Eagraíochtaí teanga ag bagairt gan comhoibriú le forbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge

Tá sé curtha in iúl ag Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé leis an oideachas lán-Ghaeilge nach mbeidh aon bhaint acu le forbairt ná cur i bhfeidhm an pholasaí mura dtagann athrú ar chúrsaí

Eagraíochtaí teanga ag bagairt gan comhoibriú le forbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge

Pic: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais ag bagairt éirí as aon chomhoibriú leis an Roinn Oideachais ar an bpolasaí nua don oideachais lán-Ghaeilge mura dtiocfaidh athrú mór ar chur chuige na roinne ina thaobh.

Tá an Roinn i mbun oibre ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ó 2021 agus tá sé le foilsiú i bhfómhar na bliana seo.

Tá sé curtha in iúl ag Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé leis an oideachas lán-Ghaeilge nach mbeidh aon bhaint acu le forbairt ná cur i bhfeidhm an pholasaí “mura dtagann athrú substaintiúil” ar chúrsaí.

Pléadh creat den pholasaí le páirtithe leasmhara mí Mheán Fómhair seo caite ach léiríodh imní faoin easpa uaillmhéine a bhain leis an bpolasaí.

I litir a scríobhadh chuig an Aire Oideachais go luath ina dhiaidh sin, iarradh go ndéanfaí gníomh “láithreach bonn” chun an dréachtpholasaí a fhoilsiú le deis a thabhairt do gheallsealbhóirí é a bhreithniú agus ionchur a bheith acu san ábhar.

Dúradh nár tháinig an t-eolas sa gcreat le moltaí a rinne lucht taighde an pholasaí féin agus nach raibh torthaí an chomhairliúcháin a rinneadh léirithe sa gcreat ach an oiread.

I measc na n-éileamh atá ag na heagraíochtaí oideachais lán-Ghaeilge, táthar ag iarraidh go leagfaí síos sa bpolasaí “sprioc intomhaiste shoiléir” maidir le méadú ar an líon scoileanna lán-Ghaeilge agus an líon daltaí a fhreastalaíonn ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an litir sin agus scríobhadh ceann eile chuig an aire mí Eanáir inar dúradh go raibh “baol ann nach mbeimid in ann plé leis an bpolasaí nua amach anseo” mura n-athródh cur chuige na roinne.

Is iad An Foras Pátrúnachta, An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Conradh na Gaeilge, Feachtas, Gael Linn agus Gaeloideachas na heagraíochtaí a chuir a n-ainm leis na litreacha.

An tseachtain seo caite a tháinig freagra ón Roinn Oideachais faoi dheireadh. Dúradh sa chomhfhreagras sin go raibh “na tosaíochtaí a d’aithin páirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin á mbreithniú anois” ag an Roinn agus maíodh go raibh na pointí a luadh sa gcéad litir a sheol na heagraíochta san áireamh ansin.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur beag atá sa bhfreagra a thabharfadh le fios go bhfuil siad ag obair ar na héilimh i ndáiríre.

“Má fhoilsítear polasaí nach bhfuil aon bhunús leis, nach bhfuil aon spriocanna intomhaiste ann, cén fáth go mbeadh tacaíocht ón earnáil dó,” a deir sé le Tuairisc.

Ceann de na fadhbanna is mó a bhí ag eagraíochtaí leis an gcreat a d’fhoilsigh an Roinn ná nár luadh taighde a rinneadh mar chuid d’fhorbairt an pholasaí inar dúradh nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta. Luaitear an scoil satailíte Gaeilge go sonrach sa gcreat mar mhúnla a bhféadfaí leas a bhaint as.

Luaitear sa dréachtpholasaí go mbunófaí tascfhórsa chun iniúchadh a dhéanamh ar an soláthar gaeloideachais ach deir de Spáinn nach léir cén fáth go mbunófaí a leithéid tar éis don pholasaí a bheith foilsithe.

“Cé chomh fada a thógfaidh sé tascfhórsa a chur le chéile? Cén fáth nach bhfuil sé sin ag dul ar aghaidh faoi láthair? Tá an próiseas seo chun polasaí a chur le chéile ag dul ar aghaidh le cúpla bliain anuas anois. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach rud á chur ar an méar fhada,” a deir sé.

Tá amhras ar de Spáinn freisin faoin suirbhé atá le déanamh ag an Roinn chun éileamh tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge a thomhas. Beidh ceist faoi oideachas lán-Ghaeilge i suirbhé náisiúnta atá le déanamh ag an Roinn agus dúirt an tAire Helen McEntee go dtabharfadh na torthaí “tuairim shoiléir” do lucht dréachta an pholasaí faoi cé acu an gá nó nach gá tuilleadh gaelcholáistí a bhunú.

“Beidh an suirbhé sin thar a bheith místuama. Má chuirtear an cheist ar thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ar scoil a fheidhmíonn trí Bhéarla cheana féin an bhfuil oideachas lán-Ghaeilge uathu, is beag seans go bhfuil siad chun a rá gur chóir an scoil a iompú ina Gaelscoil,” a dúirt de Spáinn.

“Mura bhfuil aon eolas breise curtha leis na ceisteanna seo a chuirfear ar thuismitheoirí, is beag seans go mbeidh toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht.

“Tá siad le ceisteanna a chur ar thuismitheoirí páistí réamhscoile agus beidh sé sin i bhfad níos tairbhí don Ghaelscolaíocht ach is deacair a fheiceáil cén bunús a bheadh leis an eolas eile.”

Fág freagra ar 'Eagraíochtaí teanga ag bagairt gan comhoibriú le forbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge'