Cé gur bhain Luimneach craobh na hÉireann san iomáint shinsir sa bhliain mhallaithe 2020, agus an méid sin déanta thar amhras anonn le faghairt is le ceird, níorbh é sin an t-aon rud suaithinseach amháin a tharla i bpríomhchathair Thuamhumhan.
Tharla cúpla lá roimh Nollaig gur thit leabhar isteach ar lic an dorais chugam Prós Paiteanta: Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach (Coiscéim €15) agus é in eagar ag Laoise Ní Cheallaigh, Róisín Nic Dhonncha agus Breandán Ó Cróinín. Comóradh ar shaothar Phádraic Breathnach atá ann, agus fág gur Gaillimheach ó dhúchas é, tá formhór a shaoil oibre caite aige i gcathair Luimnigh.
Tá aistí ann ó údair éagsúla a dhéanann plé cuimsitheach ar na gnéithe is suaithinsí dá shaothar, agus ar eochair anois iad d’aon duine ar mian leis dul siar agus blaiseadh de na scéalta agus de na húrscéalta den scoth atá scríte aige le breis agus leathchéad bliain.
Is mithid agus is maith an leabhar seo mar tugann sé aitheantas cóir ceart d’údar a scríobhann ‘prós paiteanta’, mar atá i dteideal an leabhair, ach a chíorann téamaí atá gairid i gcónaí don saol ina mairimid agus a chorraíonn an croí ag an am céanna.
Fara na n-aistí, tá agallamh ag Máire Ní Neachtain le Pádraic é féin i gcorp an leabhair istigh, agallamh a déanadh le linn comhdhála ina onóir i gColáiste Mhuire gan Smál sa bhliain 2018 agus ina bpléitear dálaí a shaoil agus a chuid scríbhneoireachta. Díol suime gur scríbhneoir é a bhíonn ag scríobh i gcónaí mar is scríbhneoir é, agus go ndeir sé gurb iad is deise leis dá shaothar ar fad trí cinn de na húrscéalta cé gur mar ghearrscéalaí ar dtús a thuill sé cáil.
Go deimhin, an cheist mhór sin, cé acu gearrscéalaí nó úrscéalaí le ceart é, tá sin pléite go mion siar síos tríd an leabhar móide aistí ar na leabhair féin, cúrsaí eitice, dúchais, agus comparáide le Sorcha de Brún, Pádraig de Paor, Gearóid Denvir, Laoise Ní Cheallaigh, Aingeal Ní Chualáin, Pádraig Ó Cíobháin, Brian Ó Conchubhair agus Breandán Ó Cróinín.
Is é oighear an scéil é go raibh sé i gceist agam féin le tamall aird a tharraingt ar shaothar eile de chuid Phádraic nach raibh oiread sin iomrá air, ach gur gaisce scríbhneoireachta agus cumadóireachta é mar sin féin. Is é sin, an t-aistriúchán a dhein sé ar Angela’s Ashes le Frank McCourt a bhfuil Luaithreach Angela: cuimhní óige (Ionad Scríbhneoirí Luimneach, €15, $20, £12) air, agus a foilsíodh sa bhliain 1996.
Tabharfar faoi deara go luaitear uaireanta ar bharr an cholúin seo gurb ann dó d’fhonn eolas a thabhairt do leabhair atá ar son do leasa nó d’aimhleasa. Leabhar ar son d’aimhleasa é seo chomh cinnte is atá púdar i nDoire, bás agus cíosa id thimpeall agus faithne ar smig Chromail. Óir, níl aon amhras ná go bhfuil an píosa bligeardaíochta seo ar an leabhar is lofa dár scríobhadh agus a fuair leathantas ar chúiseanna nach dtuigeann an Spiorad Naomh féin lenár linn.
