Éire chun cinn ar gach tír eile!

Tá ár rialtas agus rialtais eile na hEorpa ag ciorrú leo i gcónaí, ach ní léir aon dea-thoradh dáiríre.

Tábla ón Financial Times
Tábla ón Financial Times

Tá ardmholadh tuillte ag an Rialtas…

Gabhaim mo leithscéal, a léitheoir chineálta!

Maith dhom led’ thoil an t-iontas a spreagfaidh an moladh seo ionat.

Fan ort go mbeidh an abairt iomlán léite agat agus a tábhacht (theoranta) soiléir.

Táim buíoch díot.

Seo linn arís:

Tá ardmholadh tuillte ag an rialtas, agus ag an rialtas a bhí i gcumhacht rompu, i bhfianaise eolais a d’fhoilsigh an Financial Times an tseachtain seo.

An cheist a d’fhreagair an tábla eolais ná: cén tír fhorbartha atá i bhfad chun cinn ar thíortha eile?

Nó chun a bheith níos cruinne faoi, cén tír fhorbartha atá i bhfad chun cinn ar thíortha eile mura bhfuil á chur san áireamh ach an bhearna idir caiteachas rialtais agus ioncam?


LAGHDÚ EASNAIMH

(MAR CÉATADÁN D’OLLTÁIRGEACHT INTÍRE/GDP)


Graph
Foinse: Financial Times

Mar is léir ó na figiúirí thuas, níl éacht mar a rinne Éire déanta, ná baol air, i dtír ar bith eile.

Cuimhnigh freisin go bhfuil diansocruithe le déanamh fós i móran tíortha (an Ríocht Aontaithe, mar shampla) sara bhfeicfear laghdú suntasach ar an easnamh ina gcuntais siúd.

Tá caiteachas stáit á chiorrú i gcónaí i ngach tír atá luaite thuas, ach ní léir aon mhórthairbhe.

Is eisceacht í cás na hÉireann, toisc go raibh cúrsaí chomh dona anseo, ach ní bheidh rath orainn dáiríre go mbeidh rath ar thíortha eile.

Ní léir ach oiread gurb ann in aon tír don toil agus don tacaíocht a theastódh chun teacht ar chóimheá seasta idir caiteachas agus ioncam, gan trácht ar aisíoc fiacha.

Is eol dúinn faoin am seo an gnáthfhreagra a thugann saineolaithe eacnamaíochta ar thuairimíocht den tsórt seo:

  1. Bhí polaitíocht na hÉireann bunaithe ar bhréag ar feadh i bhfad, mar a bhí i dtíortha eile.
  2. Ní raibh an státchiste ar bhonn seasmhach.
  3.  Ní bheidh geilleagar ná saol na tíre folláin go mbeidh caoi cheart curtha ar riar airgeadais na tíre.

Ceart go leor, ach ní leor stuaim eacnamaíochta chun tír a rialú.

“Is eol dúinn na socruithe a chaithfear a dhéanamh,” a dúirt Jean-Claude Juncker, uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, cúpla mí sarar tháinig deireadh lena ré mar phríomhaire i Lucsamburg. “Ach ní heol dúinn cé mar is féidir linn toghchán a ghnóthú má dhéanaimid na rudaí atá riachtanach.”

Tá rialtais na hEorpa ag áiteamh ar vótóirí praghas a íoc nach mian leo a íoc.

Rud a léiríonn deacrachtaí uisce an rialtais go dtí seo.

Agus na deacrachtaí uisce a bheidh ag an rialtas amach anseo, b’fhéidir, in ainneoin an chúlaithe a d’fhógair Alan Kelly Dé Céadaoin.

Fág pleidhcíocht an rialtais as an áireamh agus is ionann na bunaidhmeanna a bhí le taillí uisce in Éirinn agus an ghéire atá á moladh i gcónaí ar fud na hEorpa.

Bheadh ciall leis an gcur chuige Eorpach seo, agus toil an phobail ann chun é a chur i gcrích, dá gcuirfeadh sé fás láidir eacnamaíochta chun cinn.

Níor chuir go dtí seo, agus ní léir go gcuirfidh.

Dar leis an eacnamaí Barry Eichengreen, níl ach aon leigheas amháin eile ar fáil a dheimhneodh fás eacnamaíochta agus tacaíocht na vótóirí: glanadh fiacha poibli nó ‘athstruchtúrú’ mar a thugtar air de ghnáth.

Tá lucht ceannais na hEorpa “ag damhsa thart” ar réiteach dá leithéid, a dúirt Eichengreen le gairid, ach is léir nach féidir leanacht leis an damhsa ar feadh i bhfad eile.

Ábhar machnaimh d’Enda Kenny agus dá Aire Airgeadais.


FOCAL SCOIR: An fhírinne lom

TÉARMA: ‘WATER CONSERVATION GRANT’

SAINMHÍNIÚ: Íocaíocht 100 gan choinníoll a thairgfear do gach áitritheoir sa stát i 2015, gan choinníoll. Ní foláir a rá nach deontas é dáiríre, nach mbaineann sé le caomhnú uisce, agus gur ar éigean a bhaineann sé le huisce in aon chor.


 

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE.

Fág freagra ar 'Éire chun cinn ar gach tír eile!'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Bhí codarsnacht mhór idir cur cuige na Stáit Aontaithe le deileáil leis an gearchéim eacnamaíochta gus tíortha na hEorpa faoi thioncar Bhanc Cheannas na hEorpa.Tá deireadh leis an ghearchéim sna Stáit Aontaithe le fada an lá fad agus a táimíd ag fulaingt fós.

    Dhein Obama cinneadh seasamh leis an cosmhuintir nuair a bhí cinneadh déanta ag an Aontas Eorpach seasamh leis na boic mhóra, ná raibh aon ghrarradh siar ar a gcuid tuarastáil agus “perks”.