Féile na Gealaí i Ráth Chairn, Féile na mBád in Árainn, Heartstopper 2, Bród na Gaeltachta is Tionól Gaeltachta i dTír Chonaill

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Féile na Gealaí i Ráth Chairn, Féile na mBád in Árainn, Heartstopper 2, Bród na Gaeltachta is Tionól Gaeltachta i dTír Chonaill

LEABHAIR

Leagan Gaeilge Heartstopper 2 á sheoladh i rith Bród 2025

Beidh an leagan Gaeilge den dara leabhar sa tsraith Heartstopper á sheoladh ag na foilsitheoirí Futa Fata i rith na féile Bród 2025 i mBaile Átha Cliath. Seolfaidh Seosamh Mac Seoin an leabhar nua ag ócáid i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) ar an Luan, 23 Meitheamh ag a 6 i.n. Beidh an t-aistritheoir Eoin McEvoy i láthair freisin le cóipeanna den leabhar a shíniú. Is é McEvoy a d’aistrigh an chéad leabhar sa tsraith go Gaeilge freisin, leabhar a seoladh anuraidh.  Úrscéal grafach mór le rá é Heartstopper agus é scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Scéal bog é faoi bheirt bhuachaillí meánscoile atá ag titim i ngrá agus ag foghlaim fúthu féin, faoin ngrá agus faoin gcairdeas agus iad ag fás aníos le chéile.

Tuilleadh eolais anseo.

Seoladh Leabhair le Seán Ó Beoláin

Seoladh an leabhar nua Cúpla Focal Nua le Seán Ó Beoláin i rith na seachtaine i gclubtheach Chumann Phádraig Mhic Phiarais, Co. Ros Comáin. Is bailiúchán gearrscéalta atá sa leabhar, dírithe ar pháistí scoile agus ar léitheoirí óga, a scríobh an t-údar d’fhonn ábhar spraíúil a chur ar fáil i nGaeilge. Is ball gníomhach de Ghrúpa Comhrá Gaeilge áitiúil é an t-údar, agus tháinig an saothar seo as mian an ghrúpa an Ghaeilge a chur i láthair ar bhealach tarraingteach don phobal.

Tá cúlra ag Ó Beoláin i saol an oideachais agus an spóirt, bhuaigh sé bonn sóisir Uile-Éireann iománaíochta le Ros Comáin i 1965 agus tá baint aige i gcónaí leis an gclub áitiúil. Bhí siamsaíocht is ceol ag an seoladh agus bhí Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge CLG, agus Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, i láthair mar ionadaithe ó Chumann Lúthchleas Gael.

FÉILTE

Féile na Gealaí i Ráth Chairn

Tá Féile na Gealaí ar siúl an deireadh seachtaine seo, an 13-15 Meitheamh, agus neart ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge le bheith ar pháirc pheile Ráth Chairn. Tá clár na féile ar fáil ar líne anois agus roinnt ticéad fágtha don Ghael sin a chuir a gceannach ar an méar fhada.

Féile na mBád Árainn

Beidh Féile na mBád ar siúl in Árainn ar an Satharn, 14 Meitheamh agus rásaí na mbád seoil ag tosú ag a 1:00 i.n. sa gcuan. Cuirfear péinteáil aghaidhenna ar fáil do na gasúir ag 2:30 i.n. agu beidh t-léinte agus húdaithe á ndíol ag an tSean-Chéibh i gCill Rónáin. Táthar ag súil le críoch a chur leis na rásaí ag a 4:00 i.n. agus beidh seisiún ceoil Tigh Joe Watty ina ndiaidh. Tá imeachtaí beartaithe i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus seisiún ceoil Tigh Joe Mac ar an Domhnach agus The Achill Lads ag casadh.

Tá clár na féile ar fáil ar Instagram ag an leathanach seo.

Féile Bród na Gaeltachta ar ais do 2025

Beidh Bród na Gaeltachta (#BRÓD2025), féile ealaíon phobail LGBTQIA+, ar ais arís i mbliana agus í ar bun ar an bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall ón 3 go dtí an 6 Iúil. Cuireadh tús leis an bhféile sa mbliain 2022. Ba í an chéad fhéile dá leithéid in aon Ghaeltacht tuaithe in Éirinn agus d’éirigh an-mhaith léi.

Fuair an fhéile seo gradam pobail ó Chomhlacht Forbartha Dhún na nGall don Tionscnamh Pobail is Nuálaí in 2022 agus dámhachtain ón Bright Ideas Project Fund do Lá na Filíochta ó Éigse Éireann.

Seo í an ceathrú bliain acu. Is í an aidhm atá leagtha amach ag lucht a heagraithe ná ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, ar na healaíona tuaithe agus ar an bpobal aerach. Beidh an clár iomlán á fhógairt go luath.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Lillis Ó Laoire

Ábhar as Cartlann Chonradh na Gaeilge faoi chaibidil

Déanfar machnamh agus plé le linn Thionól na Gaeltachta na bliana seo ag oíche Chartlann Chonradh na Gaeilg faoi fheachtais na nGaeltachtaí ó na 1970idí ar aghaidh. Beidh plé painéil ann faoi chathaoirleacht an chraoltóra Áine Ní Bhreisleáin agus urlabhraithe Gaeltachta ina teannta, Lillis Ó Laoire, Clíona Ní Ghallachóir, Seanán Mac Aoidh agus Aindriú de Buitléir.

Beidh an painéal cainte ar bun ag am lóin, ar an Déardaoin, 19 Meitheamh in Ionad Teampall Chróine. Leanfar leis an bplé ag ócáid eile an lá dár gcionn in An Chultúrlann, Árainn Mhór, tráth a mbeidh léamh filíochta leis an údar Proinsias Mac a’Bhaird agus é ag tarraingt inspioráide óna chuid staidéir ar Chartlann Chonradh na Gaeilge. Tá an ócáid sin á heagrú i gcomhpháirtíocht le Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith. 
Tá cartlann Chonradh na Gaeilge faoi choimeád in Ollscoil na Gaillimhe. An Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta a dhéanann maoiniú ar thionscadal Chartlann Chonradh na Gaeilge.

Tuilleadh eolais ar leathanach Instagram Chartlann Chonradh na Gaeilge.

TEILIFÍS

An tsraith CRÁ le TG4 díolta le hardáin i 68 tír ar fud an domhain

Tá an tsraith choireachta Gaeilge CRÁ ó TG4, ar a dtugtar Boglands go hidirnáisiúnta, díolta le hardáin i 68 tír agus á sruthú i nGaeilge le fotheidil i dtíortha amhail na Stáit Aontaithe agus an Astráil. Suite i nDún na nGall, leanann an scéal an Garda Conall Ó Súilleabháin agus é ag fiosrú bás a mháthar in ainneoin constaicí pearsanta agus oifigiúla.

Moladh an tsraith go mór as a cuid aisteoirí cumasacha, a scéalaíocht tharraingteach agus a fuaimrian nuálach, agus tá léiriú an dara séasúr beartaithe do 2026. Deir TG4 go léiríonn rath idirnáisiúnta CRÁ suim dhomhanda i scéalta cruthaitheacha Gaeilge agus neart na meithle a chruthaigh í. Craoladh CRÁ den chéad uair ar TG4 agus ar Seinnteoir TG4 ar an 11 Samhain 2024, agus tá sé fós ar fáil ar TG4.ie.

Fág freagra ar 'Féile na Gealaí i Ráth Chairn, Féile na mBád in Árainn, Heartstopper 2, Bród na Gaeltachta is Tionól Gaeltachta i dTír Chonaill'