Éamonn Fitzmaurice ag súil nach dtiocfaidh deireadh le rás Phobalscoil Chorca Dhuibhne tráthnóna

Labhair Tuairisc.ie le Éamonn Fitzmaurice faoi chluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí agus an méid atá bainte amach ag an scoil ar pháirc na himeartha le roinnt blianta anuas

Éamonn Fitzmaurice ag súil nach dtiocfaidh deireadh le rás Phobalscoil Chorca Dhuibhne tráthnóna

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Pobalscoil Chorca Dhuibhne v Coláiste Bhréanainn

Cill Airne – Staid an Ghearaltaigh, 1.45pm (Beo ar www.munstergaapps.ie)

Bhí údar ceiliúrtha ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne i rith na seachtaine nuair a bhí beirt d’iardhaltaí na scoile, Brian Ó Beaglaoich agus Conor Geaney, ar fhoireann Choláiste na Ollscoile, Corcaigh, a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir oíche Dé Céadaoin seo caite.

Bhí an bheirt ar fhoireann na Pobalscoile a bhuaigh Corn Uí Ógáin in 2014 agus 2015 agus tá siad anois i measc scata iarimreoirí de chuid na scoile a bhfuil áit acu le foireann shinsir Chiarraí.

Údar bróid do phríomhoide na Pobalscoile, Éamonn Fitzmaurice, gaiscí a chuid iardhaltaí agus tá súil aige go mbeidh duine nó beirt eile ón scoil in ann sampla Uí Bheaglaoich agus Uí Ghéibheannaigh a leanúint.

Tá foireann na Pobalscoile, atá faoi cheannas Fitzmaurice, ar ais i gcluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí tráthnóna agus beidh deartháireacha an Bheaglaoich agus an Ghéibheannaigh, Ruaidhrí agus Dylan, leis an bhfoireann a bheidh ag iarraidh craobh shinsir na Mumhan a bhuachan den séú huair ó 2012.

Deir Fitzmauirce go dtugann an méid atá bainte amach ag iardhaltaí na scoile misneach dóibh siúd atá ag teacht tríd faoi láthair.

“Is dócha go bhfuil traidisiún sa scoil anois daoine a bheith ag buachan rudaí ar scoil agus ansin ag dul ar aghaidh leis na coláistí,” arsa Fitzmaurice.

“Ansin, tá roinnt mhaith acu imithe ar aghaidh ag imirt le foirne faoi aois agus foireann shinsir Chiarraí. Nuair a bhíonn an dea-shampla sin ann do na scoláirí, tugann sé spreagadh dóibh agus is maith an rud é sin.”

Deir iarbhainisteoir Chiarraí gurb é an comhoibriú idir na cumainn áitiúla agus an scoil an chúis go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha faoi chúrsaí peile sa scoil, agus i gCorca Dhuibhne uile, le roinnt blianta anuas.

“Tá daoine iontacha ag obair sna clubanna agus ag tabhairt cóitseáil an-mhaith agus comhairle an-mhaith do na himreoirí nuair a bhíonn siad óg. Ansin, nuair a thagann siad go dtí an Phobalscoil, tá daoine maithe bainteach leis an rud anseo agus tugann sé chuig leibhéal eile iad is dócha, mar go mbíonn leibhéal níos airde i gceist leis an bpeil ar scoil.”

Tá grúpa imreoirí den scoth ag Fitzmaurice agus cé go bhfuil siad óg, tá an-chuid bainte amach acu ar pháirc na himeartha cheana féin.

Bhí cuid mhaith den fhoireann a thabharfaidh aghaidh ar Choláiste Bhréanainn i gcluiche ceannais an lae inniu ar fhoirne na Pobalscoile a bhuaigh cluiche ceannais Faoi 16 na hÉireann in 2017 agus a bhuaigh Corn Uí Mhuirí anuraidh.

Tá taithí acu ar chluichí a bhuachan i ngeansaí an chontae chomh maith agus tá ochtar ar fhoireann na Pobalscoile tráthnóna a bhfuil boinn uile-Éireann buaite acu le foirne mionúir Chiarraí.

Bhí an taithí sin ar fad ag teastáil uathu sna cluichí crua a bhí acu i gCorn Uí Mhuirí go dtí seo, mar a mhíníonn Fitzmaurice.

“In an-chuid de na cluichí go dtí seo i mbliana, bhíomar ag imirt go maith ar feadh cuid den chluiche agus ansin ní rabhamar ag imirt go maith sa chuid eile.”

Sa bhabhta ceathrú ceannais, bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne chun deiridh agus am breise ann nuair a fuair Ruaidhrí Ó Beaglaoich an cúl cinniúnach a thug slán iad.

Ansin, sa chluiche leathcheannais, bhí siad naoi bpointe chun cinn ar Choláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh sa dara leath ach lig siad don fhreasúra teacht i bhfoisceacht aon phointe amháin díobh sular tháinig deireadh leis an gcluiche.

“An rud is fearr dúinne ná go bhfuilimid fós ag buachan na gcluichí agus ag foghlaim an t-am ar fad. Tuigimid go gcaithfimid feabhsú don chluiche ceannais agus más féidir linn é sin a dhéanamh, beidh an-seans againn ansin,” arsa Fitzmaurice.

“Ag dul siar go dtí Faoi16, tá mórán cluichí buaite againn leis an dream seo ina raibh an scór an-chóngarach agus bhí orainn imirt go dtí deireadh an chluiche. Tá an-chuid taithí acu ar chluichí den saghas sin agus chaithfeá muinín a bheith agat astu gan dabht.”

Tá cluiche crua eile i ndán dóibh tráthnóna in aghaidh Choláiste Bhréanainn agus ní haon easpa taithí atá ar fhoireann Chill Airne ach an oiread. Bhí seisear d’imreoirí na scoile sin ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann anuraidh, captaen na Ríochta Paul O’Shea ina measc.

Bhuaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar Choláiste Bhréanainn i gcluiche ceannais Faoi 16 na Mumhan cúpla bliain ó shin ach tá slám bonn buaite ag imreoirí ón dá fhoireann ó shin agus feicfidh muid tráthnóna céard atá foghlamtha acu.

Fág freagra ar 'Éamonn Fitzmaurice ag súil nach dtiocfaidh deireadh le rás Phobalscoil Chorca Dhuibhne tráthnóna'