Éiginnteacht faoina dteachtaireacht is cúis le tubaiste Shinn Féin sna toghcháin

Flip flop a thugann a naimhde ar an anonn is anall uilig ag Sinn Féin, ach is léir go raibh a lucht tacaíochta féin ag cailliúint a muiníne sa bpáirtí

Éiginnteacht faoina dteachtaireacht is cúis le tubaiste Shinn Féin sna toghcháin

I ndiaidh na dtoghchán, tá dhá cheist mhóra ann: an féidir le Sinn Féin teacht ar ais ón tubaiste seo agus a máistreacht ar pholaitíocht na tíre a bhaint amach arís, agus céard ba chúis leis an tubaiste féin.

Cé go raibh sé le feiceáil le tamall de mhíonna go raibh tacaíocht Shinn Féin ag dul i laghad, de réir na pobalbhreithe ba dheireanaí bhí tacaíocht 22% go fóill acu. Sa toghchán féin, fuair siad níos lú ná 12%.

Ní raibh éinne ag ceapadh go mbeadh figiúr chomh híseal sin acu.

Ar ndóigh bíonn líon vótóirí i dtoghcháin áitiúla níos ísle ná mar a bhíonn in olltoghcháin, agus thabharfadh sin le fios, ach dearcadh fíordhóchasach a bheith acu, go ndéanfaidís níos fearr sa rás mór féin. Feicfimid cén seasamh a bheidh acu sna chéad phobalbhreitheanna eile.

Tá Sinn Féin ag iarraidh sásamh éigin a bhaint as an bhfíric gur chuir siad lena líon suíochán – nuair a chaill gach páirtí rialtais suíocháin – ach ba thoradh tubaisteach dóibh toradh 2019, agus caithfear na figiúirí a chur i gcomparáid le holltoghchán 2020 agus na pobalbhreitheanna ina dhiaidh sin.

Más leis an bpáirtí teacht slán as seo, ní mór go dtuigfeadh siad cén fáth gur chaill siad tacaíocht.

Is léir go raibh baint mhór ag scéal na hinimirce leis an toradh. Bhí lucht canbhasála ag rá go forleathan gurb í ceist na hinimirce is mó a bhí rompu ar na tairseacha. Agus, ar ndóigh, is ar Shinn Féin a dhírigh an eite dheis i bhfad amach a nimh is a bhfuinneamh.

Is é an rialtas atá freagrach as teip an pholasaí ach is iad Sinn Féin a d’íoc an praghas.

Ceapaim gurb í an fhadhb ná go raibh éiginnteacht ag baint le teachtaireacht an pháirtí. Cé go ndúirt siad go díreach i gclár toghcháin 2020 go raibh siad i gcoinne teorainneacha oscailte is gur theastaigh córas éifeachtach cothrom uathu, bhí drogall orthu an seasamh sin a mhíniú.

Maidir leis na reifrinn, tháinig siad amach ag rá go raibh an téarmaíocht fabhtach – ach ansin mhol siad vótáil ar a son.

Bíonn siad ag caint go láidir gur chóir tuilleadh cánach a bhaint ó lucht an tsaibhris, ach ansin bhí cruinniú príobháideach acu le Davy Stockbrokers le lucht an airgid is lucht gnó a chur ar a suaimhneas.

Sheas siad i gcoinne bhagairt an Aontais Eorpaigh ar cheannas an stáit, ach ansin d’fhógair Mary Lou gur mar cheann feadhna ar an bhfiontar Eorpach ba chóir do Shinn Féin a bheith.

Cosnaíonn siad neodracht an stáit, ach ansin deir siad nach bhfuil siad cinnte go mbrisfeadh siad le PESCO [Comhoibriú Struchtúrtha Buan] ná le Páirtnéireacht ar son an Síochána de chuid NATO. Athbhreithniú a dhéanfaidh siad anois.

Flip flop a thugann a naimhde ar an anonn is anall sin uilig, ach is léir go raibh a lucht tacaíochta féin ag cailliúint a muiníne sa bpáirtí.

Is nuair nach féidir le vótóirí a bheith muiníneach as páirtí ní bhíonn fonn láidir orthu vóta a thabhairt dóibh.

Is cosúil ó na figiúirí vótála gur fhan cuid mhaith de thacaíocht Shinn Féin sa mbaile.

Ní fheicim go bhfuil aon leigheas láithreach ar an gcailliúint tacaíochta cé go bhfuilim cinnte gur féidir leo filleadh ar ais sna fichidí san olltoghchán. Ach ní bheidh sé éasca an mháistreacht a bhí acu a fháil ar ais – cúis amháin ar ndóigh ná nach ag imirt den pháirc a bheidh an eite dheis i bhfad amach ach iad ag tabhairt rogha eile dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh vótáil in aghaidh an rialtais.

Sa gcomhthéacs sin is ar éigean gur féidir labhairt faoi rialtas faoi cheannas Shinn Féin, mar ní bheidh an láidreacht acu ná na comhghuaillithe a bheadh riachtanach.

Caithfidh siad mar sin breathnú ar an scéal mar fhiontar fadtéarmach.

Más athrú atá uathu go fírinneach caithfidh siad seasamh lena bprionsabail féin faoi sin, is mura bhfuil lucht an airgid sásta nach cuma?

Cinnte ní féidir labhairt faoi athrú agus ansin geallúint a thabhairt do lucht an rachmais nach mbeidh aon athrú ann.

Creidim go mbaineann an fhadhb seo lena lárnaí is atá athaontú na tíre don pháirtí, agus cuid acu sa gceannaireacht atá sásta aon rud a ghéilleadh ar mhaithe leis an athaontú sin a bhaint amach.

Ní chuirfidh an dearcadh sin as do náisiúnaithe an Tuaiscirt, ar ndóigh. Ach tá rud éagsúil ag teastáil ó aicme oibre an Deiscirt. Is minic ráite é dá leanfaidís sampla Pháirtí an Lucht Oibre agus a lucht vótála a thréigean go gcaillfidís an tacaíocht sin. Tá cuid den aicme oibre anois ag ceapadh nach féidir muinín a chur iontu.

Sé an t-aon leigheas ag Sinn Féin air sin ná filleadh ar a gcuid prionsabail, an fód a sheasamh agus troid gan leithscéal ar bith ar son athrú bunúsach iomlán.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoina dteachtaireacht is cúis le tubaiste Shinn Féin sna toghcháin'

  • JP

    An silí seailí síoraí agus an sodar i ndiaidh na n-uasal, caith uaim!

  • Carraig

    Sinn Féin:
    “Seo iad ár gcuid prionsabal agus muna dtaitníonn siad libh bhuel tá prionsabail eile anseo againn daoibh.”