Fiú agus go bhfuil Whitey Bulger, an coirpeach a rinne marú, gadaíocht agus géarleanúint i mBoston, básaithe le trí bliana, tá eireaball eile den scéal uilig ag tarraingt cainte ar an taobh eile den Atlantach agus ceangal Gaeltachta ag baint leis.
Dúnmharaíodh Bulger i bpríosún in West Virginia in 2018. Bhí 16 bliain caite aige ar a theitheadh ón dlí roimhe sin. Bhí cúiseanna tromchúiseacha curtha na leith – lámh a bheith aige i mbás scór ina measc – agus bhí an réiteach á dhéanamh le haghaidh cásanna cúirte nuair a dhúnmharaigh príosúnaigh eile é.
I bhfad ó dheas in Florida, bhí John Connolly, a bhí ina bhall den FBI agus a thug scéalta ar an gcúlsráid do Bulger, sáinnithe i bpríosún agus téarma an-fhada amach roimhe. Ciontaíodh Connolly, arbh as South Boston é – agus arbh as Maigh Cuilinn in iarthar na Gaillimhe a athair – i ndúnmharú. Bhí eolas tugtha ag Connolly do Bhulger go raibh fear darbh ainm John Callahan ag dul go Florida agus go mbeadh deis ann an fear sin a fheallmharú ag an aerfort. Thapaigh Bulger a dheis agus cuireadh fear gunna ar an airdeall. Maraíodh Callahan ar an toirt.
Beart brúidiúil eile a raibh lámh mhór ag John Connolly ann ach bhí mísc go leor déanta roimhe sin.
Ciontaíodh John Connolly i ndúnmharú den dara grád – dúnmharú John Callahan – i gcúirt in Miami in 2009 agus gearradh 40 bliain príosúin air. Ach le himeacht aimsire, chlis ar shláinte Connolly, atá 80 bliain d’aois anois. Shocraigh Coiste Príosúin anuraidh go ligfí amach é le cónaí in éineacht lena bhean agus gan cead aige an teach a fhágáil ach sa gcás go mbeadh cóir leighis i gceist. Ach tá céim eile tógtha anois. Rinneadh socrú idir Stát Florida agus Massachusetts go bhféadfadh Connolly a theacht ag cónaí ina stát dúchais ach go mbeadh na coinníollacha céanna i bhfeidhm.
Tá Connolly ag fáil a phinsin agus de bharr a thréimhse san FBI, dúradh gur fear é a bheadh in ann breathnú amach dó féin.
Cuireann an t-aistriú seo go Massachusetts go leor feirge ar bhaintreach John Callahan – an fear a dúnmharaíodh in Florida i 1982. “Ní hé amháin go bhfuil an méid seo saoirse á thabhairt dó ach go bhfuil an pinsean coinnithe aige freisin,” a deir Mary Callahan.
Tá sise agus daoine eile ag fiafraí cén chaoi a bhfágfaí pinsean ag duine a thug cúl dá ghairm agus dá dhualgais san FBI, a thug droim láimhe leis an móid a bhí tugtha aige mar phóilín sinsearach agus a thacaigh le coirpigh. Ach tá freagra simplí nach dtaitneodh le go leor ar an gceist sin.
Faoi Acht de chuid Thithe na Parlaiminte in Washington i 1954, ní cheiltear cearta pinsin ar pholaiteoir ná ar fheidhmeannach stáit sa gcás agus nach gcuireann coireanna a bheadh déanta aige nó aici slándáil na Stát Aontaithe i mbaol.
Is cosúil anois go gcaithfidh John Connolly an chuid eile dá shaol sa stát inar rugadh agus tógadh é. Ach d’fhéadfadh nach tréimhse fhada atá i gceist de réir na scéalta anall. Tá cúpla cineál ailse thromchúiseach ag dul dó agus tugadh fianaise agus an t-aistriú á phlé gur beag le cois bliana a gheall na dochtúirí dó.
San am céanna, tá cuimhní agus díospóireachtaí faoi aimsir Whitey Bulger agus na comhghleacaithe a bhí aige – Connolly ar dhuine acu – á ndúiseacht aríst i mBoston.
Scéal ait, scéal brónach, scéal brúidiúlachta agus scéal caimiléireachta é an cuntas a thabharfar ar shaol John Connolly, a bhfuil lorg a ghinealais i nGaeltacht na Gaillimhe. Ba as Maigh Cuilinn a athair – John Connolly a bhí air siúd freisin. Ar nós na mílte eile, ba í an bád bán go Meiriceá a bhí i ndán dó. D’éirigh go maith leis i mBoston. Le himeacht na haimsire, bhí sé ina shaoiste sinsearach i monarcha Gillette i South Boston, comhlacht arbh iomaí sin Éireannach a chaith seal ag obair ann.
Níor lig John Connolly a dhúchas i ndearmad, ar chláruimhir a chairr ar chuma ar bith. Bhí an t-aitheantas ‘Galway 1’ ar an bpláta chun tosaigh agus chun deiridh aige. Baisteadh an leasainm ‘Galway John’ air. Bhí mac aige a bhí ina fhear cumasach agus meabhrach – John Connolly freisin.
Bhí stádas agus seasamh ag John Connolly agus é ina fhear óg i mBoston. Tugadh isteach é san FBI – póilíní náisiúnta feidearálach Mheiriceá – de bharr an meas a bhí air mar phóilín. Cliste, feiceálach agus dathúil, bhí Connolly ar chosán an ratha agus é ráite faoi go mbainfeadh sé ardchéim amach san FBI.
Ba ghearr go raibh sé i Nua-Eabhrac agus in Washington acu. Ach, bhí Boston san anchaoi le buíonta coirpeach sna 1970idí. Bhí buíon Whitey Bulger ar an gceann ba threise acu agus iad imithe ó smacht, nó geall leis.
Iarradh ar John Connolly filleadh ar Bhoston agus cuireadh dualgas trom air – súil a choinneáil ar Whitey Bulger agus teagmháil a dhéanamh leis.
Is iomaí cur síos atá déanta ar an gcéad uair ar chas Connolly agus Bulger ar a chéile gar do thrá Nantasket. I leaba teagmháil ghairmiúil phóilíneachta a dhaingniú le Whitey, ba é a mhalairt a tharla do John Connolly. Tháinig an bheirt ar an téad chéanna – Whitey ag tabhairt eolais do Connolly agus Connolly ag tabhairt eolais do Whitey.
Deirtear fós gur dóigh gurb í an dílseacht a bhíodh ag Éireannaigh South Boston – ba as Conamara agus iarthar na hÉireann cuimse acu – dá gceantar féin agus dá muintir féin a spreag an ceangal a fáisceadh idir Connolly agus Bulger – coirpeach agus póilín sinsearach.
Pé rud a spreag an ceangal, bhí toradh uafásach air.
Agus Connolly ag filleadh ar a dhúchas anois is iarsma é den tréimhse uafáis sin i stair Bhoston.
Fág freagra ar 'Fear de bhunadh na Gaeltachta fós sáite sa gconspóid faoi Whitey Bulger'