Easpa suime a d’fhág gur daoine ‘nár spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt’ a fuair tithe sa Ghaeltacht

Deir Comhairle Contae Chorcaí go ndearna siad iarracht daoine le Gaeilge a mhealladh go dtí Baile Bhuirne ach gur fhág a laghad spéise a léiríodh gur cuireadh stop le forbairt eile ar an mbaile

Easpa suime a d’fhág gur daoine ‘nár spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt’ a fuair tithe sa Ghaeltacht

Tá ráite ag Comhairle Contae Choraí go mbeidh tionchar ag an easpa suime a léiríodh i dtithe sóisialta i gceantar Mhúscraí ar sholáthar breise tithe sóisialta sa Ghaeltacht amach anseo.

Thug an t-údarás áitiúil le fios go raibh iarracht déanta acu daoine a raibh Gaeilge acu nó ar spéis leo an teanga a mhealladh chuig tithe nua a tógadh i mBaile Bhuirne le cúpla bliain anuas. Ach spéis “teoranta” a léiríodh sa scéim agus daoine nach raibh spéis acu “an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt” a thóg formhór na dtithe sin ar deireadh.

Dúirt ionadaithe na Comhairle go raibh suíomhanna eile acu i Múscraí a bheadh feiliúnach do thithe sóisialta ach gur fhág an easpa éilimh a bhí ann roimhe seo go mbeadh drogall orthu a leithéid a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais faoi chúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht, rinne Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey cur síos ar leithdháileadh 10 n-aonad tithíochta a bhí ag an gComhairle i mBaile Bhuirne.

“Nuair a fógraíodh forbraíocht Chluain Réidh i mBaile Bhuirne, cuireadh líne bhreise leis an Ligean Roghabhunaithe ag cur iarratasóirí ar an eolas go raibh an fhorbraíocht sin laistigh de Ghaeltacht Chorcaí dá mba mhian le hiarratasóirí ceadaithe iarratas a dhéanamh le cónaí ann.”

Dúirt Lucey gur tugadh mionsonraí na scéime “go neamhfhoirmiúil” d’Údarás na Gaeltachta agus do comhairleoirí áitiúla chun iad a chur ar an eolas go raibh tithe ar fáil sa Ghaeltacht.

“Ceapadh go meallfadh sé seo daoine, nach mbeadh líofa iad féin ach a mbeadh spéis acu an teanga a fhoghlaim nó a gcuid páistí a chur ag scoileanna áitiúla Gaeilge.

“Bhí an spéis ann teoranta, áfach, agus leithdháileadh na tithe ar fad ach tháinig formhór na dtionóntaí ó áiteanna lasmuigh de Bhaile Bhuirne agus ní raibh siad líofa agus ní raibh spéis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt,” a dúirt Lucey.

Dúirt Lucey go raibh suíomh eile ag Comhairle Contae Chorcaí ar a bhféadfaí idir 14-15 teach a thógáil ann ach cinneadh gan í a fhorbairt toisc an easpa suime a léirigh Gaeilgeoirí sna tithe eile.

“Rinneadh roinnt réamhdhearaidh le haghaidh céim thosaigh de 10 dteach ach rinneadh an cinneadh an tionscadal a chur ar athlá toisc nach raibh ach spéis theoranta i bhforbairt Clúid agus nár éirigh leis an gComhairle cainteoirí Gaeilge a mhealladh le cónaí sa scéim.

Dúirt Maurice Manning, Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta i gComhairle Contae Chorcaí, nach mbíonn mórán éilimh ar thithe sóisialta i gceantair Ghaeltachta Chorcaí.

Dúirt sé nach bhfuil aon fhoráil i scéim tithíochta sóisialta na Comhairle a thugann tús áite do dhaoine le Gaeilge ach go dtuigtear “go bhfuil dualgas orainn iarracht a dhéanamh Gaeilgeoirí a mhealladh i dtreo aon scéim atá ann.”

Mar sin féin, dúirt sé go mbeadh tionchar ag an easpa suime sna tithe i mBaile Bhuirne ar fhorbairt tithe sóisialta eile sa Ghaeltacht.

“Rinne muid iarracht Gaeilgeoirí ón cheantar nó daoine ar suim leo an teanga a mhealladh sa scéim sin ach, mar a dúirt muid, léiríodh suim theoranta agus cinnte beidh tionchar aige sin ar aon phleananna amach anseo do thithe sóisialta sa Ghaeltacht.”

Dúirt Tim Lucey go raibh cúrsaí uisce agus fuíolluisce ag cur isteach go mór ar aon fhorbairt a d’fhéadfadh an Chomhairle a dhéanamh i Múscraí freisin.

Dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag Comhairle Contae Chorcaí go dtógfaí suas le 30 áitreabh breise i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus suas le 30 áitreabh eile i mBaile Bhuirne/Baile Mhic Íre sna blianta beaga amach romhainn.

“Faoi láthair, áfach, níl aon acmhainn ann maidir le fuíolluisce i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus, i mBaile Bhuirne/Baile Mhic Íre, tá cúrsaí uisce óil ar lánacmhainn.”

Dúirt Lucey nach raibh sé de chumhacht ag Comhairle Contae Chorcaí maoiniú a chur ar fáil chun na fadhbanna seo a leigheas ach go mbítear i mbun teagmhála le hUisce Éireann i gcónaí faoin scéal.

Fág freagra ar 'Easpa suime a d’fhág gur daoine ‘nár spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt’ a fuair tithe sa Ghaeltacht'