‘Don’t tell me you have one of those big long names in Irish?’ arsa báirseach mná sa Ghaeltacht liom

Fágann an ciníochas in aghaidh lucht na Gaeilge sa tír, atá le brath sa Ghaeltacht fiú, ár gcolúnaí suaite ach níl sí chun scaoileadh leis na maslaí

‘Don’t tell me you have one of those big long names in Irish?’ arsa báirseach mná sa Ghaeltacht liom

Uaireanta bheadh fonn ort do hata a chaitheamh leis an gcúram.

Tabhairt isteach is Béarla a labhairt i mbaile mór Gaeltachta mar ná faighir as a mhalairt ach maslaí, beag is fiú is ciníochas.

Thugas cuairt ar Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne coicís ó shin ar thuairisc seanóir suáilceach, bean atá gafa trí go leor tráma is tranglam a bhuíochas do mhí-éifeacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tamall beag anuas.

Aistríodh amach as an ospidéal áitiúil í, áit a raibh aithne uirthi agus comhluadar Gaeltachta aice, agus cuireadh fiche míle ó bhaile í go dtí áit ná raibh duine ná deoraí a d’aithin í. An bhean uasal seo, go hard os cionn deich mbliana is cheithre fichid, aistríodh í de dheasca mhí-éifeacht na seirbhísí sláinte. 

Cuireadh a clann mhac is iníon trí chéile dá bharr. Clann a thug is a thugann togha na haire di. Dheineadar clamhsán os ard, ach bhí fuar acu. 

Tar éis ladhair mhaith seachtainí, fuarthas leaba arís di ina hospidéal áitiúil agus tá sí ar ais ar a sáimhín só, i gcóngar a muintire agus a comharsan arís.

Ardú croí é seal a chaitheamh ina comhluadar. Gach aon scéal is gach aon chuntas aici agus suim thar na bearta aici in aon scéal seoigh a bheadh agatsa di.

Is maith léi go dtabharfá an nuachtán táblóideach Ciarraíoch chuici – is ann atá na scéalta is fearr a deir sí. 

Is breá léi an iris Hello a bhreith chuici leis, ambaiste.

Isteach liom ar a tuairisc pé scéal é, agus na féiríní beaga san im’ ghlaic agam di.

Cuirim mé fhéin in iúl do bhall foirne.

‘Don’t tell me you have one of those big long names in Irish?’ arsa báirseach mná nuair a thug mé m’ainm di. 

N’fheadar an mó uair im’ shaol atáim maslaithe ag Éireannaigh mar gheall ar m’ainm.

Ní thiteann sé amach in aon tír eile. 

An bhfuil aon tuiscint ar an gciníochas atá go domhain in Éireannaigh áirithe nuair a thagann sé go dtí an Ghaelainn? Baineann sé siar asam i gcónaí. Fágann sé suaite mé. 

Ansan an bráca a bhaineann le dul i ngleic leis ‘an fhadhb’ atá cruthaithe ag cruncaí ciníocha duit. 

Gan scaoileadh leo, tá an prionsabal san go smior ionamsa.

Cuirim glaoch ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Míním an cás. Lorgaím treoir.

Deireann siad liom go nglaofaidh siad thar n-ais orm. 

Glaoim arís an lá dár gcionn. Deireann siad liom go nglaofaidh siad thar n-ais orm. 

Deineann. 

Tugtar ainm agus uimhir duine atá ina hOifigeach Gaeilge ag an HSE i gCúige Mumhan dom. Deinim teangmháil léi.

Glaonn sí thar n-ais orm. Tugaim cuntas an scéil di. Bíonn sí cineálta agus leithscéalach agus deireann go rachaidh sí i dteangmháil le hOspidéal Pobail Chorca Dhuibhne le’m ghearán. 

Téim i dteangmháil leis an té atá fostaithe chun Plean Teanga Chiarraí Thiar a chur i bhfeidhm. Deir sé liom go raghaidh sé sin ag caint leis an Ospidéal thar mo cheann.

Fiosraím cé atá i bhfeighil feachtas ‘Dúchas an Daingin’, gluaiseacht go bhfuil sé mar aidhm aici an ‘An Ghaeilge’ a chur chun cinn i nDaingean Uí Chúis agus pinginí substaintiúla acu chuige.

An duine san ar saoire. 

Fén dtráth seo, táim tugtha tnáite. 

Léas dóchais an litir chineálta a fuaireas ón Stiúrthóir Altranais mar fhreagra ar mo ghearán.

Ghabh sí leathscéal as an eachtra a tharla agus dhearbhaigh gurb í aidhm an ospidéil meas agus urraim a thabhairt don dteanga agus araile is araile.

Na céadta mílte euro á chaitheamh ar phleananna teanga na dúthaí. 

