Doiléire faoin ‘teorainn i Muir Éireann’ agus baol imeacht gan socrú fós ann

Tá an Breatimeacht tarlaithe go hoifigiúil faoi dheireach ach ní mór a bheith airdeallach an bhliain chorrach seo

Doiléire faoin ‘teorainn i Muir Éireann’ agus baol imeacht gan socrú fós ann

Sin é. 1,317 lá nó breis is trí bliana go leith i ndiaidh an reifrinn tá an Ríocht Aontaithe imithe as an Aontas Eorpach. Chiúnaigh an díospóireacht i Sasana amhail is gurb é 11.00pm Dé hAoine seo thart an ceann scríbe. Bhí blas den neamhshuim chéanna follasach sa Phoblacht ach níorbh amhlaidh an scéal anseo taobh thuaidh den teorainn.

Tá Tuaisceart Éireann imithe as an AE dá bhuíochas agus an chéad chéim, an conradh aistarraingthe curtha i gcrích. Cúis ghairdis ab ea é sin don bheagán a chroch bratach na Ríochta Aontaithe lena cheiliúradh, ach údar imní é don mhóramh. Bua Piorrach é don DUP, an páirtí a chuaigh i gcleamhnas leis an lucht imeachta ba mhíchuibheasaí, ach a caitheadh i leataobh nuair a rinne an Príomh-Aire an socrú a raibh siad dubh dóite ina choinne. Nuair a ghlac Boris Johnson leis go gcaithfí teorainn chrua in Éirinn a sheachaint ghlac sé le forálacha speisialta do Thuaisceart Éireann.

Maítear go bhfuil níos mó ná an 56% a vótáil abhus in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016 ina choinne anois; léirigh pobalbhreitheanna méadú seasta. Caithfear déileáil leis an fait accompli, áfach.

Fearacht Pharlaimint na hAlban agus Tionól na Breataine Bige a vótáil in aghaidh chonradh aistarraingthe an Phríomh-Aire Boris Johnson, thug Tionól Stormont an t-eiteachas dó d’aon ghuth ar an 20 Eanáir. Iompú suntasach ab ea é ag an DUP atá fós ag iarraidh brú a chur ar Johnson a chinntiú nach ndéanfar idirdhealú ar bith idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann.

Cén seans go dtabharfar aon aird orthu? Fuair siad amach nuair a rinne Johnson a mhargadh nárbh fhiú tráithnín an tionchar a shíl siad a bhí acu. Bhí an ceacht céanna foghlamtha ag an 56% de vótóirí an tuaiscirt a bhí in aghaidh an Bhreatimeachta agus a fuair an chluas bhodhar le trí bliana.

’Sé freagra an Phríomh-Aire Johnson ar cheisteanna faoi chúrsaí trádála idir an Bhreatain Mhór agus an Tuaisceart ná nach mbeidh aon srian i gceist. Tá sé sin ag teacht salach ar léamh an AE ar an gconradh a rinneadh leis an mBreatain.

Dúirt Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an AE go mbeadh seiceálacha ar earraí ag teacht isteach sa Tuaisceart ón mBreatain Mhór éigeantach. Ba chuid riachtanach é sin den chonradh, a dúirt Michel Barnier is é ar chuairt ar Bhéal Feirste. Chinntigh roghanna na Ríochta Aontaithe go mbeadh trádáil neamhshrianta dodhéanta, ar sé. Thuig sé gur údar imní é sin, ach ceann d’iarmhairtí an Bhreatimeachta é a chaithfí a bhainistiú.

Bheadh na seiceálacha riachtanach mar go mbeadh an Ríocht Aontaithe imithe as aontas custam an AE ach coinníollacha éagsúla ann i gcás Thuaisceart Éireann. Bheadh rialacha custaim an AE i dtaca le hearraí déantúsaíochta agus talmhaíochta i réim sa Tuaisceart agus cód custaim na hEorpa á chur i bhfeidhm ag calafoirt.

Ní bheidh sé soiléir cén sórt seiceála a bheidh i gceist go mbeidh críoch leis an idirbheartaíocht, agus margadh déanta nó an Riocht Aontaithe imithe gan socrú.

Tá an Príomh-Aire Boris Johnson diongbháilte, a deir sé, go gcuirfear clabhsúr ar an obair faoi dheireadh na hidirthréimhse, sin deireadh na bliana seo.

B’fhéidir gur údar dóchais é go bhfuil Johnson cinnte de gur féidir an obair a dhéanamh in achar chomh gearr sin. B’fhéidir go bhfuil rún aige ‘ailíniú’ leis an AE, is é sin go gcloífeadh an tír le coinníollacha an AE.

Dá réir sin d’fhéadfaí socrú saorthrádála a dhéanamh gan stró. Chosnófaí margadh aonair an AE (agus na hÉireann mar chuid de) agus ní bheadh oiread sin fadhbanna custaim ann.

Is féidir léamh diúltach a dhéanamh ar dhearcadh Johnson freisin, áfach. B’fhéidir gurb amhlaidh go mbeidh an craiceann is a luach á éileamh aige agus gur imeacht gan socrú a bheidh ann dá bharr. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag a leithéid do na hiarrachtaí maidir teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Ní hiontas go raibh feirmeoirí, lucht gnó, comhlachtaí miondíola agus iompróirí ag iarraidh eolais agus soiléire le seachtain anuas. Bhí an léamh céanna le Michel Barnier ag a bhformhór ar an gconradh idir an tAE agus Boris Johnson, beag beann ar mholadh Johnson do dhaoine foirmeacha seiceála a chaitheamh sa mbruscar.

Deir iompróirí go mbeidh ualach mór oibre i gceist le teastais iontrála agus eiseachadta d’earraí agus nach bhfuil faisnéis ná comhairle faighte acu, ní áirím tacaíocht.

Ba iad na hiascairí an t-aon dream a mhaígh gur cor dearfach é imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. Ach bhí fainic acusan leis, údar caithréime a bheadh ann fad is nach ligfí cearta iascaireachta le sruth ar mhaithe le margadh faoi sheirbhísí airgid nó a leithéid.

Beidh an mhargaíocht faoin iascaireacht dian deacair agus is liosta le háireamh na ceisteanna a chaithfear a fhuascailt chun margadh a dhéanamh. Is cosúil gurb í an chéad cheist a bheidh le cíoradh cé aige a bhfuil an ceart faoin margadh idir an tAE agus Boris Johnson, an prótacal Éireannach san áireamh.

Fad is a bheidh sé sin ar siúl leanfar leis an nguagacht atá múscailte ag an mBreatimeacht faoin gceist bhunreachtúil. Beidh poblachtánaithe agus náisiúnaithe eile ag leanúint lena bhfeachtas ag iarraidh pobalbhreith faoin teorainn. Ar an lámh eile, tá míshuaimhneas á choipeadh i measc dílseoirí agus roinnt aontachtaithe faoin ‘teorainn i Muir Éireann’; tá agóidí á mbagairt in éadan ‘Éire aontaithe’ ó thaobh na heacnamaíochta agus sioscadh faoi bhaol foréigin.

Mas fíor tuairiscí áirithe fógróidh Boris Johnson go luath go bhfuil sé sásta glacadh le taraif ionas nach mbeidh ar an Ríocht Aontaithe glacadh le rialacha ón mBruiséil. Is cinnte gur Breatimeacht crua a bheidh ann má tharlíonn sin.  

Ní mór a bheith airdeallach an bhliain chorrach seo.

Fág freagra ar 'Doiléire faoin ‘teorainn i Muir Éireann’ agus baol imeacht gan socrú fós ann'