‘Tá mise ag obair i Lucsamburg,’ a dúirt an fear óg le mo thaobh ag an lón don Chomhairle Lucht Féachana i TG4 an lá cheana.
Lucsamburg, a dúirt mé liom féin – nach shin ceann de mhíorúiltí móra na teicneolaíochta anois? Tá duine in ann breathnú ar chláir TG4 thall i lár na hEorpa agus a bhreithiúnas a thabhairt orthu ag cruinniú i mBaile na hAbhann. ‘TG4 Gach Áit,’ mar a deir an fógra.
Chuimhnigh mé siar ar an gcuairt a thug mé féin na blianta ó shin ar an tír bheag sin agus muid i mbun an chláir teilifíse Iris ann. Bhí a fhios againn go raibh scata Éireannach ag obair thall in institiúidí éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus go raibh Gaeilge ag cuid mhaith díobh. An bhliain áirithe seo bhíodar le turas a a thabhairt ar chuid de na hionaid a bhain le Naoimh Éireannacha sa bhFrainc agus ar ámharaí an tsaoil, nach rabhadar ag tabhairt cuairt freisin ar chuid de na bailte ba mhó cáil ó thaobh táirgeadh seaimpéin.
Chuireadar na múrtha fáilte romhainn agus bhí an-time againn thall. Is cuimhneach liom go raibh an t-iar-aire Airgeadais, Richie Ryan ina measc. Agus nach gearr anois go mbeidh iar-aire Airgeadais eile ag obair san Eoraip.
Máirtín Seoighe as Uachtar Ard (ach arb as Ceantar na nOileán dá mhuintir) an fear óg a labhair liom ag an lón. Dlí-theangeolaí é Máirtín agus bíonn sé ag aistriú cáipéisí a thagann ón gCúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg ón Fhraincis go Gaeilge. An Fhraincis teanga na Cúirte, a dúirt sé liom.
Ach is cosúil go bhfuil cead ag daoine a dteanga féin a roghnú cé gur sa Fhraincis is mó a bhíonn na cásanna cúirte. Mheabhraigh sé dom go raibh cás cáiliúil i nGaeilge ann cúpla bliain ó shin – cás a thug Peadar Mac Fhlannchadha, leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge. Dáithí Mac Cárthaigh an t-abhcóide a bhí aige. Bhain an cás le lipéid a bheith dátheangach ar earraí leighis d’ainmhithe.
De bharr go bhfuil 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, caithfear na cáipéisí a aistriú i ngach aon teanga. ‘Fuair siad réidh leis an maolú a bhain leis an nGaeilge,’ arsa Máirtín. B’éigean dom a iarraidh air é sin a aistriú dom. ‘Derogation’ a bhí ann a chiallaigh nár ghá an t-aitheantas céanna a thabhairt don Ghaeilge is a bhí ag teangacha eile. Ach anois, dúirt Máirtín liom, tá an stádas céanna ag an nGaeilge is atá ag na mórtheangacha eile agus tá an líon céanna foirne ag obair san aonad aistriúcháin Gaeilge is atá ag na teangacha eile – 20 duine atá ag obair ann anois.
Cruthaíonn sé sin sórt pobal ann féin. Deir Máirtín go bhfuil an oiread sin Gaeilgeoirí thart ar na hinstitiúidí Eorpacha agus i Lucsamburg trí chéile, go gcloiseann sé daoine ag `Gaeilgeoireacht’ thart air chuile lá. Chuir sé iontas ar chuid dá chairde ó thíortha eile, nuair a chuala siad nach raibh Gaeilge ag chuile dhuine in Éirinn.
‘Ní bhfaighfeá i nGaillimh é,’ deir sé. ‘Tá sé iontach!’
Nuair a thug muidne cuairt ar an gcathair os cionn 30 bliain ó shin ní raibh ach scata beag Éireannach lonnaithe ann, cé go raibh siad ard go maith i gcóras rialaithe an Chomhphobail.
‘Thart ar 4,000 Éireannach atá anois ann,’ deir Máirtín. Níl siad sin ar fad ag obair sna hInstitiúidí Eorpacha agus tá cuid mhaith díobh ag obair i réimse na baincéireachta. Agus ar nós an dream ar thug muidne cuairt orthu, tá Cumann Lúthchleas Gael lárnach sa saol sóisialta ann. Cé gur imir Máirtín le Cill Aithnín nuair a bhí sé ag fás aníos, thug sé moladh dá dheartháireacha agus d’admhaigh sé go raibh níos mó suime aige féin i léamh leabhar agus a bheith ag scríobh drámaí agus a leithéidí, seachas a bheith ag imirt peile.
Ach tuigeann sé tábhacht an CLG. ‘D’airigh mé faoin gclub (CLG) ag an obair,’ dúirt sé ‘agus fuair mé amach go mbíonn neart imeachtaí ar siúl acu.’
Tá stádas ar leith ag dhá thír bheaga san Aontas anois – Málta agus Éire, cé gur vótáladh san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais. Sin iad an dá thír a bhfuil Béarla acu mar theangacha náisiúnta agus ar ndóigh tharla sé sin de bharr an ‘Bhreatimeachta’. Dar le Máirtín thug sé sin deiseanna fostaíochta do dhaoine as an dá thír sin toisc go bíonn tóir ar dhaoine le Béarla le haghaidh postanna áirithe.
‘Tá saol iontach agam anseo, tá caighdeán maireachtála den scoth againn.’ D’admhaigh sé go raibh costas maireachtála an-ard ansin – ach nach bhfuil sé costasach in Éirinn freisin? Tá, go deimhin.
‘Tá mé gar don Bhruiséil, tá mé gar do Pháras,’ a deir sé. Agus cé nach bhfuil sé ach cúpla bliain sa phost tá cuid mhaith de thíortha na hEorpa siúlta aige.
Agus cén chaoi a bhfuair sé an post? Chaith sé ceithre bliana ag déanamh staidéar ar an Dlí Chorparáideach in Ollscoil na Gaillimhe agus ansin rinne sé máistreacht sa Dlí Eorpach agus an Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí. Chuimhnigh mé ar an Ollamh Seán Ó Conaill as Ollscoil Chorcaí ansin a mbíodh aithne againn air nuair a bhí sé féin agus mo mhac ag freastal ar Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath. Nach é a bhí fadbhreathnaitheach agus a chonaic na deiseanna a bheadh ann do dhaoine le céimeanna sa dlí agus sa nGaeilge?
Ar aon nós, tairgeadh seal oibre do Mháirtín th’éis an iarchéim a bhaint amach. Agus nuair a bhí a sheal istigh chuir sé isteach ar phost, rud a fuair sé.
Go n-éirí go geal leis – agus an cúpla míle comhÉireannach atá thall in éindí leis ag baint súp as an saol.
Fág freagra ar 'Fear óg Gaeltachta ag breathnú ar TG4 i Lucsamburg'