Dúshlán mór roimh Chonnachta, na Muimhnigh ag filleadh abhaile mar gheall ar chineál nua den Covid

Tá comórtas an URC linn arís anocht ach tá cluiche Chúige Mumhan san Afraic Theas curtha ar ceal

Dúshlán mór roimh Chonnachta, na Muimhnigh ag filleadh abhaile mar gheall ar chineál nua den Covid

Imreoir Chonnacht, Diarmuid Kilgallen. Pic: INPHO/James Crombie

Beidh comórtas an URC linn arís anocht tar éis scíth trí seachtaine do na Cúigí tráth a raibh a gcuid imreoirí idirnáisiúnta gnóthach ar dhualgas idirnáisiúnta. Is cinnte go mbeidh na clubanna ar fad ag iarraidh tógáil ar agus cur leis an stádas agus an cháil nua atá bainte amach ag imreoirí rugbaí na tíre seo le tamall.  Sin rud nach mbeidh ró-éasca mar go bhfuil cúpla mórdhúshlán roimh chúigí áirithe. 

Tá buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh anocht agus iad ar an mBóthar Beag ag tabhairt faoi na hOspreys, foireann atá ceithre áit chun cinn ar fhoireann an Iarthair sa gcúigiú háit ar an tábla agus gan ach an t-aon chluiche amháin caillte acu ó thús an chomórtais. Trí chluiche as cúig cinn atá caillte ag imreoirí Andy Friend. Fós féin, ba léir do chách go raibh na deacrachtaí a bhí ag crá na gConnachtach luath sa gcomórtas sáraithe acu sa gcluiche deiridh a d’imir siad i gcoinne na nUltach (36-11). Má leanann Connachta leis an bpatrún imeartha sin níor cheart go mbeadh sé ró-éasca ag na cuairteoirí. 

Amárach a bhí an trí chúige eile le cur chun páirce. Ní raibh aon rogha ag na Muimhnigh a bhí le himirt i gcoinne na Bulls in Pretoria ach an cluiche sin a chuir ar athlá de bharr an cineál nua de Covid atá ag teacht chun cinn san Afraic Theas. Agus seo á scríobh agam bhí foireann bainistíochta na Mumhan ar a míle dícheall ar thóir eitilt abhaile a aimsiú don fhoireann. Níl aon eolas againn fós maidir le hathsceidealú an chluiche sin ná na trí chluiche eile sa gcomórtas seo atá curtha ar ceal freisin.  

Seans gurb é an cluiche idir an dá fhoireann atá ar bharr an tábla a bheas á imirt san RDS oíche amárach rogha chluichí an deireadh seachtaine. Níl aon chluiche caillte ag na Laighnigh, foireann atá ar bharr an ghrúpa, i gcomparáid leis an gcluiche úd a chaill na hUltaigh i gcoinne na gConnachtach trí seachtaine ó shin. Ní bheidh fáil ag Cúige Laighean ar an líon mór imreoirí ón gclub a bhí ag imirt d’fhoireann na hÉireann le cúpla seachtain, seachas Tadhg Furlong agus Robbie Henshaw.  

Tá beirt nó triúr ó Chúige Uladh atá sa mbád céanna.  

Mar sin féin is deacair bua a thuar do na hUltaigh.  

 

Fág freagra ar 'Dúshlán mór roimh Chonnachta, na Muimhnigh ag filleadh abhaile mar gheall ar chineál nua den Covid'