Leas á bhaint ag páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis as deacrachtaí tithíochta ar fud na hEorpa

Tá páirtithe ag iarraidh ceist na tithíochta a ghlacadh chucu féin in athuair mar cheist a d’fhéadfadh cuidiú leo páirtithe ón eite dheis a chur ó dhoras

Leas á bhaint ag páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis as deacrachtaí tithíochta ar fud na hEorpa

Céard iad na fadhbanna is mó atá le sárú san Eoraip faoi láthair? Agus an cheist is mó a bheidh in intinn an phobail le linn fheachtas thoghcháin na hEorpa? Cogaíocht san Úcráin agus in Gaza? Cúrsaí cosanta agus slándála an Aontais? Deacrachtaí leis an inimirce? Nó an ghéarchéim aeráide? Tá na ceisteanna sin ar fad tábhachtach agus ábhartha ach is í an cheist mhór i bpolaitíocht na hEorpa, de réir cosúlachta, an ghéarchéim tithíochta.

Ní taobh linn féin anseo in Éirinn atá ag fulaingt ceal soláthar tithíochta, de bharr cíosanna arda agus go minic ceal straitéis ag an leibhéal náisiúnta agus Eorpach le dul i ngleic leis an bhfadhb. Chonaic mé féin scuainí ag fanacht le leaba i gcomhair na hoíche i gcomharsanacht Notre Dame i bPáras le seachtain anuas. Tá polaiteoirí ar an eite dheis ag baint aimhleasa as an ngéarchéim agus ag maíomh gur mar thoradh ar an líon imirceach sna ballstáit éagsúla atá easpa tithíochta chomh forleathan.

An gciallódh leigheas ar an ngéarchéim tithíochta go laghdódh tacaíocht na bpáirtithe ar an eite dheis? Agus nach mbeadh borradh faoina dtacaíocht i mí an Mheithimh mar atá á thuar. Tá páirtithe anois ag iarraidh ceist na tithíochta a ghlacadh chucu féin in athuair mar cheist lárnach – ceist a d’fhéadfadh cuidiú leo páirtithe ón eite dheis agus páirtithe atá frith-Eorpach a chur ó dhoras. Faoi láthair tá na pobalbhreitheanna ag tuar go mbeidh ardú suntasach ar thacaíocht na bpáirtithe sin. Creideann polaiteoirí anois gur ceist í an ghéarchéim tithíochta a bhaineann le vótóirí meánaicmeacha agus a mheallfaidh iad le suim a léiriú sna toghcháin Eorpacha.

Mar a thuigeann muid anseo in Éirinn, is fadhb í an inimirce a chothaíonn míshuaimhneas agus imní sa bpobal nuair a fheictear dóibh go bhfuil an soláthar tithíochta á chur as a riocht le lóistín a thabhairt do theifigh agus iarrthóirí tearmainn. Éiríonn le dreamanna áirithe an imní sin a ghéarú tuilleadh, go háirithe i ngrúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais sa Pharlaimint.

Tá leithéidí an Rassemblement National sa bhFrainc, an Liga san Iodáil agus Alternatif fur Deustchland sa Ghearmáin ag treabhadh chun cinn leis an argóint faoi imircigh. Chuidigh an brú atá ar an gcóras tithíochta san Ísiltír le bua Geert Wilders ansin le gairid freisin.

Ní bhaineann polasaí tithíochta le cumhachtaí an Aontais Eorpaigh ach tá na líomhaintí gurb iad na hinimircigh is cúis leis an ngéarchéim easpa tithíochta ag cothú imní i measc cheannairí polaitiúla. Deir an eagraíocht Housing Europe nach bhfuil bunús ar bith leis an méid atá á mhaíomh ag páirtithe na heite deise faoi ghanntan tithe. Caithfear aird a thabhairt ar imní na saoránach, a deir Nicolas Smit, an Coimisinéir fostaíochta agus cearta sóisialta.

Beidh seisean ar dhuine de phríomhiarrthóirí ghrúpa na Sóisialach sna toghcháin i mí an Mheithimh agus súil aige le ról ceannasaíochta. ‘Caithfidh an Eoraip a bheith gníomhach i leith na géarchéime tithíochta,’ ar seisean.

Tá sé de cheart ag saoránaigh de chuid an Aontais tithíocht phoiblí a lorg sa mballstát ina maireann siad. An fhadhb anseo in Éirinn agus in go leor tíortha eile nach bhfuil dóthain tithe á dtógáil. Níl ach 7% de na tithe sa Spáinn ina dtithe sóisialta le hais 20% ar an meán sna ballstáit eile. Tá cíos sa tír sin ardaithe 50% le cúig bliana anuas.

Ach an oiread le hÉirinn níl dóthain tithíocht shóisialta á tógáil le blianta fada agus tá riaradh an mhargadh fágtha faoi chomhlachtaí tógála agus tiarnaí talún.

Seoladh dhá iarracht le gairid in iarracht ceist na tithíochta a thabhairt go dtí croílár an fheachtais sna toghcháin Eorpacha. Tá uachtaránacht na Comhairle Eorpaí ag an mBeilg faoi láthair [Charles Michel] agus tá Dearbhú na Bruiséile a dhéanann cur síos ar fhorbairt uirbeach san Aontas as seo go ceann cúig bliana foilsithe acu i gcomhar le ceannairí áitiúla i dtíortha an Aontais.

I measc na gcearta a luaitear go sonrach sa cháipéis tá an ceart fáil a bheith ar thithíocht ar phraghas réasúnach. Chuir Housing Europe a gclár toghchánaíochta féin i láthair ag deireadh mhí Eanáir. Leagann siad amach trí chéim a chuideodh leis an Aontas dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.

Éilíonn an dá cháipéis ar an bParlaimint a thoghfar i mbliana agus ar an gCoimisiún nua tús áite a thabhairt do chúrsaí tithíochta mar a tugadh do chúrsaí aeráide le linn an téarma reatha. Ní fadhb í seo atá teoranta do ghrúpa nó d’aicme áirithe níos mó agus tá tuiscint ag méadú go gcaithfear dul i ngleic leis an ngéarchéim reatha.

Tháinig Airí Tithíochta an Aontais le chéile faoi uachtaránacht na Fraince i mí an Mhárta anuraidh, an chéad uair acu cruinniú a bheith acu ó 2013. Aithníodh go dteastaíonn gníomh ach is beag atá tarlaithe ó shin. Cuirfidh an brú polaitiúil atá ann anois, de bharr argóint na heite deise gur imircigh is cionsiocair leis an ngéarchéim, dlús, bheadh súil agat, le beart ag an leibhéal Eorpach. Blocanna, stroighin agus oibrithe tógála i mbun oibre a leigheasfaidh an fhadhb seachas díbirt daoine.

Fág freagra ar 'Leas á bhaint ag páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis as deacrachtaí tithíochta ar fud na hEorpa'