Dóchas ann go dtiocfar ar shocrú faoi shos ón troid

Dúirt Benjamin Netanyahu go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus deir Hamas go bhfuil siad gar do 'chomhréiteach faoi shos troda'

Dóchas ann go dtiocfar ar shocrú faoi shos ón troid

Dúirt Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna hiarrachtaí atá ar bun na gialla atá á gcoinneáil i Stráice Gaza a thabhairt abhaile.

“Tá súil agam go mbeidh dea-scéala againn,” a dúirt Netanyahu.

Ina ráiteas féin dúirt Hamas go raibh an grúpa sin an-ghar do theacht ar “chomhréiteach faoi shos troda” le hIosrael, údar dóchais go mb’fhéidir go dtiocfaí ar shos sa troid in Gaza agus go saorfaí gialla.

Agus faoiseamh ann ón troid, dhéanfaí príosúnaigh Phalaistíneach a shaoradh mar mhalairt ar ghialla atá á gcoinneáil ag Hamas.

Le linn na hidirbheartaíochta seo, tairgeadh an malartú sin a dhéanamh ina chéimeanna de réir a chéile ach tá roinnt feisirí i rialtas Iosrael ag éileamh go scaoilfí gach aon duine a fuadaíodh as Iosrael saor ag an am céanna.

Dúirt Hamas gurb é atá á éileamh acusan go mbeadh sos cogaidh ann agus go scaoilfí saor as príosúin Iosrael gach príosúnach Palaistíneach.

Tá sé ráite roimhe seo ag Benjamin Netanyahu nach n-éireodh Iosrael as an gcogadh go dtí go mbeadh na gialla ar fad ar ais sa mbaile.

Dúirt eadránaí as Catar go raibh na cainteanna “níos gaire ná a bhí go dtí seo” do theacht ar réiteach.

Ar an Luan dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, go raibh sé beagnach ina mhargadh faoi shos sealadach sa troid le deis a thabhairt na gialla a thabhairt abhaile as Gaza slán sábháilte.

Bhí Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge lárnach ó thaobh comhaontuithe a thabhairt ina chéile roimhe seo agus bhí cruinnithe ag an gCoiste sin le Hamas i gCatar le déanaí.

Má tá sos comhraic á réiteach, níl aon fhaoiseamh ag muintir Gaza ón gcogaíocht agus é fógartha ag arm Iosrael go bhfuil cathair Jabalia sa tuaisceart timpeallaithe acu.

I ndeisceart na Liobáine, mharaigh scairdeitleáin chogaidh Iosrael triúr, iriseoirí ab ea beirt acu. Mhaígh Iosrael gur spriocanna de chuid Hezbollah sa gceantar a bhí á mbuamáil acu.

D’fhógair aireacht sláinte Gaza, atá á rith ag Hamas, go raibh 13,300 duine maraithe ag ionsaithe Iosrael agus gur pháistí breis is 5000 acusan.

Sna figiúirí is déanaí ó áisíneacht teifeach na Náisiún Aontaithe, deirtear go bhfuil beagnach 1.7 milliún duine díshealbhaithe i Stráice Gaza ó thosaigh an t-ionradh 46 lá ó shin.

Dúradh chomh maith gur mná, páistí agus seandaoine a bhí i 75 % den bhreis is 13,000 Palaistíneach a maraíodh in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair.

Dúirt Abeer Etefa, urlabhraí ón Chlár Domhanda Bia, gur ar éigean atá soláthar bia ná uisce “ar bith” fágtha in Gaza.

“Tá cúrsaí tubaisteach ansin,” a dúirt sí le Al Jazeera.

“Tá an t-ocras ag bagairt anois díreach ar shibhialtaigh ansin.”

Thosaigh Iosrael ag ionsaí Gaza ar an 7 Deireadh Fómhair tar éis do throdairí de chuid Hamas ruathar a thabhairt thar teorainn, 1,200 a mharú go míthrócaireach agus os cionn 200 duine eile idir óg agus aosta a fhuadach leo mar ghialla.

Fág freagra ar 'Dóchas ann go dtiocfar ar shocrú faoi shos ón troid'