Is mar ghearrscéalaí is fearr aithne ar Dhaithí Ó Muirí, óir tá ceithre chnuasach curtha amach cheana aige, agus is de shuimiúlacht i gcónaí conas mar a éireoidh le húdar a ghluaiseann ón ngort beag amach ar mhachaire níos leithne an úrscéil. Ní machaire leathan atá san úrscéal gairid seo Ré (CIC €10) uaidh áfach, óir is mó de novella é, lán 112 lch. de.
Domhan faoi leith a chruthaíonn Ó Muirí ina shaothar gearrscéalaíochta, domhan mistéireach, diamhair, aineoil inar féidir le haon rud titim amach, nó titim isteach féin. Ní taise don saothar seo é, óir is eachtra banreacaire óig é a ghluaiseann trí chathair gan ainm a chasann le daoine nach bhfeadair in áiteanna gan sloinne.
Ceart go leor, agus óicé, sínfear lámh amach ag sireadh cosúlachtaí agus rithfidh tírdhreach Kafka le daoine (is ea, níl aon chomparáid á déanamh anseo), fág gur dealraithí le rud éigin as Dino Buzatti é. Mura bhfuil aon bhrí leis sin duit, ná bac, seasann an t-úrscéal seo ar a dhá chois féin.
Cuma nádúraíoch go leor tá ar an oscailt. Bean ag obair i mbanc a ghabhann amach d’fhonn casadh lena deirfiúr. Casann isteach in óstán ina bhfuil dorchlaí ag síneadh soir siar ar leibhéil éagsúla agus doirse ar gach taobh nach eol cad tá laistiar díobh. The Shining gan beirt chailíní óga.
Mar sin féin, ní cúrsa uafáis é seo ach cúrsa ina mbuailtear le teagmhálaithe den uile shórt: Axel, fear gan aon chúlra a bhfuil babhta paiseanta aici leis, Kari a leannán féin atá thar lear ach a fhilleann (cineál), An Ghaoth Anoir, bean feasa nach bhfuil oiread sin gaoise aici ar deireadh agus Goethe, ach an é atá ann dáiríre píre líre?
Fairis sin tá bean ar bhus a mbíonn comhrá gáirsiúil aici le gach fear óg a thagann an treo, agus gan amhras a deirfiúr féin arb í an t-aon duine amháin í a bhfuil cúlra éigin aici, fág go bhfuil sin chomh hait le scéal aon duine eile. Is amhlaidh go bhfuil sise scartha lena fear céile agus titeann i ngrá le bean a bhfuil Greifo uirthi, an rud is fearr dár tharla di riamh ina beatha shaoil, dar léi. Ach amháin nach bhfuil sise de réir a tuairisce ach an oiread.
Is é fírinne agus bréag agus ponc amháin ar a laghad den scéal nach bhfuil aon rud mar a thuairisc.
Ma tá mearbhall ort mar sin, ní gá a bheith. Tá scéal anseo a bhfuil tús, lár agus deireadh ann, agus iad san ord sin, ait le rá. Tá an stíl éasca, soléite, comhráitiúil, inleanta, bíodh go n-athraíonn sé de bheagán de réir na heachtra atá á hinsint. Saol samhlaíochta ar geall le taibhreamh é atá cumtha ag Daithí Ó Muirí, agus ar nós an taibhrimh tá a loighic féin aige. Níl le déanamh ach do chloigeann a chur ar an adhairt ann agus ligean don ghluaiseacht tú a sheoladh ar aghaidh. Ní bheidh díomá ort.
Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Ar nós an taibhrimh tá a loighic féin ag an sár-úrscéal Gaeilge seo'