Daoine óga díograiseacha idéalacha fostaithe is iad ar a gcroí díchill ‘dea-thoil’ a mhúscailt i mbaile agus ceantar Gaeltachta

Cruncaí ciníocha is gan aon bheann acu ar shibhialtacht teanga ná oidhreacht ná dúchas.

Arb aon iontas go mbeinn uaireanta i ndeireadh na feide.

Fós na maslaí is an ciníochas á chaitheamh le duine atá ag  súil lena gnó a dhéanamh i nGaelainn sa Ghaeltacht i mbliain seo 2022.

Fág freagra ar '‘Don’t tell me you have one of those big long names in Irish?’ arsa báirseach mná sa Ghaeltacht liom'

  • Romelu Lukaku

    An ndéarfadh an bhean a bhí ag obair san ospidéal an rud céanna le Polannach / Úcránach / Nigéarach srl.?

  • JP

    Tuigim go maith duit. ‘Sé t’ainm t’ainm, ní cás a rá go bhfuil tú mórálach aisti. Earra luachmhar, íogair, uathúil, pearsanta í t’ainm. Is leatsa í agus ní le héinne eile. Ní tusa amháin a bhí á mhaslú aici ach gach n-aon a bhain leat agus a bhaineann leat, beo is marbh, do sheacht sinsear.
    Méanar di nár éirís in airde ar do chosa deiridh chuici! Is mó achrann agus clampar a tharraingíonn ainm an duine ach a
    mbaineann stumpa smeairteáilte éigin casadh nó camadh aisti d’fhonn úirísliú nó scigmhagadh a dhéanamh. Tarlaíonn sé i gclós na scoile, sa seomra ranga, ar pháirc na himeartha, sa pholaitíocht, san oifig féin…nó áit ar bith eile go mbíonn an bullaí ag caitheamh a t(h)óna. Goilleann an saghas sin fonóide thar meán orainn óir is ionsaí pearsanta é a théann go feirc ionainn. Masla a chraitheann an croí ionainn. Ná glactar leis an meon ‘uasal le híseal’ seo, tá ceart docht daingean bunreachtúil agus daonna agat t’ainm a thabhairt i do rogha theanga féin sa tír seo, go háirithe i dteanga ársa uasal na Gaoluinne!
    Bhí fear ar m’aithne anallód gur ghlaoigh scaothaire baoth as a ainm air agus ‘sé seo an freagra a fuair sé:
    ” N’fheadar cén cú a chac tusa, nó cén madra a bhaist thú”!!

  • Mise Áine

    Ní dóigh liom go mbeadh duine gan Fhraincis fostaithe in ionad pobail san Fhrainc, ná duine gan Spáinnis fostaithe in ionad pobail sa Spáinn, mar shampla; cén fáth, mar sin, an nglactar le daoine gan Ghaeilge a fhostú in ionad pobail sa Ghaeltacht?

  • Dónall Mór Mac Billing(s) Bille

    ——– A Sheosaimhín Ní Bheaglaoich, Rath Dé ar d’ainm ;—-
    ——–

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus bhrón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaidh na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    —– agus tusa a chailín, a chroí, ag iarraidh meas ar do theanga’ !!!

    Chaithfeadh (An Stát) nó Státsheirbhísigh a bheith ar meisce le sin a dhéanamh agus ag tabhairt óráide ag ócáid!!!

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    (Gabh mo leithscéal as Gaeilge a scríobh mar ní mór domh a bheith ciúin ag caint Gaeilge i bPríosún ‘Éireannach’, áit a chloistear Béarla agus teangacha eile gan bac ná ciníochas ina n-aghaidh .)

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

  • Liam O

    Abair léi “English woman” le meangadh gáire ort agus beidh sí ar buile sar i bhfad. Tá gach duine feargach faoin méid a that amach ach níl réiteach ar an scéal ach masla a thabhairt dóibh

  • Seán ÓM

    Is í an Roinn Sláinte an roinn is frith-Ghaelaí.
    Tagann an “tuin ó bharr” na heagraíochta.

    Mura ghlacann airí sláinte agus státseirbhísigh sinsearacha lena ndualgaisí teanga, nuair a theiptear orthu go córasach na dualgaisí sin a chomhlíonadh agus nuair a bhíonn siad ag caint seafóide os comhair an Coiste Ghaeilge i dTeach Laighin gan imní ar bith orthu, tugann sé cead fara agus fré do bhiogóidí mar an ceann sa scéal seo a bheith ag maslú cultúir agus teanga “difriúil” nach bhfuil acu.

    Níl an milleán ar an duine sa scéal seo amháin – ach ar an Roinn, an córas agus an cheannasaíocht go léir inti.

    Úsáidimis an téarma ceart:
    “Biogóideacht frith-Ghaelach CHÓRASACH” .

  • Art

    Ba cheart duit litir a scrígh chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine, leis.
    Ihrec.ie