D’ól mé drochphoitín uair amháin agus ba bheag nár chuir sé go doras an bháis mé

Ní inniu ná inné a creideadh go raibh cosaint speisialta ar aicídí sa bpoitín

D’ól mé drochphoitín uair amháin agus ba bheag nár chuir sé go doras an bháis mé

Tá daoine saonta ann i gcónaí a chreideann go daingean go gcoinneodh poitín Covid-19 uait. Dá n-ólfá cúpla gáilleog de anois agus aríst a déarfaidís ní bheadh baol ar bith ort. Deargsheafóid é sin a déarfadh lucht leighis.

Is cinnte gur díghalrán maith é an poitín mar a thuig Micil Distillery nuair a chuir siad díghalrán bunaithe ar phoitín ar an margadh. Ach maidir le bheith á ól, ná bac leis.

Is agamsa atá a fhios: d’ól mé drochphoitín uair amháin agus ba bheag nár chuir sé go doras an bháis mé.

B’éigean fios a chur ar an Dr Mícheál Ó Cathasaigh as Carna. Murach chomh maith agus a chruthaigh sé siúd níl a fhios agam cén deireadh a bheadh liom.

Ní inniu ná inné a creideadh go raibh cosaint speisialta ar aicídí sa bpoitín. Sa mbliain 1918 bhí an Fliú Spáinneach ag spréachadh ar fud an domhain. I bpríosún i Manchain Shasana a bhí an poblachtach Colm Ó Gaora as Ros Muc. Bhí a athair ag fáil bháis agus ligeadh abhaile é ar choinníoll go bhfillfeadh sé ar an bpríosún aríst. D’fhill agus bhí féirín aige ag dul anonn dhó.

Seo mar a chuir sé féin síos air ina leabhar Mise:

“Is é an áit dhéanach a mbeadh súil ag duine le poitín a fháil ann an príosún—go háirid i gcarcair i gceartlár Shasana. Ní ag déanamh gaisce ar bith atáim as, ach thug mise braon de théamh beag isteach i gceann acu.

Ar dhul abhaile dom ar bhás m’athar ba í an achainí dheireanach a chuir mo chomhphríosúnaigh orm bolgaimín de shú an ghráinne eorna a thabhairt chucu ó áit a dhéanta i gConamara. Bhí an slaghdán mór chomh tréan sin i Sasana san am is go ngearrfá le scian é.

Chonaic mé le mó dhá shúil féin triúr gardaí a bhí ár gcumhdach ag titim i mbun a gcos in aon lá amháin is á dtabhairt amach ar mhaidí as an áit.

Cheap na dochtúirí a bhí ina bpríosúnaigh linn féin go mba mhór an gar braoinín den phoitín a bheith in aice láimhe le péist an tslaghdáin mhóir a mharú dá dtagadh orainn. Bhí Dia i bhfabhar linn, ní bhfuair duine amháin de na hocht bhfeara déag a bhí againn ann oiread is daol de..

Más é an poitín, nó nach é, ba chionntsiocair leis níl a fhios agamsa é. Ní abróinn nach de bhíthin an bhia mhaith a bhí á fháil as Éirinn againn é.

Bhí ciapadh agus céasadh á fháil an t-am úd ag muintir Shasana d’uireasa bia. Ní chreidfeá uaim dá n-insínn duit é a laghad bia is a bhíodh á fháil acu sa tseachtain, agus ba rídhona é sin féin. Creidim ó tharla nach raibh múirthéacht le teann ocrais sa tír sin an t-am úd go bhfuil fad ar a saol.

Ag cuartú mo mhála don gharda i láthair an ghobharnóra, ar a theacht ar ais ón mbaile dom, tháinig sé trasna ar bhuidéal cáirt a bhí lán d’uisce mar a cheap sé. Thóg sé an buidéal aníos as an mála agus sheachad sé don ghobharnóir é. Rug seisean air agus chuir sé idir é féin agus léas é.

“Céard atá sa mbuidéal sin agat?” d’fhiafraigh sé díom, agus bhain croitheadh as an mbuidéal a chuir barr súilíní air.

“Lán buidéil d’fhíon geal Chonamara atá agam ann,” d’fhreagraíos féin, gan ceo mairge.

Ní raibh aon fhaitíos orm go gcuirfí cáin orm faoi. An rud ba mheasa a d’fhéadfaidís a dhéanamh liom mé a chur san áit a rabhas—sa bpríosún. Níor cuireadh an scéal thairis sin is fágadh an cárt poitín agam.

Bhí iontas agus áthas ar mo chairde nuair a tharraing mé chucu an buidéal cáirt ar theacht ar ais dom. Sin é an cárt poitín is mó ar baineadh greann riamh as, dá bhfaca mise ar chuma ar bith. Cuireadh i dtaisce é le haghaidh péist an tslaghdáin mhóir dá dtagadh an anachain sin ar cheachtar againn, agus tharla nach dtáinig níor óladh é go dtí an oíche chéanna ar ligeadh saor muid.”

Fág freagra ar 'D’ól mé drochphoitín uair amháin agus ba bheag nár chuir sé go doras an bháis mé'