Dream meánaicmeach cathrach atá i gceannas ar an rabharta Glas

Ní hiad Glasaigh mheánaicmeacha na gcathracha is luaithe a chuirfidh a ngualainn faoin gcrois. Fágfaidh siad an chuid is mó den mheáchan ar na tuathánaigh

Dream meánaicmeach cathrach atá i gceannas ar an rabharta Glas

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá scéal an ghamhna bhuí déanta ag na Tráchtairí Móra den chaoi ar éirigh leis an gComhaontas Glas sna toghcháin. Tonn tuile a bhí ann, a dúirt siad.

Ach an raibh an bua chomh mór sin? Cuimhnigh gur 5.6% de na vótaí céadrogha a fuair siad sna toghcháin áitiúla in 2014 agus nach raibh d’ardú air sin an iarraidh seo ach 1.6%.

Ní shin le rá nach bhféadfadh tionchar mór a bheith ag an gComhaontas Glas ar an gcéad rialtas eile. Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag déanamh tláithínteachta orthu as éadan faoi láthair ag iarraidh iad a mhealladh isteach sa socrú a bheidh le déanamh tar éis an olltoghcháin.

Tharlódh sé go mbeadh an oiread tionchair acu an uair sin agus a bhí ag an bPáirtí Daonlathach lena linn siúd.

Drochthuar amach is amach dúinne atá inár gcónaí faoin tuath an fuadar atá faoin gComhaontas Glas anois. Má bhí na ceantair seo faoi bhrú cheana is seacht measa a bheidh an cás againn má théann siadsan sa diallait, ná fiú amháin má bhíonn siad cúlóg ar chapall an rialtais.

Dream meánaicmeach cathrach atá i gceannas ar an rabharta Glas seo. Lábánaigh na tuaithe a thiomáint isteach sna cathracha agus sna bailte móra an bhunaidhm atá acu.

Chiallódh sé sin, a deir siad, nach ndéanfaí mórán taistil i ngluaisteáin. Ós rud é nach féidir maireachtáil réasúnach ar bith a dhéanamh faoin tuath d’uireasa gluaisteáin, déanfaidh siad iarracht tógáil tithe faoin tuath a chosc chomh mór agus is féidir.

Tá an polasaí sin ag lucht údaráis le tamall maith ar aon chaoi. Anuraidh bhí mé ar thoscaireacht chuig rannóg tithíochta Chomhairle Contae na Gaillimhe ag iarraidh orthu tithe a thógáil sa bparóiste Gaeltachta seo. Thóg an Chomhairle Contae dhá eastát anseo cheana agus tá ag éirí thar cionn leo.

Chuir Fóram Iorras Aithneach de chúram ormsa suíomhanna a fháil a bheadh feiliúnach le haghaidh roinnt eile tithe. D’éirigh liom cúig shuíomh aimsiú.

Ba bheag suim a bhí ag Ceannasaí Tithíochta na Comhairle iontu. Ní hé amháin, a dúirt sé, nach dtógfaidh siad aon teach sa bpobal seo againne ach ní cheannóidh siad a oiread agus acra amháin talún ach oiread.

Ba léir gur cheap sé gur mhór an díth céille a bhí orainn nár thug faoi deara an ghluaiseacht i dtreo na cathrach. Thagair sé don taisteal sa ngluaisteán. Shílfeá ón gcaoi a raibh sé ag caint gur peaca marfach a bhí ansin.

Is maith le daoine a bheith sa bhfaisean agus tá an pobal ag tabhairt aird mhór ar na Glasaigh inniu. Tá an fhealsúnacht atá acu ciallmhar go leor, is é sin an timpeallacht a chosaint. Ach cén chaoi a gcuirfear an fhealsúnacht sin i bhfeidhm: sin é an buille.

An dream a raibh a gcosa beaga ag rith uathu, nó a bhí ag taisteal sna SUVanna, le vótáil do na Glasaigh gheobhaidh siad amach go mbeidh deachma le n-íoc. Bí cinnte de rud amháin, nach iad Glasaigh mheánaicmeacha sna cathracha is luaithe a chuirfidh a ngualainn faoin gcrois. Dream iad atá ar mhuin na muice agus a bhfuil an saol ar sheol na braiche acu. Níl rún ar bith acusan sciorradh go talamh den mhuc.

Fágfaidh siad an chuid is mó den mheáchan ar na tuathánaigh.

Is lú an seans ná riamh a bheidh againne bóthar ceart a fháil i gConamara. Ní bheidh siad ar son orlach amháin de leithead a chur ar an mbóthar as Gaillimh don Chlochán.

Cuirfidh siad go nimhe neanta in aghaidh cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, bíodh is go bhfuil sé ina pholasaí Stáit an pháirc sin a chur chun cinn.

Caithfidh siad amhras ar an mbó bhainne a bhíonn ag brúchtaíl sa bpáirc agus múinfidh siad do dhaoine consaeit a bheith acu leis an mburgar feola agus leis an strúisín Gaelach.

