Dualgas le cur ar stáisiúin raidió áitiúla níos mó ábhar Gaeilge a chraoladh

Tá sé leagtha amach ag Coimisiún na Meán go mbeidh ar stáisiúin raidió áitiúla barántas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge nuair a bheifear ag cur isteach ar cheadúnais nua

Dualgas le cur ar stáisiúin raidió áitiúla níos mó ábhar Gaeilge a chraoladh

Beidh ar stáisiúin raidió áitiúla níos mó ábhar a chur ar an aer i nGaeilge má bhíonn siad ag iarraidh ceadúnas craolacháin a fháil.

Tá sé i gceist ag Coimisiún na Meán go mbeidh ar stáisiúin raidió áitiúla barántas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge nuair a bheifear ag cur isteach ar cheadúnais nua.

Bhronn Coimisiún na Meán ceadúnas nua ar Galway Bay FM mí Iúil ach bhí dhá choinníoll ag baint leis sin: go mbeadh sé riachtanach i ráiteas beartais na gclár an stáisiúin go ndéanfaí athbhreithniú agus uasdátú ar a thiomantas do chláir Ghaeilge.

De réir scéil a foilsíodh ar an Irish Times bhí coinníoll eile ag baint leis an gceadúnas a fhágann go gcaithfear eolas a bhailiú maidir le comhlíonadh na mbeartas sin agus an t-eolas a chur ar fáil do Choimisiún na Meán má iarrtar é.

Ba é an t-iarratas ar cheadúnas nua ag Galway Bay FM an chéad cheann a mheas Coimisiún na Meán ó tháinig sé in áit Údarás Craolacháin na hÉireann níos luaithe i mbliana. Dúradh ag an gcruinniú de chuid an Choimisiúin mí Iúil go mbeadh na riachtanais thuas mar chuid d’aon chonradh a bhronnfaí ar stáisiún raidió as sin amach.

Dúirt urlabhraí ó Choimisiún na Meán go raibh athbhreithniú le déanamh ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin ag an gCoimisiún an bhliain seo chugainn agus gur beartaíodh na coinníollacha nua a leagan síos chun go mbeadh sé níos éasca forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge amach anseo.

“Chinn an Coimisiún go mbeadh na dualgais bhreise i leith na Gaeilge ina gcuid de sceideal clár an stáisiúin agus go mbeadh na dualgais sin ina gcuid d’aon chonradh nua craoltóireachta a bhronnfaí feasta ar aon stáisiún raidió tráchtála faoin bpróiseas ceadúnais,” a dúirt an t-urlabhraí.

Thart ar dheich mbliana a mhaireann ceadúnas craolacháin ag stáisiún raidió áitiúil.

Bunaíodh Coimisiún na Meán mí an Mhárta i mbliana. Tá an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua. Eisean a bheidh freagrach as an athbhreithniú ar sholáthair seirbhísí Gaeilge sna meáin.

Fág freagra ar 'Dualgas le cur ar stáisiúin raidió áitiúla níos mó ábhar Gaeilge a chraoladh'