Dul chun cinn éigin déanta faoi oidhreacht na dTrioblóidí, ach ní iontas an mhímhuinín

Deir an Státrúnaí Hilary Benn go bhfuil rialtas Pháirtí an Lucht Oibre ag ullmhú reachtaíochta nua in ionad an Achta Oidhreachta

Dul chun cinn éigin déanta faoi oidhreacht na dTrioblóidí, ach ní iontas an mhímhuinín

Is geall le bheith ag fanacht le Godot é. Sa bhfreasúra gheall Keir Starmer agus Hilary Benn aisghairm na reachtaíochta conspóidí faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Ó tháinig siad i gcumhacht níl déanta ach caint agus cúlú ó chealú iomlán ar gach gné d’Acht Oidhreachta na dTóraithe.

Is cosúil go bhfuil siad á mbogadh féin ar deireadh mura raibh dul amú ar an Tánaiste a dúirt go mbeidh a fhios faoi cheann roinnt seachtainí an féidir leis an dá rialtas a theacht ar chur chuige sásúil.

Bhí Simon Harris ag caint i ndiaidh plé ar an gceist ag cruinniú de Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine-na hÉireann i gCaisleán Chromghlinne Déardaoin. Ba iad an Státrúnaí Hilary Benn agus an Tánaiste comhchathaoirligh an chruinnithe. D’fhreastail an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan agus Aire Sóisir na Breataine sa tuaisceart, Fleur Anderson, ar an gcuinniú freisin.

Deir an Státrúnaí Benn go bhfuil rialtas Pháirtí an Lucht Oibre ag ullmhú reachtaíochta nua in ionad an Achta a thug na Caomhaigh isteach anuraidh. Níl aon ghlacadh ag íobartaigh ná polaiteoirí leis an Acht; rialaigh an Ardchúirt go raibh coda de ag teacht salach ar chearta an duine agus tá dúshlán na Breataine tugtha ag rialtas na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Chothaigh an Státrúnaí Benn míshuaimhneas faoi phlean a rialtais nuair a d’fhógair sé go luath tar éis an olltoghcháin a thug chun cumhachta iad go gcoinneodh sé an ICRIR, Coimisiún Neamhspleách an Athmhuintearais agus Aisghabháil an Eolais. Tá formhór na n-íobartach dubh dóite in éadan an ICRIR, iad ag diúltú déileáil leis mar gur bunaíodh é mar chuid den Acht Oidhreachta agus ‘smál’ dá réir air, dar leo.

D’ainneoin an fhreasúra sin bhí Benn ag cur brú ar íobartaigh a dhul i muinín an Choimisiúin. B’in é an cúrsa a mhol sé do mhuintir Sheán Brown cé gur rialaigh cróinéir agus dhá chúirt go raibh gá le binse poiblí chun marú an ghníomhaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a fhiosrú go críochnúil. Tá go dtí tús na seachtaine seo romhainn ag Benn chun freagra a thabhairt ar rialú na hArd-Chúirte go gcaithfidh sé fiosrú poiblí a cheadú. Má roinn sé le Simon Harris agus Jim O’Callaghan cén freagra a bheas aige ar an Ard-Chúirt níor scaoil sé a rún go poiblí. Ceapann a lán go ndéanfaidh sé achomharc chun na Cúirte Uachtaraí. Má dhéanann – cén seans go mbeidh cur chuige aontaithe aige le rialtas na hÉireann faoi dheireadh na míosa seo chugainn?

Dúirt an Tánaiste Simon Harris i ndiaidh na gcainteanna i gCaisleán Chromghlinne go raibh an dá rialtas ag iarraidh, le dea-intinn a theacht ar chóras sásúil. Bealach nó meicníocht a mbeadh difríocht ollmhór idir é agus a bhfuil ann faoi láthair a bheadh riachtanach, ar sé. Dúirt an Státrúnaí Benn go raibh sé tiomanta do leasú ó bhonn a dhéanamh ar an ICRIR. Bhí na hathruithe á bplé go mion le rialtas na hÉireann, ar sé. Bhí a fhios aige go gcaithfeadh cuma éagsúil ar fad a bheith ar an gcóras agus gheall sé go mbeadh.

Chífimid.

Tá rialtas na hÉireann ag coinneáil a rún maidir leis an gcás sa chúirt Eorpach. Dúirt Simon Harris go raibh i bhfad an iomarca teaghlach ag fanacht i bhfad rófhada gan fáil acu ar an bhfírinne ná an chóir. B’in é an fáth go gcaithfí a theacht ar chóras aontaithe atá ag cloí le dlíthe chearta an duine agus a dtacaíonn íobartaigh is a ngaolta leis, ar sé. Dá dtiocfadh an dá rialtas ar an mheicníocht sin bheadh rialtas na hÉireann in ann athmhachnamh a dhéanamh ar an gcás sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Is deacair a shamhlú cé na hathruithe ar an ICRIR a shásódh formhór na n-íobartach. Is fíor go bhfuil 50 cás curtha faoi bhráid an Choimisiúin ach tá mímhuinín ann forleathan. Cuirtear leis an amhras gach uair a théann an rialtas ar ais chuig na cúirteanna féachaint le teorainn a chur leis an méid faisnéise rúnda a nochtfar. Nuair is é sin an comhthéacs ina mbíonn an Státrúnaí ag treorú na n-íobartach chuig an ICRIR, ní iontas í an mhímhuinín. Ní ribín réidh é fuascailt a aimsiú agus é a dhéanamh i gceann míosa.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn éigin déanta faoi oidhreacht na dTrioblóidí, ach ní iontas an mhímhuinín'