Gníomhaíocht 1 – Fíor nó Bréagach:
Pléigh na ráitis thíos le do pháirtí agus abair an bhfuil siad fíor nó bréagach.
- Tháinig an chéad iFón amach sa bhliain 1980
- Is féidir scannán a fheiceáil ar Walkman
- Úsáideann níos mó ná 5 billiún duine an t-idirlíon gach lá.
- Is é an t-arm a d’úsáid an t-idirlíon ar dtús sna 1960aidí
Gníomhaíocht 2 – Suirbhé sa Rang:
- Tarraing greille i chóipleabhar (nó ar chlár bán beag)cosúil leis an gceann sa phictiúr thíos.
- Ansin téigh chun cainte le triúr sa rang agus faigh freagraí uathu.
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht:
- Éist leis an taifeadadh den dán.
- Éist leis an gcéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis/léi ag aithris an dáin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord
- Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
- Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
-
- Ach níor oibrigh sé sin mar a cheap an file.
- D’fhéach sé/sí ar an bhfón le hamchlár an bhus a fháil.
- Feiceann sé an tiománaí bus ag breathnú air
- fad is atá an bus ag dul thar bráid.
- Bhí an duine seo ina sheasamh ag stad an bhus.
- Bhí sé mífhoighneach mar nach raibh an bus ag teacht.
Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- Céard é téama an dáin seo, meas tú?
- Cén tábhacht a bhaineann leis an bhfón póca i saol an duine óig seo?
- An raibh tú in ann ionannú a dhéanamh leis an duine sa dán seo? Cén fáth?
- An gcuirfeá an locht ar thiománaí an bhus?
- Cén tábhacht a bhaineann leis an téarma ‘fíor-ama’ sa dán seo?
- Tá rithim le sonrú sa chéad abairt den dán, déan iarracht abairtí eile a chumadh ag úsáid rithime nó uama?
Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN
- Is tusa an duine a bhí ag fanacht ar an mbus. Bhí cara leat ar an mbus, scríobh na teachtaireachtaí téacs bheadh eadraibh faoin eachtra.
- Is féidir úsáid a bhaint as an aip Texting Story más mian libh.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Téigh ag obair le do pháirtí agus déan na teachtaireachtaí a léamh amach os ard.
- Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 9 – Nascanna ábhartha eile
- Sa chéad ghníomhaíocht eile beidh díospóireacht á scríobh agat. Seo nasc chuig gníomhaíochtaí chun alt/díospóireacht a scríobh faoin dteicneolaíocht
- Tá alt faoin teicneolaíocht le fáil anseo. Déan é a léamh.
- Seo mír faoin teicneolaíocht ar scoil
- An teicneolaíocht agus bulaíocht: Éist leis an duine óig seo ag caint faoi bhulaíocht ar líne.
- Déan an t-ábhar a phlé le do pháirtí. A bhfuil a fhios agaibh cén chaoi le fanacht sábhailte ar líne.Tá eolas le fáil ag an suíomh seo.
Gníomhaíocht 10 – Téigh i mBunn Pinn agus i mBun Díospóireachta – PUNANN
- Roinnfidh an múinteoir sibh i bhfoirne de bheirteanna. Beidh cuid agaibh ag caint faoi bhuntáistí na teicneolaíochta agus beidh an chuid eile ag caint faoi mhíbhuntáistí na teicneolaíochta.
- Déan an díospóireacht a scríobh. Úsáid an t-ábhar a bhí sa ghníomhaíocht roimhe seo.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
- Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
- Is féidir féachaint ar an díospóireacht seo chun an leagan amach a fheiceáil.
- Ansin beidh díospóireacht agaibh sa rang.
- I ndeireadh thiar, bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 11 – Taighde ar Líne
- Úsáid amchlár le Bus Éireann le hiniúchadh a dhéanamh ar thuras i do cheantar féin.
- Cuir Gaeilge ar na háiteanna a stopann an bus. Bain úsáid as logainm.ie chun teacht ar an leagan Ghaeilge do na bailte/sráidbhailte sin.
- Ansin scríobh cuntas ar aistear an bhus:
- An t-am a fhágann an bus
- Na bailte/sráidbháilte a ngabhann sé tríd
- Cén am a shroichfidh sé ceann scríbe.
- Cén fáth, dar leat, a dtabharfadh daoine faoin turas seo
- Nascanna:
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Stadeolaíocht le Marcus Mac Conghail'