Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
- Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
- Céard atáthar a thuar?
- Céard atá ag tarlú i mí an Mheithimh?
- Cén fáth a luaitear an figiúr 720?
- Cén fáth a luaitear an céatadán 25%?
- Céard is cúis le fás na heite deise?
- Cén fáth a luaitear na meáin shóisialta?
- Céard atá ag cur as go mór dho dhaoine in Éirinn?
- Cad deir Eurostat?
- Cén fáth a bhfuil feirmeoirí míshásta?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
- Ag tuar
- Níl aon amhras
- Na meáin shóisialta
- Géarchéim
- Tréimhse
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
- Eite dheis
- Bolscaireacht
- Borradh
- Agóidí
- Dul i ngleic
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint
- Cad a cheapann tú féin faoi fhás na heite deise (in Éirinn agus thar lear)?
- Déan 5-7 bpointe a scríobh.
- Féach ar an alt ag an nasc seo le cúpla smaoineamh a fháil.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déan iad a phlé leo. An aontaíonn tú leis/léi?
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile
- Seo nasc chuig suíomh idirlín AE ina bhfuil cur síos ar na toghcháin Eorpacha.
- Seo nasc chuig alt faoin ábhar céanna.
Éist agus léigh an t-ábhar agus déan iad a phlé le do pháirtí.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Na cúiseanna go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag páirtithe na heite fíordheise san Eoraip…'