Chuige sin an aiste atá agam féin sa chnuasach seo, ach bhí i gceist agam an daoiscéal a scaoileadh amach i bhfad roimhe seo. Tá Pádraic molta agus sármholta agam ar an aistriúchán a dhein sé, óir tá tréithe Phádraic siar síos ann – an stíl réidh, an cruinneas cainte, an chruthaitheacht teanga, an nathannacht éasca, an Ghaeilge álainn gan cháim. Ach níorbh fhéidir leis, faoi bhun leabhar eile ar fad a scríobh, na bréaga, an áiféis, an amaidí, na maslaí, na heachtraí éithigh ar fad a cheilt arb iad substaint agus scamhard agus aon tiomáint an leabhair iad. Go deimhin, tá de bhua ag Pádraic leabhar inléite a chur ar fáil ar shlí nach gá dúinn dul amach agus urlacan a dhéanamh ar an mbán nó an t-iasc órga chaitheamh leis an madra béal dorais. Ar nós Dracula Sheáin Uí Chuirrín, is fearr go mór is go fada leagan Phádraic ná bunleagan Mhic Cuarta lena fhriotal Ladybird agus a chuid scéalta nach gcreidfeadh na deartháireacha Grimm ná Hans Christian Anderson an uair ba shínte samhlaíocht iad.
Ní gá dul isteach sna bréaga sin ar fad anseo. Táid rianaithe agus liostáilte agus curtha os ard agam san aiste ar shlí nach bhféadfadh an draoi ab fhearr iad a bhréagnú. Iad buailte abhaile go bun na dúide thíos. Abraimis ‘an óige anróiteach Éireannach’ sin sna focail thosaigh cháiliúla úd, an óige a mhaígh sé a bhí níos measa abhus ná áit ar bith eile ar domhan. Níor ghá mórán meabhrach a bheith agat lena thaispeáint go raibh an óige in Luimneach na dtríochaidí agus na ndaichidí san aois seo caite ar cheann de na háiteanna ab fhearr go bhféadfá d’óige a chaitheamh ag an am. Tógtar amach an léarscáil agus gabh leat ó thír go tír. Lándáiríre, arbh fhearr Marrakesh, nó Glaschú, nó Cathair Mheicisceo, nó Calcutta, nó Beirlín, nó Cairo, nó Tóiceo, nó Ulan Bator, nó Rihyad, nó?….abair leat go deireadh an tsaoil, agus ní bhfaighidh tú mórán áiteanna níos fearr ná cathracha na hÉireann le bheith beo iontu murar bhain tú leis an meánaicme ghairmiúil agus os a cionn. Cuid an fhíorbheagáin riamh.
Ó sea, bhí sé fliuch i Luimneach. Ní raibh. Bhí triomach san áit, an triomach ab fhaide riamh i stair na cathrach sna blianta sin ba mhó gearán ag Mac Cuarta. Inniu féin, is lú an bháisteach a thiteann in Luimneach ná in Nua-Eabhrac. Ach cad is fíoras ann suas is anuas le bréag bhreá mhór?
Is í an bhréag is mó, áfach, ná an bunchreideamh atá faoin leabhar ar dá bharr a ceannaíodh chomh fonnmhar é, agus is é sin, áit iontach saibhir a raibh gach seans geal faoin spéir romhat is ea na Stáit Aontaithe, agus áit bhocht chúngaigeanta ar gátar éalú uaithi ba ea Éire. Is é an damh sa leithreas, áfach, agus an bufaló ar an staighre, ná….má bhí Éire chomh hainnis sin sa chéad áit, cén fáth ar fhill clann Mhic Cuarta ón tír tairngre d’fhonn tearmainn a lorg i measc na leipreachán agus na n-amadán saonta in Éirinn?
An bhfuil aon seans ann gurbh fhearr go mór is go fada an saol abhus go fiú i lár na bochtaineachta ná an saol a bhí acu thall? Go díreach is mar atá anois, mar a tharlaíonn. Is ea, tá an cultural cringe farainn i gcónaí, agus is maith is fiú Luaithreach Angela a léamh mar theist air sin amháin.
Antóin
Caithfidh nach bhfuil Corca Dorcha ar an léarscáil sin agat!