Fiosrúchán ar bun ag comhairle faoi ‘sceitheadh eolais’ maidir lena polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí

Cuirfear rún faoi bhráid cruinniú speisialta de chuid Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ag moladh go ndéanfaí gearán oifigiúil le Coimisinéir Caighdeán Rialtais Áitiúil Thuaisceart Éireann faoi shárú rúndachta i dtaobh plé faoi chosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide

Fiosrúchán ar bun ag comhairle faoi ‘sceitheadh eolais’ maidir lena polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí

Tá fiosrú ar bun ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i dtaobh sceitheadh eolais maidir le plé faoina bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide.

Cuirfear rún faoi bhráid cruinniú speisialta de chuid na Comhairle anocht ag moladh go ndéanfaí gearán oifigiúil le Coimisinéir Caighdeán Rialtais Áitiúil Thuaisceart Éireann faoi aon sárú rúndachta a tharla i gcás an phlé a rinneadh faoi chomharthaí sráide ag cruinniú an mhí seo caite.

De réir miontuairiscí an chruinnithe sin a foilsíodh an tseachtain seo, tugadh eolas ann faoi dhúshlán dlí i gcoinne chosc na comhairle ar “chomharthaí sráide i dteangacha nach Béarla iad”.

De réir na miontuairiscí thángthas ar réiteach faoi cad a dhéanfaí faoin scéal, ach bhí an chuid sin den phlé faoi rún agus sonraí an réitigh ceilte faoi chló dubh.

Deirtear i gcomhfhreagras faoi chruinniú na hoíche anocht a scaip Príomhfheidhmeannach na Comhairle ar chomhairleoirí go gcuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil dóibh faoin bhfiosrúchán atá ar bun faoi sceitheadh eolais maidir le cás na gcomharthaí sráide.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite nach raibh sé i gceist ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach cosaint a dhéanamh san Ard-Chúirt ar a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide agus go bhfuil sé i gceist acu an polasaí sin a tharraingt siar.

Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’, a mhaígh sí a bhí in aghaidh an dlí.

Pléadh ceist an pholasaí sin ag cruinniú de chuid na Comhairle Dé Máirt agus tuairiscíodh ar na meáin shóisialta go raibh comhairle dlí faighte ag an gComhairle an polasaí a tharraingt siar toisc é a bheith mídhleathach.

Baineann fiosrúchán na comhairle le sceitheadh an eolais sin faoin bplé ar chás na gcomharthaí.

Dúirt urlabhraí de chuid Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach le Tuairisc.ie inné nach bhféadfaí a rá cé acu an bhfuil an polasaí ‘Béarla amháin’ á tharraingt siar acu nó nach bhfuil. Ní fhéadfaí aon soiléiriú a thabhairt faoin scéal, a dúradh, toisc go raibh “an t-ábhar seo os comhair na cúirte” faoi láthair.

I mí Feabhra na bliana seo, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I mí an Mhárta, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie ag an am gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sé.

Mar fhreagra ar aighneacht an CAJ, mhaígh Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach go raibh an polasaí ‘Béarla amháin’ acu “dleathach agus cuí”.

Ba iad Cumann Áitritheoirí Abbeyville a rinne an t-iarratas go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile).

Dar le Daniel Holder go raibh an moladh maidir le polasaí ‘Béarla amháin’, ar vótáil na comhairleoirí ar a shon, in aghaidh an dlí.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge – níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás, beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta an duine a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun ag comhairle faoi ‘sceitheadh eolais’ maidir lena polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí'

  • Murchadh

    An í an Chomhairle fèin (nó baill den Chomgairle) a rinne loitiméireacht ar na comharthaí? Eiseamláir fheachtasóirí ‘Dingle/Daingean Uí Chúise’?