€5,000 a chosnóidh sé comharthaí bóthair a loiteadh i nDún na nGall a ghlanadh 

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go ndearnadh damáiste do thart ar 30 comhartha ó thús mhí Lúnasa ach go bhféadfadh níos mó a bheith i gceist

€5,000 a chosnóidh sé comharthaí bóthair a loiteadh i nDún na nGall a ghlanadh 

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go gcosnóidh sé breis is €5,000 chun comharthaí bóthair sa chontae a ndearnadh loitiméireacht orthu a ghlanadh nó a athrú.

Bhí conspóid sa chontae an tseachtain seo caite agus línte dearga péinteáilte ar logainmneacha Béarla bhailte fearainn ar chomharthaí dátheangacha sa chontae.

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go ndearnadh damáiste do thart ar 30 comhartha ó thús mhí Lúnasa ach go bhféadfadh níos mó a bheith i gceist. 

Dúirt an Chomhairle go raibh gearáin faoin loitiméireacht déanta leis An Garda Síochána, a dheimhnigh go raibh fiosruithe ar bun acu maidir leis an scéal.

Is léir gur agóid atá sa loitiméireacht i gcoinne logainmneacha Béarla a bheith á n-úsáid ar na comharthaí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, áit a mbíonn a leithéid in aghaidh na reachtaíochta teanga go minic.

Tá idir cháineadh agus mholadh déanta orthu siúd atá i mbun na loitiméireachta. Dúirt an comhairleoir áitiúil Michael McClafferty nach ndearna an scrios aon mhaith do chur chun cinn na Gaeilge i nDún na nGall agus go mbeadh an Chomhairle Contae agus an pobal trí chéile thíos leis an gcostas a bhainfeadh leis na comharthaí a athrú.

Thacaigh comhairleoir eile, Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, leo siúd atá i mbun na loitiméireachta, áfach.

Mhol Mac Giolla Easbuig iad as gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge agus dúirt go mbeadh sé sásta dá gcoinneodh siad orthu ag lot comharthaí, cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí.

“Tá comharthaí thuas sa Ghaeltacht a bhfuil logainmneacha i mBéarla orthu agus tá sin ag briseadh an dlí ach ní fheicim duine ar bith ag léim suas is anuas ar an cheann sin. 

“B’fhéidir go bhfuil siad ag déanamh nach bhfuil an Ghaeltacht ná an Ghaeilge chomh tábhachtach sin,” a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá na comharthaí a loiteadh i nDún na nGall suite lasmuigh agus laistigh de cheantair Ghaeltachta. 

De réir na reachtaíochta, caithfidh logainmneacha ar chomharthaí bóthair a bheith i nGaeilge agus i mBéarla in aon ait atá lasmuigh de Ghaeltacht. I gcás comharthaí sa Ghaeltacht, ní mór an logainm Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin.

Fág freagra ar '€5,000 a chosnóidh sé comharthaí bóthair a loiteadh i nDún na nGall a ghlanadh '

  • JP

    Ná bí ag caint ar loitiméireacht, nach bhfuil slimireáil agus cocstí déanta de na logainmneacha nó na háitainmneacha dúchais ar gach re comhartha ar fud na tíre seo agus GLACTAR leo. Táimid ag fonóid fúinn féin i nganfhios dúinn féin. Táimid ag fógairt os comhair an tsaoil gur cine aineolach, cóilínithe sinn, go bhfuilimíd dall ar ár n-oidhreacht agus ar ár gcultúr. Gur CUMA linn. Seasóidh formhór na gcomharthaí sin na céadta bliain, iad greanta ansin ar thaobh an bhóthair ar iarann fuar, ár maslú, ár spidiú agus ár n-úirísliú. Gach aon frgin’ áit go dtéim, bíd ansin greanta ‘le gaois’ ag caochadh orainn go fonóideach fealltach. Caithfidh go ngabhann gach comhartha acu trí phróiseas fada maorlathach. Ó dhuine go duine, gach duine níos aineolaí agus níos daille ná a chéile. B’fhurasta na comharthaí a thagairt do dhuine eolgaiseach éigin chun an leagan ceart a dheimhniú. Ba leor glaoch teileafóin ina lán cásanna. Chun an leagan ceart a aimsiú. Tá tábhacht ag roinnt le cúrsaí den tsórt sin. Is léiriú iad ar ana-chuid rudaí. Tugann siad rud le fios. Ach ní chuirid na maorlathaigh aon stró mar sin orthu féin. Mar is cuma sa f..c leo!! Go minic is fearr an leagan a bhíonn ag Google Translate. Tarraingeoidh siad sin, na maorlathaigh, a dtuarastal cuma cén seafóid nó cacamas a chuirfidh siad in airde. Agus ní ghlacfaidh siad le haon cheartú uaitse! Ba cheart iad a bhaint anuas, iad a scrios agus….iad a ..lot..!