Go deimhin éileoidh siad go gcúngófar tionscal na feilméarachta tríd is tríd. Níl sé i bhfad ó dúirt Eamon Ryan go mb’fhéidir go gcaithfí fáil réidh le trian den tréad náisiúnta beithíoch!

Ach ní bheidh an saol ina sheol mór ar fad acu. Fan go dtosóidh siad ag cur ardú ar an gcáin charbóin. Sin é a tharraing an scliúchas sa bhFrainc. Faoin tuath a thosaigh gluaiseacht na Léinte Buí sa tír sin.

Bhí an Comhaontas Glas ar son na dtáillí uisce agus baineadh leagan astu. Cúlóidh siad anois arís má chuirtear brú sách láidir orthu. Tá sé thar am Conradh na Tuaithe a bhunú.

Fág freagra ar 'Dream meánaicmeach cathrach atá i gceannas ar an rabharta Glas'

  • Eoghan Ó Néill

    Sí an chúis leis na hathruithe seo a chaithfear a dhéanamh ná an éifeacht ag an iomarca CO2 agus meiteán ( CH4) etc. a bhfuil muid ag sceitheadh san aer a bhfuil de thoradh air na mean-teocht na cruinne a ardú agus uaidh sin tuilte móra sna haibhneacha agus stoirmeacha aniar ón fharraige chomh maith le creimeadh an chósta de bharr leá an chapa oighir sa Mhol Thuaidh agus Theas. Caithfimid gearradh siar ar an méid taistil a dheineann muid i gcarranaí agus caithfear an córas fóirdheontais do úinéirí na talún a chasadh ionas go mbeidh 35% de thalamh faoi mí-bhuntáiste talamhaíochta curtha faoi choillte dúchasacha sa dóigh go mbeadh fostaíocht sa adhmadóireacht sna ceantair tuaithe amach anseo. Cinnte beidh sé crua ach ach b’fhearr go mór deighleáil leis an fhaidhb seo anois na bheith báite feasta.

  • Feardorcha

    Sea go deimhin, a Sheosaimh, tá ag éirí go hiontach ar fad le muintir na tuaithe agus cúrsaí mar atá…
    Meas tú an ar bheithígh scáinte a chodail amuigh Chonamara a dhíreofaí aird na nGlasach seachas ar na tréada móra troma atá á gcothú ag ollchomhlachtaí i seideanna stán thuas ar an dteorainn?
    Ar ndóigh, tá iascairí beaga an chósta breá sásta faoi láthair go bhfuil na holltráiléirí ag creachadh is ag marú a n-oidhreacht le cabhair cuótaí is breabaireacht. Ní bheadh aon tionchar ag polasaithe na nGlasach ar a leithéid is dócha.
    Agus measaim nach iad feirmeoirí beaga an iarthair a bheadh thíos leis ach a mhalairt dá gcuirfí níos mó béime ar fheirmeoireacht orgánach, feirmeoireacht cnoic, feirmeoireacht clóis, fuinneamh ón bhfarraige, fuinneamh ón gcnoc.
    Níl éinne ag súil le fíricí oibiachtúla uait sa cholún seo ach ar a laghad féin ná tosaigh leis an sceimhleadh agus an t-eaglú mura bhfuilir sásta dhá thaobh na pingine a thabhairt.

  • An Teanga Bheo

    Céard faoi áthlonú tuatha agus Gaeltacht Bheo ?

  • Eoin O Murchu

    Tá an ceart ar fad agat, a Sheósaimh. Nach dtuigeann Eoghan Ó Neill go mairfidh na Glasaigh an Ghaeltacht lena gcuid polasaithe, nuair is féidir tabhairt faoi ghéarchéim na haeráide ar bhealaigh eile – bealaigh a chaomhnódh pobail tuaithe is pobail Gaeltachhta ach go háirithe?

