Fainic curtha ag an gCoimisinéir Teanga ar roinn rialtais a d’úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta

Rinneadh gearán leis an gCoimisinéir Teanga maidir le húsáid an logainm ‘Rosaveel’ in iarratais phleanála a rinne an Roinn d’fhorbairt chalafort Ros an Mhíl

Fainic curtha ag an gCoimisinéir Teanga ar roinn rialtais a d’úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta

Tá eagraíocht teanga ag moladh don rialtas feachtas feasachta a chur ar bun chun tábhacht na logainmneacha Gaeltachta a chur chun cinn tar éis don Choimisinéir Teanga dul i dteagmháil le roinn rialtais maidir le húsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta.

Mheabhraigh Oifig an Choimisinéara Teanga don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le gairid a dualgas reachtúil maidir le húsáid leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta. Bhain an cás áirithe seo le gearán a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga maidir le húsáid an logainm ‘Rosaveel’ in iarratais phleanála a rinne an Roinn d’fhorbairt chalafort Ros an Mhíl.

Deir Conradh na Gaeilge, a rinne an gearán le hOifig an Choimisinéara, gur ábhar imní é go mbeadh roinn rialtais fós ag úsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta agus gur chóir don rialtas “uaillmhian agus ceannródaíocht” a léiriú chun tábhacht na logainmneacha Gaeilge a chur in iúl don phobal agus don tseirbhís phoiblí.

Chuaigh an Conradh i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga i mí an Mheithimh maidir le hiarratas a bhí déanta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le Comhairle Chontae na Gaillimhe ar shíneadh ama i leith forbairt ag Céibh Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tar éis don Choimisinéir Teanga dul i dteagmháil leis an Roinn, tugadh le fios go raibh prótacal forbartha sa Roinn maidir le húsáid logainmneacha Gaeltachta ach gur fágadh an leagan Béarla sna cáipéisí a bhain leis an iarratas ar an síneadh ama toisc gur baineadh úsáid as an leagan Béarla sa bhun-iarratas a rinneadh ar cheadúnas pleanála in 2017.

Mheabhraigh Oifig an Choimisinéara Teanga don Roinn go raibh an dualgas reachtúil a bhaineann le logainmneacha Gaeltachta i gceist in 2017 chomh maith, rud ar ghlac oifigigh na Roinne leis.

Tugadh le fios go bhfuil innealtóir le Gaeilge ag plé leis an bhforbairt agus gur fhorbair an Roinn an prótacal maidir le húsáid na logainmneacha Gaeltachta i gcomhair leis an innealtóir sin.

Mar thoradh ar an bhfiosrúchán, chuir an Roinn cóip de cháipéisí nua ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga atá dréachtaithe le roinnt míonna ina bhfuil na logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid go cuí. Cuireadh in iúl freisin go bhfuil ríomhphost scaipthe ar fhoireann na Roinne ag meabhrú a ndualgas faoin reachtaíocht teanga dóibh agus cumarsáid déanta leis an bPríomh-Innealtóir freisin maidir le haon oibreacha atá beartaithe ag an Roinn i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil “iarracht cheart” ar bun ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís agus gur fearr “go mall ná go brách”.

“Táimid ag súil go gcloífidh siad lena bhfocal, agus go ndéanfaidh na ranna eile amhlaidh, ach is dul chun cinn suntasach é seo ar a laghad,” arsa Ní Chinnéide.

Dúirt sí le Tuairisc go mbíonn iarratais phleanála sa Ghaeltacht á scrúdú go leanúnach ag Conradh na Gaeilge mar chuid d’obair na heagraíochta ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil mí-úsáid logainmneacha tagtha chun solais cúpla babhta.

Ábhar imní é, a dúirt sí, go bhféadfadh go mbeadh leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta in úsáid ag ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí i ngan fhios, murach gur tugadh an cás seo chun solais.

“Tá uaillmhian agus ceannródaíocht ag teastáil ón rialtas agus ós na ranna éagsúla má tá siad dáiríre fé chur chun cinn na teanga,” a dúirt Ní Chinnéide. “Is bocht an scéal é murar féidir an beart a dhéanamh leis na nithe simplí agus logainm Gaeltachta oifigiúil a úsáid mar is ceart.

“Ba bhreá linn feachtas feasachta ceart a fheiscint ón rialtas, chun tábhacht agus saibhreas na logainmneacha a chur fé bhráid an phobail – agus dar ndóigh, mar thúsphointe, go mbeadh na logainmneacha Gaeltachta in úsáid ag an rialtas féin i gcónaí.”

Chinn Comhairle Chontae na Gaillimhe an mhí seo caite síneadh ama a thabhairt don cheadúnas pleanála a tugadh d’fhorbairt Chalafort Ros an Mhíl. Diúltaíodh anuraidh d’iarratas don síneadh ama toisc nach raibh tús curtha leis an bhforbairt ach, agus obair shuntasach déanta ar an gcéibh ó thús na bliana, ceadaíodh iarratas eile. Tá go dtí 2028 anois leis an obair forbartha ar an gcalafort a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Fainic curtha ag an gCoimisinéir Teanga ar roinn rialtais a d’úsáid logainmneacha Béarla do cheantair Ghaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl anseo ach útamáil idir ranna rialtais. Caidé faoin earnáil phríobháideach??

    D’oibrigh mé ar feadh 2 bhliain sa rannóg pleanála i gcomhairle contae Dhún na nGall agus sé’n scéal a bhí acusan ná, má chuireann comhlacht príobháideach nó saoránach isteach iarratas pleanála agus an logainm Gaeltachta i mBéarla ar an t-iarratas sin, caithfidh an chomhairle contae glacadh leis sa riocht sin. Mar sin, tá 99.99% de na hiarrataisí pleanála ón phobal agus ón earnáil phríobháideach déanta i mBéarla agus an leagan Béarla de na logainmneacha orthu – na logainmneacha Gaeltachta chomh maith.