Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, trí chás nua deimhnithe

2,285 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,735 duine ó dheas den teorainn agus 550 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, trí chás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus gur deimhníodh trí chás nua den ghalar.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd air básaithe agus go raibh cás amháin nua deimhnithe.

2,285 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,735 duine ó dheas den teorainn agus 550 ó thuaidh di.

31,190 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,439 cás ó dheas den teorainn agus 5,751 cás ó thuaidh di. Tá cásanna ó shaotharlanna an HSC agus an Nationtal Initiative san áireamh anois i líon na gcásanna ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, inné go raibh na srianta dianghlasála á scaoileadh a bhuíochas do mhuintir na hÉireann, ach gur “údar mór imní” líon na ndaoine óga a bhfuil an galar á tholgadh acu le tamall.

Den 23 cás nua a fógraíodh inné, bhain 10 gcinn acu (43%) le daoine faoi bhun 35 bliain d’aois agus bhain 8 gcás (35%) le daoine idir 35-54.

 

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, trí chás nua deimhnithe'