Eagrán speisialta foilsithe den iris Comhar faoin saol aimsir an choróinvíris

Gnéithe éagsúla den saol faoin dianghlasáil atá faoi chaibidil ag na húdair agus filí a bhfuil saothar leo ar mhóreagrán litríochta na hirise, ‘Comhar na gComharsan’

Eagrán speisialta foilsithe den iris Comhar faoin saol aimsir an choróinvíris

Tá eagrán speisialta den iris Comhar foilsithe faoin saol aimsir an choróinvíris.

Gnéithe éagsúla den saol faoin dianghlasáil atá faoi chaibidil san eagrán speisialta, ‘Comhar na gComharsan’ ina bhfuil aistí, gearrscéalta agus dánta ó údair agus scríbhneoirí éagsúla, ina measc Alan Titley, Mícheál Ó Ruairc, Caitríona Nic Íomhair, Pól Ó Muirí, Tomás Mac Síomóin, Ciara Ní É, Jennifer Ní Ghrádaigh, Caitríona Ní Chléirchín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Biddy Jenkinson, Gabriel Rosentock, Réaltán Ní Leannáin, Liam Prút agus Dáithí de Mórdha.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt eagarthóir litríochta Comhar, Tristan Rosenstock, gur “ag freagairt don ghéarchéim sláinte” atá na scríbhneoirí san eagrán nua den iris agus go rabhthas ag iarraidh “go mbeadh guthanna éagsúla le clos” san eagrán.

“Mar sin tá an tuismitheoir óg atá sa mbaile le páistí, tá an seanfhear nach bhfuil in ann meitheal a bhailiú le chéile le dul amach ar an bportach, tá réimse an-leathan ábhar ann agus ní as Éirinn amháin, tá dán an-láidir ó Derry O’Sullivan sa bhFrainc agus píosa próis ó Thomás Mac Síomóin sa Spáinn.”

Tá cur síos déanta ar ghnéithe éagsúla den saol faoin dianghlasáil, cúrsaí foréigin baile, an t-uaigneas agus cúrsaí caidrimh ina measc, a deir Rosentock.

“Tá go leor cloiste faoi chúrsaí foréigin ag a’ baile le tamall agus tá ceann de na píosaí ficsin dírithe air sin. Tá píosa eile faoi lánúin atá le chéile nár chóir dóibh a bheith le chéile nuair a tharlaíonn an dianghlasáil.

“Tá amhras léirithe ag duine nó beirt de na scríbhneoirí i dtaobh na ndlíthe nua géarchéime a tugadh isteach ach ar an iomlán is é an muintearas is mó atá le brath.”

Dúirt Rosenstock go bhfuil “an-bhéim” ar an dúlra agus an nádúr i saothar na bhfilí agus ar an “bláthú atá tugtha faoi deara le seachtainí anuas” agus an samhradh buailte linn.

“An rud is mó a sheasann amach ná an dóchas. In ainneoin go bhfuil drochscéal le clos oíche i ndiaidh oíche, tá ceol na n-éan le clos i gcónaí, rud a thugann ardú croí do na filí go háirithe,” a dúirt Eagarthóir Litríochta Comhar, Tristan Rosenstock.

Tá cuid d’ábhar an eagráin is déanaí de Comhar curtha ar fáil saor in aisce ar Comhar.ie nó is féidir síntiús don iris a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Eagrán speisialta foilsithe den iris Comhar faoin saol aimsir an choróinvíris'