Dóchas ag ceolchoirm ar son Gaza sa Spidéal      

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige a chuir tús bríomhar le ceolchoirm ar son Gaza sa Spidéal le déanaí  

Dóchas ag ceolchoirm ar son Gaza sa Spidéal      

“We shall overcome,” a chan an fear leis an ngiotár agus é ina shuí os comhair an tslua. “We shall overcome, some day.” Ní raibh an t-amhrán céanna cloiste agam le fada, cé go mbíodh sé á chanadh go minic ag agóidí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.

Is beag duine sa slua a bhí ag canadh na focail in éindí leis an bhfear. Ní hé go raibh aon locht ar an bhfonnadóir, bhí sé ag déanamh a dhíchill. B’fhéidir nach raibh na focail ar eolas ag na daoine óga a bhí i láthair. B’fhéidir nach raibh an oiread sin dóchais fágtha ag an gcuid eile againn.

Ba é Enda McCabe fear an ghiotáir agus bhí sé ag casadh ag ceolchoirm ar son Gaza a bhí ar bun amuigh faoin aer ag Ceardlann an Spidéil le gairid. Bhí saorchead isteach chuig an gceolchoirm, ach bhí deis ag daoine airgead a dheonú. Agus bhí t-léinte a rinneadh sa Spailpín Fánach sa gCeardlann ar díol le linn na hócáide agus aon bhrabach ar na t-léinte sin le dul i dtreo mhuintir na Palaistíne.

Ba é Gearóid Ó Murchú, ón siopa An Spailpín Fánach, chomh maith le roinnt daoine ón ngrúpa i gCois Fharraige a bhíonn ag feachtasaíocht ar son Gaza, a d’eagraigh an ócáid.

Ba iad an óige is túisce a tháinig chun stáitse. Ceoltóirí Óga Chois Fharraige a chuir tús bríomhar le cúrsaí go gairid tar éis a dó a chlog agus iad feistithe sna t-léinte gorma.

Ina ndiaidh sin, bhí na fir óga Luán agus Caomhán Mac Con Iomaire ar stáitse, ag tionlacan a n-athar Ruairí, an triúr acu ag casadh go paiseanta.

“Is dóigh nach bhfuil mórán cleachtaidh ag an lucht féachana ar an méid a bheas faoi chaibidil agam sa gcéad amhrán eile,” a dúirt Colm Seoighe sular thosaigh sé ag rá ‘Ag Piocadh Faochan’.  Cá bhfios, a Choilm! Bhí Colm d’uireasa na mball eile de Na hEasógaí, ach bhí sé féin lánábalta beocht a chur in amhráin bharrúla an bhanna úd.

Chaith sé beagán báistí ar feadh píosa, ach níor chuir sin an ruaig ar na daoine a bhí i láthair ná ar an dream a bhí ag dul thart ag bailiú airgid i mbuicéid.

Ba dheacair gan cuimhneamh ar na laethanta speisialta úd nuair a bhíodh an Traidphicnic á reáchtáil i bhfoisceacht na Ceardlainne go dtí gur tháinig deireadh léi i samhradh 2019. Go deimhin, bhí baill de choiste na Traidphicnice gníomhach in eagrú na ceolchoirme ar son Gaza.

Agus tugadh chun cuimhne chomh maith Spats Colombo, a scoir in 2017, nuair a tháinig iarbhall den bhanna iontach ildánach úd, an t-amhránaí Rhona Ní Chearbhaill, chun stáitse in éindí le Breandán Ó hEaghra ar an ngiotár. Chan an bheirt acu meascán an-suimiúil d’amhráin, cuid acu nach gcloistear sách minic.

Ba iad beirt bhall de Na Fíréin – Gearóid Ó Murchú agus Colm Mac Séalaigh – a chuir críoch thaitneamhach leis an tráthnóna. Bhíodar á dtionlacan ag Vincent Kennedy ar an trumpa, a chuir go mór leis an gceol.

Níor tugadh aon óráid le linn na ceolchoirme. Ní raibh gá leis.

“Ní gá a bheith ag bualadh daoine ar an gcloigeann le teachtaireachtaí,” a dúirt duine liom. “Tuigeann na daoine atá tagtha anseo inniu go bhfuil cúrsaí go dona in Gaza agus ar an mBruach Thiar.” Agus b’fhíor sin. Thuigeamar, nó shíleamar gur thuig.

Ansin shiúil bean as an slua, sheas sí ag an maidhc agus thosaigh sí ag canadh. Ba in í an t-amhránaí Róisín Elsafty agus chan sí amhrán a cumadh breis is scór blianta ó shin, ‘An Phalaistín’. Ní fhéadfaí críoch níos feiliúnaí a chur leis an tráthnóna. Ní raibh tada eile le rá.

Bhí an sé a chlog caite agus bhí an bháisteach fillte agus í ag titim go fras agus daoine ag fágáil. “Tá dóchas caillte ag roinnt maidir le Gaza,” a dúirt bean atá thar a bheith gníomhach ag eagrú imeachtaí leis an slad sa tír sin a choinneáil i mbéal an phobail.

“Tá géarghá le hócáidí mar seo chun ardú meanman a thabhairt do dhaoine. Ní féidir luach a chur ar an dóchas,” a dúirt sí agus í ag cabhrú le cuid den trealamh fuaime a bhaint anuas.

Is cinnte gur thug an cheolchoirm sa gCeardlann dóchas dóibh siúd a bhí i láthair.

Bailíodh suas le €5,000 de bharr na ceolchoirme. Roinneadh formhór den airgead sin idir na carthanachtaí Fondúireacht Nour, atá ag tacú go díreach le clanna in Gaza, agus People 2 People a bhfuil sé ar cheann dá gcuid spriocanna uisce glan a sholáthar do mhuintir Gaza.

Seoladh an t-airgead a fritheadh ón leathchéad T-léine a díoladh ar an lá chuig Gaeil Ar Son Gaza, grúpa atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise is a bhíonn ag feachtasaíocht ar son na Palaistíne.

‘We shall live in peace, some day’ a canadh níos luaithe sa lá. Amhrán é a bhfuil a bhunús in aimsir na sclábhaíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa 19ú haois agus a bhíodh á chanadh ag léirsithe éagsúla ar son cearta sibhialta sna 1950idí is sna 1960idí go háirithe.

Some day, go deimhin. Ach cé chomh fada eile a bheas ar mhuintir Gaza agus ar mhuintir an Bhruaigh Thiar fanacht? Níl sé de phribhléid acusan dóchas a chailleadh.

Fág freagra ar 'Dóchas ag ceolchoirm ar son Gaza sa Spidéal      '

  • Pádraig

    Comhghairdeas libh – an-obair!