Easaontas idir Varadkar agus Johnson faoin gcúlstop ina gcéad chomhrá

Sé lá ó ceapadh Boris Johnson ina Phríomh-Aire ar an mBreatain, bhí a chéad chomhrá aige ar maidin leis an Taoiseach Leo Varadkar

Easaontas idir Varadkar agus Johnson faoin gcúlstop ina gcéad chomhrá

Boris johnson agus Leo Varadkar. Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt Boris Johnson leis an Taoiseach inniu go bhfágfaidh an Bhreatain an AE  faoi Shamhain gan aon mhargadh mura bhfaighfear réidh leis an gcúlstop.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine an méid sin ar maidin le linn an chéad chomhrá a bhí ag an mbeirt cheannairí ó ceapadh Johnson an tseachtain seo caite.

Thug an Taoiseach le fios sa chomhrá gutháin go raibh ballstáit eile an AE ar aon intinn go raibh an cúlstop riachtanach agus nach mbeifí ag dul i mbun idirbheartaíochta athuair faoin gcomhaontú aistarraingthe.

Idir an dá linn, tá cur chuige Johnson cáinte go láidir ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

“Chun a bheith an-soiléir faoi seo, ní féidir glacadh le diúltú PM Boris Johnson plé gan réamhchoinníollacha a dhéanamh le ceannairí Eorpacha agus lenár dTaoiseach faoi cheist an Bhreatimeachta, agus níl a leithéid ag teacht leis an ngnáthiompar ó thaobh na taidhleoireachta agus na polaitíochta,” arsa ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ar Twitter tráthnóna.

Thug Boris Johnson le fios don Taoiseach go mbeadh an Bhreatain ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair is cuma cad a tharlóidh.

Dúirt an Taoiseach le Johnson go gcaithfeadh an dá rialtas a bheith tiomanta ar fad do Chomhaontú Aoine an Chéasta, do chosaint an phróisis síochána agus d’athbhunú institiúidí Stormont.

Mhaígh Johnson go gcosnódh a rialtas Comhaontú Aoine an Chéasta ba chuma cad a tharlódh agus nach gcuirfí teorainn chrua i bhfeidhm in Éirinn go deo.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine gurb é a rogha go bhfágfaí an AE agus margadh déanta ach go gcaithfí fáil réidh leis an gcúlstop in aon mhargadh a dhéanfaí.

Tá ráite arís agus arís eile ag ceannairí na hEorpa nach ngéillfidh siad mar gheall ar cheist an chúlstop agus nach bhfuil fúthu dul i mbun ath-idirbheartaíochta faoin gcomhaontú aistarraingthe a aontaíodh cheana.

Thug an Taoiseach cuireadh do Johnson teacht go Baile Átha Cliath chun a thuilleadh cainte a dhéanamh faoin mBreatimeacht agus cúrsaí eile.

Thug urlabhraí de chuid Johnson le fios inné nach bhfuil an Príomh-Aire sásta bualadh le ceannairí an AE nó go dtabharfaidh siad le fios go bhfuil siad sásta dul i mbun idirbheartaíochta faoin gcúlstop, an ‘polasaí árachais’ a cuireadh sa chomhaontú aistarraingthe chun a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn.

Fág freagra ar 'Easaontas idir Varadkar agus Johnson faoin gcúlstop ina gcéad chomhrá'