‘Údar náire’ é fógra d’fhéile Ghaeilge Éire 2016 a bheith i mBéarla amháin

Ar shuíomh Ireland.ie tá mír nuachta faoi fhéile imill Ghaeilge foilsithe i mBéarla amháin agus teachtaireacht ann a rá 'An téacs i nGaeilge le teacht'

‘Údar náire’ é fógra d’fhéile Ghaeilge Éire 2016 a bheith i mBéarla amháin

Dar leis an iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív  gur “náireach an rud é” gur i mBéarla amháin a foilsíodh mír nuachta faoi fhéile Ghaeilge atá beartaithe mar chuid  d’Éire 2016, agus gur tugadh geallúint go raibh “an téacs i nGaeilge le teacht”.

Is ar shuíomh Ireland.ie, an suíomh oifigiúil ag Éire 2016, an clár comórtha náisiúnta atá á reáchtáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta, a foilsíodh an mhír nuachta i mBéarla amháin.

Deirtear faoi cheannlíne na míre ar Ireland.ie – ‘Irish language in the spotlight for National Conference Fringe Programme’ – go bhfuil an t-aistriúchán Gaeilge “le teacht”.  

Tugtar an teachtaireacht chéanna faoin leagan Gaeilge tar éis an réamhrá ina dtugtar cuireadh do dhaoine “[to] Dive into an impressive array of fun and fascinating Irish language fringe events this November in Galway”.

Deirtear don tríú huair go bhfuil an t-aistriúchán Gaeilge le teacht i dtús na míre, mar a bhfuil ráiteas cáiliúil de chuid an Phiarsaigh i mBéarla – “A country without a language is a country without a soul”.

Tá leathanaigh eile a bhaineann leis an bhféile imill ar an suíomh Ireland.ie ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus is cosúil go bhfuil an cuid den ábhar sa mhír nuachta aistrithe go Gaeilge cheana do rannóg eile ar an suíomh.


Screen Shot 2016-10-24 at 22.50.06


Ní mó ná sásta atá urlabhraí Gaeilge Fhianna Fáil, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, a bheidh ag glacadh páirte i ndíospóireacht phoiblí le linn na féile, faoin gcinneadh an mhír nuachta a fhoilsiú i dtús i mBéarla amháin.

“Is náireach an rud é. Bhíodar an-mhaith go dtí seo ag cur rudaí amach go dátheangach. Tá an-iontas orm go ndearnadar é sin, níl sé ceart agus is é an trua go bhfuil siad ag éirí faillíoch agus míchúramach ag an nóiméad deiridh,” a dúirt sé.

D’iarr Tuairisc.ie ráiteas faoin scéal ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta tráthnóna inné.

Is mar chuid den Chomhdháil Náisiúnta faoi Éirí Amach na Cásca 1916 a bheidh ar siúl i nGaillimh an mhí seo chugainn atá an fhéile Ghaeilge ar an imeall seo á reáchtáil.

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don fhéile seo ar an imeall, beidh díospóireacht faoi Éire Aontaithe, léiriú stáitse de scéal an Phiarsaigh, Eoghainín na nÉan, léiriú ar dhráma TG4 Éirí Amach Amú/Wrecking the Rising, léiriú dátheangach de Seacht mBua an Éirí Amach leis an aisteoir Diarmuid de Faoite, agus léiriú de chuid Fíbín ar Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.

Fág freagra ar '‘Údar náire’ é fógra d’fhéile Ghaeilge Éire 2016 a bheith i mBéarla amháin'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl náire ar bith orthu. Ach muid ag cur costas ar an AE gach doiciméid a chur ar fáil i nGaeilge!

    Chláraigh mé mo ainm don Chomhdháil Náisiúnta céanna ach thugas faoi ndearna nach raibh foirm chláraithe i nGaeilge a fháil ar an suíomh!

  • file

    Cad chuige a bhfuil aistriúchán le déanamh ar chor ar bith? Ós imeacht Ghaeilge atá ann, cad chuige nár scríobhadh an clár i nGaeilge ar dtús? Thiocfadh Béarla a chur ar an téacs ina dhiaidh sin.