ardoideachais siollabas comónta a dhearadh chun dian-oiliúint sa teanga a cheangal leis an bpolaitíocht, an eacnamaíocht, an dlí agus an riarachán poiblí.

Tá ráite cheana féin chomh maith ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach chun go mbeifear in ann sprioc nua an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Fógra le déanamh go luath faoi fhorbairt tuilleadh cúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal'

  • Seanán Ó Coistín

    Bíonn rudaí AR leibhéal, ní ag leibhéal. Mar sin, sa chás seo, ar an tríú leibhéal.

    Ní mór an réamhfhocal ceart a chur i bhfeidhm.