  • Marian O Murchu

    Nil a on cheist ar dteanga a chaomhnu

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an t-athrú aeráide go mór i dtreis le tamall maith anois agus sna toghcháin deireanacha d’éirigh leis na Glasaigh – féar plé dóibh – teacht i dtír ar imní an phobail faoin ábhar seo agus dhá shuíochán i bParlaimint na hEorpa a ghnóthú: Ciarán Cuffe i mBÁC agus Grace O’Sullivan i dtoghcheantar an deiscirt. Ach caithfear an cheist a chur: an fíor é go bhfuil muid faoi bhagairt ag an athrú aeráide agus an téamh domhanda a ghineann sé (más fíor)? Tá tréithe an reiligiúin (reiligiún na ré tuata seo ina mairimid) ag baint leis an gcreideamh seo in athrú aeráide. Daoine nach gcreideann ann cuirtear ina leith gur séantóirí, nó eiricigh de shaghas éicint, iad. Tá gnéithe den mhílaoiseachas (millenarianism) ag baint leis freisin. Níl dabht ar bith ná go bhfuil fadhb ollmhór sa domhan a bhaineann le truailliú agus an salachar a ghineann an cine daonna sa saol nua-aimseartha. Is fíor freisin go bhfuil fadhb ollmhór a bhaineann le mícothromaíocht acmhainní idir an taobh seo den domhan, a bhuil muidne de dhlúth agus d’inneach ann, agus an Triú Domhan. Go minic measctar suas na fadhbanna seo uilig le chéile faoin gcoincheap athrú aeráide agus b’fhéidir gur lipéad áisiúil é chun áiteamh ar dhaoine a ndrochnósanna a athrú… caolseans. Níl na heolaithe ar fad ar aon tuairim faoin athrú aeráide. Tá aithne phearsanta agam ar eolaí amháin (réaltfhisiceoir céimiúil) agus deir seisean gur mó seans go mbeidh muid faoi bhagairt ag an gcéad oighearaois eile ná an téamh domhanda! Agus gur mó i bhfad an seans go mbeidh muid faoi bhagairt ag an gcéad chogadh eile idir na cumhachtaí móra domhanda agus a gcuid airm ollscriosta.

  • Seosamh Ó Cuaig

    B’fhéidir go dtabharfá féin an taobh eile den scéal dhúinn, a Fheardorcha. Cén réiteach a bheadh agatsa ar an gcás?

  • Des O Murchu

    Bi ag faireadh le canacha aifeieacha glasa sna buisead amach anseo!?

  • Feardorcha

    Ní mé is fearr chuige sin mar níl baint ná páirt agam leis an bpáirtí Glas ach d’aithneodh an té is daille amuigh go bhfuil an diabhal á dhéanamh agat sa cholún seo, agus é sin gan náire. Cóirím dhá fhogha dhéag uait i dtaobh na nGlasach, sin gan trácht ar na sáiteáin slítheánta i dtaobh meánaicmeachas agus SUVanna.
    Níor luaigh tú na pointí atá tugtha agam thuas ná níor luaigh tú a ndearcadh fónta i leith na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta. Níor luaigh tú go bhfuil go leor de na hathruithe sin maidir le tithíocht agus breosla ag teacht pé scéal, bíodh na Glasaigh ann nó ná bíodh – n’fheadar an tú an t-aon duine riamh a cheap go raibh tionchar ag na Glasaigh orthu siúd atá i bhfeighil ar chúrsaí pleanála sa tír seo.
    Anois, tá do shaol caite agat ag faire ar pholaiteoirí ag cacadh ar mhuintir na tuaithe. Tá do phobal bánaithe, do chomharsain beo ar dheontais agus an pinsean agus deireadh curtha lena slite beatha traidisiúnta formhór. Nach do na seanpholaiteoirí ba chóir duit do sheile a choinneáil?

  • Eoghan Ó Néill

    Ní haon religiún é seo, níl ann ach go bhfuil méadú cuíosach ar an % daoine atâ ag tabhairt aird ar thoradh oibre na n-eolaithe a deir go bhfuil na capaí oighir ag leá agus scrios ag tarlú ar chréatúirí an dúlra. Tá muid uilig sa bhád chéanna agus beidh orainn athruithe crua a dhéanamh chun fanach slán ón eisberg!

  • An Comhaontas Glas

    Is léir ón alt seo nár léigh Seosamh oiread is ceann amháin de pholasaithe an Chomhaontais Ghlais, in ainneoin iad a bheith ar fáil go héasca ar líne. Is éasca i bhfad dul i muinín na steiréitíopaí agus na gclichéanna seanchaite de réir cuma; mór an trua sin a fheiceáil.

    Ach is saothar in aisce é dul i muinín na steiréitíopaí agus na gclichéanna céanna nuair is léir go bhfuil cuid mhéadaitheach de mhuintir na tuaithe lánsásta a vóta a chaitheamh do na Glasaigh anois (comhairleoirí nua acu i gConamara, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cill Dara agus i neart áiteanna eile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath). Tá an dallamullóg fhrith-Ghlas á baint de réir a chéile.

  • Seán Mag Leannáin

    D’fhreastail mé (mar bhall den phobal) ar an gcéad chruinniú den Chomhairle Chontae nua i gCill Mhantáin inniu agus bhí an cheist seo go mór chun tosaigh sna himeachtaí. Bhí géarchéim aeráide fógartha cheana féin ag an sean-Chomhairle (an chéad Chomhairle sa tír a rinne é seo… bhí Cill Mhantáin i gcónaí ar thús cadhnaíochta). Inniu ghlac an Chomhairle nua, d’aon ghuth, le rún dul i ngleic leis an ngéarchéim trí SPC nua dírithe ar an gceist a chur ar bun. Ba mhór an faoiseamh dom é seo a chloisteáil… beidh mé in ann codladh go sámh i mo leaba anocht!