Faoiseamh iarBhreatimeachta agus an teorainn i Muir Éireann le maolú

Cé go dtógfaidh sé bliain nó níos faide sula ndéanfar aon athrú ba thógáil croí do lucht gnó agus d’fheilmearaí abhus an socrú i bprionsabal idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach

Faoiseamh iarBhreatimeachta agus an teorainn i Muir Éireann le maolú

Mar a bhí roimh an mBreatimeacht…

I dTuaisceart Éireann beidh deireadh le srianta trádála ar agraibhia agus plandaí ón mBreatain Mhór. Nuair a chuirfear bailchríoch ar an gcomhthuiscint a d’fhógair an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach i Londain Dé Luain tabharfar faoiseamh mór ann ó rialacha an Bhreatimeachta a thug rochtain do Thuaisceart Éireann ar mhargadh an AE ach a chruthaigh teorainn i Muir Éireann.

Cé go dtógfaidh sé bliain nó níos faide sula ndéanfar aon athrú ba thógáil croí do lucht gnó agus d’fheilmearaí abhus an socrú i bprionsabal. D’fháiltigh siad roimh an tiomantas do chomhoibriú idir an RA agus an AE maidir le sábháilteacht bia. Is iomaí tuisle a baineadh as lucht idirbheartaíochta cheana agus ní mór téacs an réitigh a dhréachtú, a aontú agus a achtú. Sa gcás seo tá brú mór ar an dá thaobh chun margadh a dhéanamh i bhfianaise na gcúinsí idirnáisiúnta.

Chomh maith le gnóthaí cosanta, taistil, seiceáil pasanna agus iascaireachta is é an t-aontas faoi shábháilteacht bia an ghné den bplean is mó a d’imreodh tionchar ar chúrsaí abhus. Nuair a bheidh na coinníollacha céanna i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór is atá san Aontas ní bheidh aon ghá le socruithe éagsúla i dTuaisceart Éireann. Da réir sin, beidh deireadh leis an ualach costasach páipéarachais a bhain le bia, ainmhithe agus plandaí a thabhairt isteach anseo as an mBreatain.

Ní chuirfidh margadh Keir Starmer deireadh ar fad leis an teorainn i Muir Éireann. Beidh dearbhuithe custaim riachtanach d’earraí a thugtar isteach sa Tuaisceart agus ní bheidh aon athrú air sin. Ina theannta sin caithfear athruithe a d’éiligh an Bhruiséil a chur i bhfeidhm abhus faoi théarmaí Chreat Windsor, fiú má cheadófar iad a chur ar ceal nuair a thiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm. I mí Iúil i mbliana beidh lipéad ‘níl cead seo a dhíol san AE’ le cur ar earraí bia. Níl cógais tréidliachta san áireamh sa réiteach nua ach tá rialacha an AE le cur i bhfeidhm abhus i mí na Nollag – tar éis tréimhse chairde. Tá sé á thuar go gcothóidh sé deacrachtaí.

Mar a bhí riachtanach i gcás an Tuaiscirt, toisc go raibh rochtain ar mhargadh aonair an AE aige, beidh iallach ar an Ríocht Aontaithe cloí le rialacha sábháilteachta bia an AE ón uair a thiocfaidh an margadh i bhfeidhm. Scéal thairis é, seans, ach shílfeá go gcosnódh sé sin an pobal ó shicín clóirínithe nó mairteoil Mheiriceá, is cuma cé na héilimh a bheidh ag an Uachtarán Trump.

Má bhí lucht trádála, miondíoltóirí agus lucht soláthair bia dearfach faoin gcaidreamh nua idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach níorbh amhlaidh an scéal do na hiascairí agus beidh dianphlé idir iad agus na húdaráis i Londain agus sa Bhruiséil sa tréimhse seo romhainn. Tá brú ar na polaiteoirí áitiúla dul i mbun stocaireachta.

D’fháiltigh Sinn Féin, an SDLP agus Alliance – na páirtithe a bhfuil bá acu leis an AE – roimh an scéala go bhfuil feabhas ar an gcaidreamh idir Keir Starmer agus an tAE. Beidh siad ag coinneáil súil ghéar ar an idirbheartaíocht faoin margadh. Ach céard faoi na páirtithe Aontachtacha – an DUP, lucht éilimh an Bhreatimeachta chrua, an TUV a bhí níos crua fós agus an UUP a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.

Nuair a d’fhill an DUP ar Stormont anuraidh i ndiaidh a mbaghcat mar gheall ar an teorainn i Muir Éireann bhí sé intuigthe gur ghlac siad leis nach mbeadh siad in ann í a chur ar ceal. Ní féidir lena gceannaire Gavin Robinson é sin a rá ach chaithfeadh sé gur faoiseamh dó an seans go maolófar na srianta. Dúirt sé go mbeadh beagán faoisimh ann ach nach nglacfadh an páirtí choíche leis na socruithe a d’fhág Tuaisceart Éireann scoite amach ón mBreatain Mhór. Feall ab ea an dréachtshocrú, dar le Jim Allister, ceannaire an TUV, ní nach ionadh. Droim láimhe leis an mBreatimeacht é, ar sé, agus géilleadh do rialacha na Bruiséile.

Tá go leor eile den bharúil gur léirigh Starmer easpa uaillmhéine, go bhfuil an margadh easnamhach agus gurb é a locht a laghad. Ní béas leis céimeanna móra misniúla a ghlacadh.

Ach tráth a bhfuil an reacht ó lár an chéid seo caite ar lár is mór an gar go bhfuil cuid mhaith de thíortha na hEorpa ag tarraingt le chéile. Tá an éiginnteacht, suaitheadh agus ár le sárú acu má tá an mianach iontu. Anseo sa Tuaisceart, más é an beagán féin é, beifear ag súil leis an bhfaoiseamh a gheallann an socrú don díoltóir agus don gceannaí.

Fág freagra ar 'Faoiseamh iarBhreatimeachta agus an teorainn i Muir Éireann le maolú'