Fear gafa i nGaeltacht Dhún na nGall mar chuid d’fhiosrú faoi ionsaí

Tugadh fear a ionsaíodh agus a gortaíodh go dona i nGleann Cholm Cille aréir chuig Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceannainn

Fear gafa i nGaeltacht Dhún na nGall mar chuid d’fhiosrú faoi ionsaí

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi ionsaí a tharla i nGleann Cholm Cille aréir.

Thart ar 9.30pm a tharla an eachtra agus tugadh fear atá sna fichidí a bhí gortaithe go dona chuig
Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceannainn ina diaidh.

Ghabh na Gardaí fear inniu mar chuid dá bhfiosrúchán. Tá an fear a gabhadh san fichidí chomh maith agus tá sé á choinneáil i stáisiún Gardaí faoi Mhír 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.

Tá a gcuid fiosruithe fós ag dul ar aghaidh, a dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána.

Fág freagra ar 'Fear gafa i nGaeltacht Dhún na nGall mar chuid d’fhiosrú faoi ionsaí'