Níos lú ná €200,000 den chiste €25m a d’fhógair an rialtas chun cabhrú le himeachtaí ealaíne agus ceoil a chur ar bun a rachaidh i dtreo ócáidí a bheidh á reáchtáil sa Ghaeltacht.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin le gairid go raibh 237 eagraíocht ar fud na tíre chun leas a bhaint as an maoiniú €25,100,132 a cuireadh ar fáil faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021.
Bainfear úsáid as an airgead chun imeachtaí cultúrtha a chur ar bun i ngach contae sa stát ach, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na heagraíochtaí, níl ach trí cinn acu lonnaithe sa Ghaeltacht.
Bronnadh €174,306 ar fad ar eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus formhór mór den airgead sin ar mhaithe le ceolchoirmeacha a eagrú i nGaeltacht Dhún na nGall a bronnadh é.
Fuair an comhlacht Ace Productions €126,941 chun sraith ceolchoirmeacha a chur ar siúl i dtábhairne Teach Sheáin Óig i nGaoth Dobhair. Dúradh san iarratas go gcuirfí béim ar thacaíocht a thabhairt don fhostaíocht san earnáil chultúrtha agus ealaíne i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Tá KNEECAP, Damien Dempsey agus The Wolfe Tones i measc na gceoltóirí a rinne ceolchoirmeacha i dTeach Sheáin Óg le blianta beaga anuas.
Sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bheidh an dá imeacht Gaeltachta eile a fuair maoiniú faoi scéim an rialtais ar siúl.
Tugadh €31,735 do Thábhairne Thigh na Cúirte ar an mbaile chun sraith ceolchoirmeacha ceoil thraidisiúnta a chur ar fáil saor in aisce.
Bronnadh €15,630 freisin ar an gcomhlacht Staunton Productions Limited chun ceolchoirmeacha a reáchtáil san ionad Mol Teic sa Daingean.
Déanfar an Ghaeltacht a cheiliúradh i gceann eile de na himeachtaí a fuair maoiniú ón Aire Catherine Martin. Ceadaíodh €159,536 chun “aistear cultúrtha” trí Chonnachta, an Ghaeltacht agus na hoileáin, ina mbainfear leas as an gceol, an damhsa agus na healaíona liteartha sa léiriú a bheidh ar siúl sa Royal Hotel & Theatre i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo.
Níos mó ná 400 iarratas ar fad a rinneadh faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021, scéim a bunaíodh chun cabhrú le hionaid tráchtála, léiritheoirí agus lucht poiblíochta chun léirithe beo a phleanáil ar fud na tíre i rith an tsamhraidh.
Tá féilte, ceolchoirmeacha, léirithe amharclainne, coiméide agus imeachtaí faoin aer i gceist sa 237 togra a fuair maoiniú.
Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an raibh aon socrú ar leith faoin scéim a chinnteodh go bhfaigheadh imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta sciar áirithe den mhaoiniú €25 milliún, dúradh nach raibh.
“Cé nár rinneadh iarratais a mheas maidir le húsáid na Gaeilge nó áiteanna Gaeltachta ar leith, tacóidh an scéim le himeachtaí i ngach contae trí imeachtaí beo éagsúla, ar a n-áirítear féilte, ceolchoirmeacha, léiriúcháin amharclainne, imeachtaí coiméide agus imeachtaí faoin aer,” a dúirt urbhlabhraí de chuid na Roinne.
Is é an comhlacht Aiken Promotions a fuair an deontas is mó – €581,811 – chun ceolchoirmeacha a reáchtáil i Vicar St i rith an tsamhraidh.
Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh ríméad ar an Roinn an maoiniú seo a fhógairt mar go gcruthódh sí “fostaíocht atá ag teastáil go géar ó go leor daoine nach raibh obair acu le míonna fada anuas” a dúirt an tAire.
Donncha Ó hÉallaithe
Bheadh sé spéisiúil a fháil amach ar chuir mórán de na heagraíochtaí Gaeilge isteach ar imeachtaí beo a eagrú. An raibh iarratas déanta ag Conradh na Gaeilge, ag Cumann na bhFiann, ag Glór na nGael, ag Gael Linn, ag Ealaín na Gaeltachta ar sciar den airgead a usáid? Mura raibh, cén fáth nach raibh?