Maigh Cuilinn v Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach – Staid an Phiarsaigh, 7.30pm
Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe faoi shoilse den chéad uair riamh anocht agus dhá fhoireann ón taobh thiar den Choirib, Maigh Cuilinn agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, le haghaidh a thabhairt ar a chéile i Staid an Phiarsaigh.
Ní raibh an dá chumann á lua i measc phiardaí móra na peile i nGaillimh fiú deich mbliana ó shin ach níl aon amhras ach go bhfuil siad ar phéire de na cumainn ba láidre sa gcraobh shinsir ó shin i leith.
Is mó i bhfad atá bainte amach ag Maigh Cuilinn san achar sin. Bhuaigh an cumann Corn Mhic an tSionnaigh den chéad uair riamh in 2020 agus thug siad leo arís é in 2022. Is é cluiche ceannais an lae inniu an ceathrú cheann as a chéile ag Maigh Cuilinn agus cúig cinn bainte amach acu in imeacht sé bliana.
Trí chraobh shinsir ar fad atá buaite ag Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach – 1990, 2005 agus 2012 – agus cé go bhfuil trí cinn eile de chluichí ceannais bainte amach ag an gcumann ón mbua is déanaí sin in 2012, níl aon duine i nGaillimh a déarfadh gur bhain siad an tairbhe is fearr as na foirne cumasacha a bhí acu ó shin.
Bhí go leor den tuairim go gcuirfí sin ina cheart in 2025. Seisear ó Bhóthar na Trá a bhí ar phainéal na Gaillimhe i mbliana – Daniel O’Flaherty, Tomo Culhane, Cathal Sweeney, Rob Finnerty, Matthew Thompson agus John Maher – agus fuair an triúr deireanach acu siúd ainmniúchán do ghradaim All-Star i mbliana.
Bhí Bóthar na Trá go maith gan a bheith iontach sa gcéad chuid den chraobh ach bhaineadar barr a maitheasa amach sa gcéad leath den chluiche ceannais nuair a rinneadar scrios ar Chora Finne agus iad trí phointe dhéag chun cinn ag leath ama. Ar an drochuair bhris John Maher cnámh ina rúitín sa gcluiche céanna agus chlis go hiomlán ar Bhóthar na Trá sa dara leath agus bhí an t-ádh leo nár chailleadar an cluiche.
Fágann sin go bhfuil go leor de na ceisteanna atá ann faoin bhfoireann seo fós le freagairt agus is cinnte go gcuirfidh Maigh Cuilinn scrúdú ceart orthu.
Ach an oiread le Bóthar na Trá, ní raibh Maigh Cuilinn i mbarr a maitheasa ag tús na craoibhe agus cuid mhaith imreoirí ó fheachtas na bliana seo caite ar iarraidh orthu. Duine acu siúd é Peter Cooke, atá ag obair i Meiriceá, ach bhí an t-imreoir contae sa mbaile don chluiche leathcheannais i gcoinne Réalta Thuama agus ba é a chas an taoide i bhfabhar Mhaigh Cuilinn tar éis dó teacht isteach sa dara leath.
Tá Niall Walsh ag imirt thar barr sa líne leatosaithe agus Dessie Conneely chomh cruinn is a bhí ariamh laistigh. Tá deartháireacha Uí Cheallaigh – Eoghan, Seán agus Paul – i gcroílár na foirne go fóill agus bhí an-bhliain freisin ag fear Uíbh Fhailí, Johnny Moloney.
Dá mbeadh John Maher ar fáil do Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, thabharfá an-seans dóibh an chraobh a thabhairt leo anocht ach, dá uireasa, tá an-seans ag Maigh Cuilinn an corn a bhuachan den tríú huair.
Beidh foireann Ghaeltachta eile ag imirt ansin níos túisce tráthnóna agus Carna-Caiseal le haghaidh a thabhairt ar Bhaile Liam i gcluiche ceannais Phríomh-Chraobh Shóisir na Gaillimhe ag 5.30pm.

Tá Carna-Caiseal tagtha slán as roinnt coimhlintí crua go dtí seo i mbliana agus iad ag iarraidh an Chraobh Idirmheánach a bhaint amach den chéad uair ó 2020. Ciceanna éirice a scar iad féin agus An Fhairche óna chéile i gcluiche leathcheannais an Iarthair thiar ar an bPlantation ach tháinig Carna-Caiseal slán, mar a rinne siad sa gcluiche ceannais i gcoinne Éire Óg/Cumann an Athar Uí Ghríofa. Bhí Carna-Caiseal trí phointe chun deiridh sa gcluiche sin agus an t-am nach mór caite ach d’aimsigh Dara Ó Cualáin dhá scór dhá phointe in am cúitimh chun bua 2-15 in aghaidh 2-14 a thabhairt d’fhir Iorras Aithneach.
Cluiche crua eile atá rompu tráthnóna, áfach agus Baile Liam díreach tagtha anuas ón ngrád idirmheánach. Tosach den scoth é Garry Kelly agus caithfear greim a choinneáil air más le Carna-Caiseal an t-aicsean a dhéanamh inniu.
Fág freagra ar 'Peileadóirí Mhaigh Cuilinn sa tóir ar a dtríú craobh shinsir in imeacht sé bliana'